Monday, February 1, 2010

Te Abhus, Fuar Thall

Agus mé ag scríobh léirmheas ar an leabhar is déanaí ó pheann Matt Hussey, ‘An Forthéamh Domhanda’, díríodh m’aire agus mé ag póirseáil ar an idirlíon, ar an tslí a bhfuil athrú tagtha ar conas mar a thagraítear do na himpleachtaí a bhaineann leis an ardú atá tagtha ar thiúchan Déocsaíd Charbóin ó 280 ppm thart ar an mbliain 1800 go dtí 385 ppm i láthair na huaire. Tamall de bhlianta ó shin ba é ‘Téamh Domhanda’ a bhí i mbéal na n-eolaithe. Cé go bhfuil glactha go forleathan leis go bhfuil ardú de 1°C ar mheánteocht an domhain ón mbliain 1970, admhaítear anois nach bhfuil athrú ar bith feicthe le deich mbliana anuas. Is dá bharr sin, measaim, go raibh gá le hainm eile a bhaisteadh ar na hiarmhairtí, mar atá ‘Athrú Aeráide’. Eanáir te in Seattle, Eanáir measartha fuar anseo in Connecticut, Eanáir préachta in Éirinn. Rithfeadh sé le duine go bhfuil éagothromaíocht aeráide i gceist. Ach nach raibh sé riamh amhlaidh? Cuimhnigh ar gheimhreadh 1947 in Éirinn, nó ar blizzard Feabhra 1978 anseo in Connecticut. Sé fírinne an scéil go bhfuil agus go raibh an aeráid riamh guagach agus nach bhfuil ar ár gcumas faoi láthair mionshamhlú (modeling) muiníneach a cheapadh di.

5 comments:

  1. Is dócha go bhfaca tú an t-alt seo ar an NYTimes Déardaoin seo caite faoi laghdú galuisce sa mheán-atmaisféar mar mhíniú ar an maolú ar an athrú sna ndeich mbliana a chuaigh thart.

    ReplyDelete
  2. An mbeidh riamh ar ár gcumas mionsamhail a cheapadh? Go háirithe más fíor don dream a deir go bhfuil athrú nach bhfacathas riamh ag tarlú de bharr gníomhartha daonna? Gan trácht ar dhaonnacht na heolaithe - a bhfuil cuid acu nochtaithe mar cleasaithe? Tá an rud ar fad éirithe beagnach chomh guagach le ceist creidimh faoi seo, faraor.

    ReplyDelete
  3. "An mbeidh riamh ar ár gcumas mionsamhail a cheapadh"

    Mar gheall ar anord ní bheidh riamh

    ReplyDelete
  4. Dennis: Tharla nach bhfaca agus go raibh maith agat as m’aire a dhíriú ar an alt. Ach ceist agam ort. Más fíor go bhfuil uisce na bhfarraigí ag téamh beagán (rud a chreidim féin) agus go méadaítear ráta galú uisce le hardú teochta san fharraige, tuige go bhfuil laghdú tagtha ar thiúchan an ghaluisce sa mheánatmaisféar? Deirtear san alt úd nach fios, agus tá a leithéid sin ar na nithe a chuireann as dom agus mé ag léamh faoi chinnteacht na n-eolaithe i dtaobh ‘An Forthéamh Domhanda’. Agus mé ag obair mar cheimiceoir, bhíodh an-leasc orainne dul ó “bunaithe ar a bhfuil ar eolas againn” go dtí “táimid deimhneach de”. Ag admháil neamhiomláine ár n-eolais a bhímis, rud nach ionann agus meatacht.

    ReplyDelete
  5. Níl eolaíocht i gceist níos mó, a Sheáin, ach creideamh. Is iontach mar a d'éirigh 'téamh domhanda' ina 'forthéamh' le tamall anuas, mar a thugann tú faoi deara. Fainic! Tá an spéir at titim!

    ReplyDelete