Wednesday, February 24, 2010

Na Cloigne: TG4

Mura bhfuil an dráma seo feicthe agaibh, b’fhiú go mór dul ar líne ag TG4 agus an chartlann ‘Dráma’ a chuardach. Dráma trí eipeasóid atá ann agus idir ghrá, mhídhílseacht, ragairne, dhúnmharaithe agus dhiamhracht ag baint leis. Gan aon agó, ba é an clár ba shuimiúla é dá bhfaca mé riamh ar TG4. Osréalachas agus paranormáltacht ag baint leis, ach is fearr gan a thuilleadh a rá faoi ar eagla go loitfinn an t-eispéireas atá romhat.

2 comments:

  1. Aguisín Beag

    Níor thagair mé do na haisteoirí, a bhí inchreidte den chuid is mó, agus don dea-Ghaeilge, Gaeilge nádúrtha intuigthe. Ní raibh ach gearán amháin agam: na fotheidil. Tarlaíonn amanntaí, gur cabhair dom iad cionn is nach dtuigim a bhfuil á rá ag na haisteoirí, go háirithe iad siúd atá mantach, ach sa chás seo, ní raibh a dhath de dheacracht agam. Mé ag súil, nuair a thagann craoladh digiteach i bhfeidhm, go mbeidh ar ár gcumas na fotheidil a cheilt.

    ReplyDelete
  2. Tá mé díreach tar éis súil a thabhairt ar an suíomh agus an méid atá ann faoin dráma a léamh. Bainfidh triail as an bhfíseán anois. Ach, bhí rud amháin ann a bhain gáire asam: na litreacha Gujarati atá le feiceáil ag tús an chlip. Is dócha go bhfuil siad ann le rud éigin “saol-eileach” a chur in iúl. Teachtaireacht ón Aos Sí ?!
    ;-)

    ReplyDelete