Thursday, February 18, 2010

Momento II

Ba é ba chúis dom an píosa ‘Momento’ a sheoladh chugaibh ná an focal ‘luaithreach’ a bheith sa leagan Gaeilge seachas an focal ‘deannach’ a mbeinn ag súil leis. Is ón Bíobla Naofa (An Sagart, 1981) a fuair mé an leagan Gaeilge. Ón bhfoclóir Laidine is fearr dá bhfuil agam, ciallaíonn ‘pulvis’ deannach, púdar, cé go bhfuil tagairt d’údar amháin, Q. Horatius Flaccus, a bhain an bhrí ‘luaithreach’ as.

Ag filleadh ar na foclóirí Gaeilge tá ‘Cré ag imeacht ins luaithreach’ (clay turning to dust) ag Ó Dónaill, cé nach bhfuil an bhrí sin le fáil i m’eagrán de Dinneen a bhfuil ‘ashes, cinders’ amháin aige. Is in Geineasas a fhaightear an rabhadh ‘Óir is luaithreach tú…’ agus ba in Eabhrais a scríobhadh an leabhar sin. Is iomaí aistriúchán atá déanta ar an mbuntéacs: ón Eabhrais go dtí an Ghréigis agus an Laidin, agus ón Laidin go dtí teangacha eile. Ar an drochuair níl aon fo-nóta faoi ‘dust’ san imleabhar ‘Genesis’ le E.A. Speiser, Anchor Bible, Doubleday, 1981, aistriúchán a rinneadh go díreach ón Eabhrais. Só, fágaim agaibh é. Luaithreach nó deannach, nó go fiú ‘ithir’. Braitheann sé sa deireadh ar cén chaoi a adhlactar thú, id chorp, nó id luaithreach.

2 comments:

  1. An chiall atá leis an bhfocal Eabhraise עָפָר (afar) ná “deannach, dusta, bruar ithreach”, go bhfios dom. Ach bhí an chiall chéanna leis an bhfocal “lúaithred” sa Sean-Ghaeilge, de réir DIL. Baineadh úsáid as “lúaithred” le “pulvis” a aistriú chomh fada siar le Gluaiseanna Mhilan. Ó thaobh na séimeantaice de, is dócha go raibh uigeacht an ruda seo níos tábhachtaí ná a chomhshuíomh ceimiceach; .i. má tá sé mín is mianrach, luaithreach atá ann, is cuma cad as dó.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, Dennis. Bhí mé ag súil go bheifeá in ann cur leis an eolas faoi luaithreach agus dust. Mo náire nár cheadaigh mé na gluaiseanna. Leithscéal ar bith agam.

    ReplyDelete