Friday, February 12, 2010

Bithbhreoslaí?

Tá alt san NYT inniu (http://www.nytimes.com/2010/02/12/business/energy-environment/12biofuel.html?ref=business) a deireann go bhfuil staid agus fóirdheontais an AE i leith bithbhreoslaí i mbaol ar chúiseanna a bhaineann le hastaíocht Déocsaíd Charbóin de bharr a ndéantúis. Is suimiúil mar thuarascáil é agus cuireann sé i gcuimhne dom a raibh le rá ag Matt Hussey i dtaobh na mbithbhreoslaí céanna ina leabhar ‘An Forthéamh Domhanda’. Mar is eol daoibh agus mé ag scríobh faoi shaothar Hussey, ní ghlacaim go huile lena bhfuil le rá aige sa leabhar, ach measaim go raibh anailís chúramach déanta aige i gcás na mbreoslaí sin.

1 comment:

  1. Ceist chasta na breoslaí seo. Ní dóigh liom go bhfuil leigheas in aon bhreosla a bhfuil talamh curaíochta agus fuinneamh de dhíth chun é chuir ar fáil.

    ReplyDelete