Wednesday, February 24, 2010

Na Cloigne: TG4

Mura bhfuil an dráma seo feicthe agaibh, b’fhiú go mór dul ar líne ag TG4 agus an chartlann ‘Dráma’ a chuardach. Dráma trí eipeasóid atá ann agus idir ghrá, mhídhílseacht, ragairne, dhúnmharaithe agus dhiamhracht ag baint leis. Gan aon agó, ba é an clár ba shuimiúla é dá bhfaca mé riamh ar TG4. Osréalachas agus paranormáltacht ag baint leis, ach is fearr gan a thuilleadh a rá faoi ar eagla go loitfinn an t-eispéireas atá romhat.

Thursday, February 18, 2010

Momento II

Ba é ba chúis dom an píosa ‘Momento’ a sheoladh chugaibh ná an focal ‘luaithreach’ a bheith sa leagan Gaeilge seachas an focal ‘deannach’ a mbeinn ag súil leis. Is ón Bíobla Naofa (An Sagart, 1981) a fuair mé an leagan Gaeilge. Ón bhfoclóir Laidine is fearr dá bhfuil agam, ciallaíonn ‘pulvis’ deannach, púdar, cé go bhfuil tagairt d’údar amháin, Q. Horatius Flaccus, a bhain an bhrí ‘luaithreach’ as.

Ag filleadh ar na foclóirí Gaeilge tá ‘Cré ag imeacht ins luaithreach’ (clay turning to dust) ag Ó Dónaill, cé nach bhfuil an bhrí sin le fáil i m’eagrán de Dinneen a bhfuil ‘ashes, cinders’ amháin aige. Is in Geineasas a fhaightear an rabhadh ‘Óir is luaithreach tú…’ agus ba in Eabhrais a scríobhadh an leabhar sin. Is iomaí aistriúchán atá déanta ar an mbuntéacs: ón Eabhrais go dtí an Ghréigis agus an Laidin, agus ón Laidin go dtí teangacha eile. Ar an drochuair níl aon fo-nóta faoi ‘dust’ san imleabhar ‘Genesis’ le E.A. Speiser, Anchor Bible, Doubleday, 1981, aistriúchán a rinneadh go díreach ón Eabhrais. Só, fágaim agaibh é. Luaithreach nó deannach, nó go fiú ‘ithir’. Braitheann sé sa deireadh ar cén chaoi a adhlactar thú, id chorp, nó id luaithreach.

Wednesday, February 17, 2010

Momento

Momento homo quia pulvis es et in pulverem reverteris.

Cuimhnigh a dhuine gur luaithreach tú agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.

Tuesday, February 16, 2010

Yukiguni




Agus mé im shuí anseo im leabharlann/seomra staidéir/ táim ag féachaint amach an fhuinneog ar an sneachta atá ag titim anois ó bhreacadh an lae. Cuireann an tírdhreach i gcuimhne dom an samhradh a chaith mé ag dianchúrsa Seapáinise in Ollscoil Yale. Ní hamháin gur mise an té ab aosta de fiche bliain den dháréag macléinn, ach bhí mé i gceannas grúpa taighde i saotharlanna Bristol-Myers in Wallingford, 15 míle slí ó New Haven mar a bhfuil Yale. Sé a bhí i gceist agam an dá thrá a fhreastal agus ba bheag nár chloígh an samhradh sin mé. Bhí an t-uafás obair bhaile le déanamh don chúrsa, cúpla céad kanji le cur de ghlan mheabhair agam, scrúdú comhrá in aghaidh na seachtaine agus an-bhrú orainn sa chomhlacht críoch a chur le scéim chun líon na samplaí a láimhseálfaí sna saotharlanna in Tokyo a mhéadú faoi dheich. I ngar do dheireadh an chúrsa agus gan ach 300-400 kanji foghlamtha agam, thug an múinteoir sinsearach leabhar dom tráthnóna Aoine agus d’ordaigh dom an chéad leathanach a bheith aistrithe agam thar an deireadh seachtaine. Yukiguni le Kawabata Yasunari ab ea an leabhar. Ciallaíonn ‘Yukiguni’ Tír an tSneachta agus tosaíonn an leabhar le traein ag brúchtadh amach as tollán isteach i dtír atá go huile is go hiomlán faoi sneachta. Ar chaoi éigin, le cabhair foclóir leictreonach a bhí ceannaithe agam in Tokyo, d’éirigh liom an t-aistriúchán a chríochnú oíche Dé Domhnaigh. B’uafásach deacair mar leabhar é, dar liomsa, ach bhí an múinteoir sásta le m’iarracht agus chríochnaigh mé an cúrsa le A-. Agus cén fáth, a deir sibh, gur chuir tú an oiread sin stró ort féin? Well, bhí mé i dteideal bheith freagrach as leath den fhoireann taighde sna saotharlanna in Tokyo agus bhí mé meáite de go gcaithfinn bheith in ann labhairt leis na daoine a bhí ‘ag obair ag na binsí’ in Tokyo seachas bheith ag brath ar an dorn beag ceannairí a raibh Béarla acu. Den chuid is mó, d’éirigh liom, ach gach uair a fheicim sneachta ag titim, tagann ‘Yukiguni’ chun cuimhne dom láithreach bonn baill.

Friday, February 12, 2010

Bithbhreoslaí?

Tá alt san NYT inniu (http://www.nytimes.com/2010/02/12/business/energy-environment/12biofuel.html?ref=business) a deireann go bhfuil staid agus fóirdheontais an AE i leith bithbhreoslaí i mbaol ar chúiseanna a bhaineann le hastaíocht Déocsaíd Charbóin de bharr a ndéantúis. Is suimiúil mar thuarascáil é agus cuireann sé i gcuimhne dom a raibh le rá ag Matt Hussey i dtaobh na mbithbhreoslaí céanna ina leabhar ‘An Forthéamh Domhanda’. Mar is eol daoibh agus mé ag scríobh faoi shaothar Hussey, ní ghlacaim go huile lena bhfuil le rá aige sa leabhar, ach measaim go raibh anailís chúramach déanta aige i gcás na mbreoslaí sin.

Wednesday, February 10, 2010

Géineacha agus Luas

San iris Science, 5 Feabhra, tá cur síos gearr ar chomhlacht nua i gcontae Chill Dara darb ainm Equinome. Deir Emmeline Hill, taighdeoir géineolaíochta i gColáiste na hOllscoile BhÁC, ar comhbhunaitheoir an comhlachta í, gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir capaill ar fearr iad mar rábálaithe (sprinters) agus capaill a bhfuil seasmhacht níos buaine acu. Braitheann an t-idirdhealú ar thástáil ghéiniteach, ar chostas € 1000, a léiríonn cé acu an bhfuil dhá chóip den leagan T nó dhá chóip den leagan C den ghéin ‘myostatin suppressor’ ag an gcapall. Más leagan C amháin atá ag an gcapall, is fearr é mar rábálaí agus más leagan T amháin atá aige, is fearr seasmhacht an chapaill. Níl an bunpháipéar léite agam (caithim dul ar a thóir) ach déarfainn nach bhféadfaí rud ar bith a rá faoi chapall a bhfuil cóip amháin de C agus cóip amháin de T aige.

Cuireann sin i gcuimhne dom mé féin is m’athair, go ndéana Dia trócaire air, ag na rásaí i bPáirc an Fhionnuisce agus é ag iarraidh ‘form’ capaill a ríomhadh ó stair an chapaill faoi chúinsí éagsúla. Cé nár bhuaigh sé a lán, níor chaill sé mórán ach an oiread. Agus, ar ndóigh, fágann an tuarascáil seo i bponc mé faoi cén leagan den ghéin a bhí ag na hógmhná a theith chomh sciobtha sin uaim agus mé im óige.

Wednesday, February 3, 2010

Forthéamh agus Do-Earráideacht

Níl aon dabht ann ach go bhfuil nithe ag tarlú, nithe ar nós leá an Oighir Artaigh sa chaoi go mbeidh an Northern Passage ar oscailt i rith an tsamhraidh i gceann bliain nó dhó. Is léir, freisin, go bhfuil leá as an ngnáth tagtha ar Oighearshruthanna i Meiriceá Theas. Má bhraithim amhrasach faoi roinnt de na tuartha a thagann go rialta ó mhóramh na nEolaithe Oifigiúla, ní hionann sin is a rá go ndiúltaím le gach a bhfuil le rá acu. Tá an ceart ag Aonghus agus Séamas Poncán nuair a luann siad ‘creideamh’ seachas eolaíocht agus iad ag tagairt do roinnt den bhaothchaint a chloistear agus a léitear le tamall anuas. Cuireann sé ‘Do-Earráideacht’ i gcuimhne dom. Mar a luaigh mé cheana, tá cúpla fíric ann nach féidir a sheanadh: an t-ardú ar thiúchan Déocsaíd Charbóin agus gur gás teascheapach é; an t-ardú de 1°C ar mheánteocht an domhain ón mbliain 1970 i leith; an t-ardú atá tagtha ar mheánleibhéal na farraige i rith na mblianta céanna. Ach seachas sin, n’fheadar.
Chuir an focal sin ‘Do-Earráideacht’ scéal beag i gcuimhne dom. Chaith mé cúig bliana déag mar cheimiceoir sa chomhlacht Eli Lilly, ag obair, den chuid is mó, ar frithbheathaigh. Ar na seoda a bhí ag an gcomhlacht i rith an ama sin bhí Vancomycin. Ar chúiseanna atá rud beag ró-theicniúil don bhlag seo (ach cuirfidh mé ar fáil iad d’éinne a bhfuil siad uaidh), mhaítí nach bhféadfadh baictéar ar bith éirí frithsheasmhach i gcoinne Vanco. Agus b’fhíor sin ar feadh i bhfad. Ansin tharla rud nach rabhthas ag súil leis. Fuarthas Enterococcus a bhí frithsheasmhach agus leath an frithsheasmhacht sin go tapa i measc Enterococci eile. Tá Vanco ar an dorn an-bheag frithbheathaigh a chloíonn MRSA. Agus cad a tharla ansin, a deir tú. Well, fritheadh MRSA a bhí frithsheasmhach i gcoinne Vanco agus ba léir gur ‘fhoghlaim’ sé an cleas ó Enterococcus éigin mar gur ar an modh céanna a dhéileáil sé le Vanco. Anois, ar ámharaí an tsaoil, níl an frithsheasmhacht in MRSA ag leathadh go tapa. Ach bi cinnte de go mbeidh “Stop Press” in iris mhíochaine éigin sna blianta atá romhainn. Do-Earráideacht!!!

Monday, February 1, 2010

Te Abhus, Fuar Thall

Agus mé ag scríobh léirmheas ar an leabhar is déanaí ó pheann Matt Hussey, ‘An Forthéamh Domhanda’, díríodh m’aire agus mé ag póirseáil ar an idirlíon, ar an tslí a bhfuil athrú tagtha ar conas mar a thagraítear do na himpleachtaí a bhaineann leis an ardú atá tagtha ar thiúchan Déocsaíd Charbóin ó 280 ppm thart ar an mbliain 1800 go dtí 385 ppm i láthair na huaire. Tamall de bhlianta ó shin ba é ‘Téamh Domhanda’ a bhí i mbéal na n-eolaithe. Cé go bhfuil glactha go forleathan leis go bhfuil ardú de 1°C ar mheánteocht an domhain ón mbliain 1970, admhaítear anois nach bhfuil athrú ar bith feicthe le deich mbliana anuas. Is dá bharr sin, measaim, go raibh gá le hainm eile a bhaisteadh ar na hiarmhairtí, mar atá ‘Athrú Aeráide’. Eanáir te in Seattle, Eanáir measartha fuar anseo in Connecticut, Eanáir préachta in Éirinn. Rithfeadh sé le duine go bhfuil éagothromaíocht aeráide i gceist. Ach nach raibh sé riamh amhlaidh? Cuimhnigh ar gheimhreadh 1947 in Éirinn, nó ar blizzard Feabhra 1978 anseo in Connecticut. Sé fírinne an scéil go bhfuil agus go raibh an aeráid riamh guagach agus nach bhfuil ar ár gcumas faoi láthair mionshamhlú (modeling) muiníneach a cheapadh di.