Friday, January 22, 2010

Léirmheastóireacht na Gaeilge

Bhí sé de rún agam gan focal liom a sheoladh chuig ‘Comhar Nua’ agus gan mo shíntiús a athnuachan tráth a chríochnú. Tharla, áfach, go bhfuil an iris ag teacht chugam fós agus spreag alt le Gabriel Rosenstock in Comhar na Nollag mé chun mo ladhar a shá isteach sa scéal. Foilsíodh mo litir chuig an eagarthóir ina iomlán in Comhar Eanáir. Seo daoibh í.

Ina alt ‘Howl is Abhus’ in Comhar Nollaig i mbliana cuireann Gabriel Rosenstock roinnt ceisteanna faoi chaighdeán na léirmheastóireachta ar shaothair Ghaeilge. Ar na ceisteanna sin tá

“An bhfuil a n-aigne féin ag criticeoirí na Gaeilge nó an bhfuil faisean áirithe á leanúint acu.”

“An bhfuil pobal na Gaeilge chomh beag sin gur dócha go mbeadh aithne phearsanta ag an léirmheastóir agus ag an údar ar a chéile, rud a mhaolódh go mór ar ghéire an léirmheasa.”

“Bíonn,” dar leis, “scríbhneoirí na Gaeilge a chuireann isteach ar chomórtais liteartha an Oireachtais ag súil le léirmheastóireacht t(h)athagach a fháil ar a gcuid saothar, ba dhóigh leat. An é sin a fhaigheann siad i gcónaí?”

“An ceart,” ar sé, “go gcuirfeadh Clár na Leabhar Gaeilge seirbhís léitheoireachta ar fáil, i.e. sula gcuireann údair, go háirithe údair óga, saothar faoi bhráid an fhoilsitheora?”

Iarracht agam anseo freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin sa mhéid go mbaineann siad liomsa.

1) Tá faisean áirithe le feiceáil i bhformhór na léirmheasanna a fhoilsítear in Feasta agus Comhar; iad moltach éadomhain údar- spreagthach. Ní fiú léirmheas domhain anailíseach a scríobh ar fhormhór dá bhfuil á fhoilsiú sa Ghaeilge faoi láthair, mo shaothar féin san áireamh.

2) Iarradh orm faoi dhó léirmheas a scríobh, ceann do Feasta, an ceann eile do Comhar. Níl aithne ar bith agam ar cheachtar den dá údar a bhí i gceist agus tar éis dom na leabhair a léamh faoi dhó, chaith mé roinnt ama ag iniúchadh saol agus saothar na beirte roimh thabhairt faoin léirmheas a scríobh. Ar an lámh eile de, níl aon traenáil agam ina leithéid d’earnáil.

3) Tá ceithre na cúig shaothar curtha isteach agam ar chomórtais liteartha an Oireachtais. De ghnáth bíonn léirmheas na moltóirí an-ghearr, leathanach amháin a bhformhór, ach téann a bhformhór chun smior na ceiste. Ar uaire fuair mé léasadh, ar uaire moladh, ar uaire comhbhrón agus ar uaire ní bhíonn na moltóirí ar aon intinn faoin saothar. Ní bhfuair mé léirmheas baoth riamh, cé go bhfuair mé ceann nó dhó a bhí maslach, dar liom. Cionn is go síníonn an moltóir an léirmheas agus gur minic gur féidir an síniú a léamh, is nós dom dul i dteagmháil leis an moltóir i ndiaidh bronnadh na nduaiseanna agus is fial i gcónaí a roinneann siad a dtuairimí liom, tuairimí a chuidíonn go mór le feabhsú mo chuid scéalaíochta.

4) Bhí, tráth, scéim léirmheastóireachta proifisiúnta ar fáil ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus chuir mé scríbhinn liom isteach ar an scéim sin. Ba luathscríbhinn í a fuair léamh cúramach agus mo shaothar á réabadh ó bhun barr ag an léirmheastóir. ‘A salutary experience’ a thug treoir an-chabhrach dom agus a bhfuil a shéala le feiceáil fós ar gach a scríobhaim. B’fhiú an scéim sin a bhunú arís.

6 comments:

  1. Is dócha go bhfuil sé níos fusa léirmheastóireacht ionraic a dhéanamh nuair nach bhfuiltear á fhoilsiú don saol Fódlach.

    Nuair ná bíonn rud deas le rá agam faoi leabhar (c.f. 1 thuas) ní scríobhaim ar mo bhlag faoi!

    ReplyDelete
  2. Dúirt tú gur scríobh tú léirmheas ar an úrscéal Dún an Airgid. (Shíl mé gur saothar an-éadrom a bhí ann, dála an scéil, chuile chuid de déanta as cairtchlár. Ach bhí an cairtchlár gearrtha amach go néata agus bhí an phéint air go deas.) Agus cén ceann eile?

    ReplyDelete
  3. Sea, Dennis, léirmheas ar leabhar Éilis Ní Dhuibhne a foilsíodh sa chéad eagrán de Comhar a raibh Aindrias Ó Cathasaigh mar eagarthóir air. Bhí drogall orm rud a dhéanamh ar Aindrias toisc go raibh mé cinnte go mbeadh mo leabhar féin, Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche, agus leabhar Ní Dhuibhne iontráilte ar an gcomórtas céanna do dhuais an Oireachtais níos déanaí sa bhliain (2008). Ba é a dúirt Aindrias liom “Cé is fearr le léirmheas a dhéanamh ar úrscéal bleachtaireachta ná údar úrscéal bleachtaireachta?” Mo leabhar féin a bhuaigh, leabhar Ní Dhuibhne sa dara háit.

    An léirmheas eile, foilsíodh in Feasta, Aibreán 2006 é. Dhá leabhar le Liam Mac Cóil a bhí i gceist, Fontenoy agus An Dochtúir Áthas. Eagarthóir Feasta, Pádraig Mac Fhearghusa, a d’iarr orm na leabhair a léirmheas agus gan dul thar 2,500 focal, rud a d’fhág deacrachtaí ar leith im shlí, mar b’fhiú an oiread sin focal ar a laghad a scríobh ar gach aon cheann de na leabhair.

    Im thuairim féin tá Tomás Mac Síomóin agus Liam Mac Cóil ar an mbeirt is fearr de scríbhneoirí Gaeilge na linne seo, iad éagsúil ar fad maidir le stíl agus ábhar, ach iad eolach, stíleach, suimiúil sa chaoi gur pléisiúr thar an ngnáth gach leabhar leo a léamh. Leabhar nua le Mac Síomóin le seoladh ag Scoil Merriman i mbliana. Deir sé liom gur scéal faoi Chúba sa 19ú haois é, ach sin a bhfuil ar eolas agam faoi. Dá mba maith leat na léirmheasanna nó aon cheann díobh a léamh, seolfaidh mé do rogha mar r-phost chugat.

    ReplyDelete
  4. Níor mhiste mé cóipeanna a fháil. Tá siad uile léite agam -- na leabhair atá mé a rá. Ba mhaith liom do thuairim díobh a léamh anois. GRMA.

    ReplyDelete
  5. A Sheáin, is fada an lá ó scríobh tú rud nua do An Gael - bíonn fáilte ann romhat!

    ReplyDelete