Thursday, January 14, 2010

Gloine Dhaite



Fadó, fadó, breis agus fiche bliain ó shin, bhí mé oiread sin faoi ghruaim gur éirigh mo chéile an-bhuartha fúm. Ba é ba chúis leis an ngruaim go raibh an comhlacht a raibh mé fostaithe ann tar éis cumasc a dhéanamh le comhlacht eile agus dá thoradh sin fuair an comhlacht s’agamsa ceannas ar chúrsaí airgid agus an comhlacht eile ceannas ar gach gné de thaighde an dá chomhlacht. Im chás féin agus i gcás roinnt mhaith de mo chomh-stiúrthóirí taighde, is féidir liom a rá, gan aon agó, gur coilleadh muid.

Mar a dúrt, bhí an-imní ar mo chéile agus mhol sí dom aghaidh a thabhairt ar chaitheamh aimsire, rud nach raibh uain agam chuige go nuige sin ceal ama. Léas sa nuachtán go raibh cúrsa gloine dhaite le tosú istoíche sa scoil poiblí logánta agus chláraigh mé ann. Chaith mé leathbhliain leis an gceird agus d’éirigh go measartha maith liom. Thart ar sé phíosaí a rinne mé agus tá siad suite anois ar fud an tí. Seo chugaibh an ceann is ansa liom. Agus an píosa deiridh geall le bheith críochnaithe agam, fuaireas post mar chomh-bhunaitheoir i gcomhlacht bith-chógaiseolaíochta in Massachusetts mar ar chaith mé na cúig bliana deiridh dem shaol proifisiúnta. Níor fhill mé riamh ar an ngloine dhaite ach ba theiripe é a d’fhóir orm in am an ghátair.

9 comments:

  1. Píosa an-deas! An ndearna tú le came luaidhe é nó le scragall copair agus sádar?

    ReplyDelete
  2. Maith dom an freagra gonta, Dennis. Bhí mé faoi dheabhadh. Sea scrogall copair agus sádar. Rinne mé an chuid is mó den obair leasmuigh faoi aer, mar bhí ar intinn agam na píosaí críochnaithe a chrochadh i bhfuinneoga. B’iontach mar a chuaigh an gá le dearadh, le rogha na gloine agus cruinneas a gearradh i bhfeidhm ar m’aigne suaite. Bhain mé triail amháin as ‘came’ ach ní raibh mé sásta leis an toradh agus scrios mé an píosa sin. An fótó a sheol mé chuig mo bhlag, níl na dathanna mar ba chóir dóibh a bheith. Fanfaidh mé go mbeidh grian íseal gheimhridh an tráthnóna ag taitneamh ar an saothar agus glacfaidh mé fótó eile.

    ReplyDelete
  3. Rinne mé leathdhosaen píosa sách mór le gloine is came nuair a bhí 22-23 bliana d'aois. Dhíol mé, nó thug mé uaim mar bhronntanas, iad uilig, ach amháin píosa beag amháin. Chuir mé é mar fhuinneog i mbothóg a thóg mé sna nóchaidí ar oileán i bPuget Sound. Dhíol mé an fearann sin agus an bhothóg leis sé bliana ó shin. Thaitin an píosa deireanach sin toisc go raibh sé an-simplí. Ní raibh ach píosa amháin de ghloine dhaite ann. Bhí an chuid eile trédhearcach.

    Mar seo a rinne mé an píosa sin. Chuir mé pána gloine idir dhá phíosa cairtchláir, agus bhuail mé uair amháin é le casúr. Rinne an casúr smidiríní den ghloine díreach san áit ar thit sé, i riocht ciorcail. Bhí líon de scoilteanna ag gathú amach ón gciorcal lárnach. Séard a rinne mé ansin ná píosa gloine dhearg a chur sa chiorcal mar a raibh na smidiríní agus came luaidhe a chur sna scoilteanna uilig leis an bpána a thathú le chéile arís.

    Thaitin toradh an chomhoibrithe a rinne mé fórsaí fisiceacha an chasúir agus pána gloine go mór liom. San am céanna, tá áthas orm nach bhfuil sé agam níos mó, go bhfuair mé áit dó. Tá stuif go leor agam!

    ReplyDelete
  4. Go haoibhinn. Canathaobh gur éirigh tú as a gcúram? Tá bua na healaíona agat.

    ReplyDelete
  5. N'fheadar an chugumsa a cuireadh an cheist sin?

    ReplyDelete
  6. Go hálainn, a SheáinO, agus aontaím le Míshásta, mar gur dóigh liom gur le hionracas do do chuid ealaíne a scríobh sé an méid a scríobh sé.

    An méid sin ráite, táim cinnte go raibh píosa Dennis go deas freisin, agus cá bhfios dom nach ar an mbeirt agaibh a bhí a ghradam dírithe!

    ReplyDelete