Friday, January 29, 2010

Dís Éagsúil



D’fhill an sneachta orainn inné agus faoin am a bhí críoch leis bhí trí orlach againn agus gaoth uafar á shéideadh. Le gach titim sneachta tagann borradh ar líon na n-éan ag lorg bia. Seo dhá chnagaire ag baint beathú as píosa geire a chrochadh ar maidin. Tá ag teip orm le cúpla lá eagarthóireacht a dhéanamh ar mo fótónna agus beidh oraibh, más féidir libh, formhéadú a dhéanamh ar an íomhá chun na héin a fheiceáil. An ceann is mó is ‘Flicker’ (Colaptes auratus) é. An ceann beag is ‘Hairy’ (Picoides villosus) é.

4 comments:

  1. Agus éan cairdinéalach ar an ngéag os a gcionn?

    ReplyDelete
  2. An ceart agat, Dennis. Ceann baineannach agus gan suim acu sa gheir, ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  3. Is álainn na héin iad. Níl siad le feiceáil sna bólaí seo. An t-éan is taibhsí dá bhfuil againn ná an Steller's jay.

    ReplyDelete
  4. Tá ‘Jayanna’ againn anseo, ach iad gan a bheith leath chomh hálainn leis na cinn seo ‘gaibhse. Bullaithe iad a chuireann an ruaig ar éin eile tráth a dtagann siad ar chuairt chugainn. Ar ámharaí an tsaoil ní fhanann siad ach seal beag gearr agus níl suim acu ach i síolta. An fearas beathaithe is mó atá againn, is bosca miotail é a bhfuil an fara mar chuid de luamhán a bhfuil an frithchothromú curtha in oiriúint agam d’éin níos bige ná Jay, cairdinéal amháin nó péire gealbhan, mar shampla. Nuar a thuirlingíonn Jay nó préachán ar an bhfara, íslíonn an fara agus dúnann an doras sa chaoi nach féidir teacht ar na síolta. Tá foghlamtha ag na Jayanna, áfach, conas beagán bia a fháil ón ‘tank’ mar a thugaimid air. Sé is nós dóibh anois, dul ag faoileáil os comhair an ‘tank’ agus síol amháin a bhaint as. Cionn is nach bhfuil faoileáil ar a dtoil acu, i dtólamh déanann siad teagmháil leis an bhfara agus coisctear orthu a thuilleadh a bhaint as an ‘tank’. Is léir go bhfuil na Jayanna i bhfad níos cliste ná na cairdinéil, mar is minic dhá (beirt?) chairdinéal ar an bhfara, rud a chinneann nach mbeidh bia ar fáil. Is léir nach bhfuil meicníocht an chothromú tuigthe acu. Ní hamhlaidh do na héin bheaga eile a dhéanann uainíocht ar a chéile agus iad i mbun ithe.

    ReplyDelete