Thursday, January 21, 2010

Ag Péacadh




Bhí doicheall orm riamh roimh an ngeimhreadh, doicheall a chuaigh i dtreise agus dúluachair na bliana ag teannadh liom. Cineál gruaim a bhí i gceist, is dócha, ach ní raibh an mothúchán chomh tréan sin le go dtabharfaí SAD (Seasonal Affective Disorder) air. Agus mé ag filleadh abhaile gach tráthnóna Aoine i rith Mhí Eanáir ó mo phost in Massachusetts, thagadh ardú meanma orm mar bhí a fhios agam go mbeadh ár gcrann Nollag gona soilsí am’ fháiltiú ar shroicheadh an teach dom.

“Bhur gcrann Nollag, Mí Eanáir?,” a deir sibh. Sea, mar bhí sé de nós againn an crann Nollag a choimeád maisithe agus lasta go dtí mo lá breithe ag tús Mhí Feabhra.
“Ach nár tháinig feo ar an gcrann bocht agus é gan fréamhacha lena chothú?”

Is beag feo a tháinig (agus a thagann air) mar coimeádaimid uisce leis agus is sinne a ghearrann an crann agus a bhun in uisce againn laistigh de leathuair a chloig tar éis a ghearradh. Tá an nós seo á chleachtadh againn anois le breis agus cúig bliana déag agus uair nó dhó le linn na tréimhse sin, i lár Mhí Eanáir thosaigh an crann ag péacadh, na bachlóga ag uaithneachan agus ag oscailt amhail is go raibh an t-earrach tagtha. Agus tharla an rud céanna i mbliana, agus seo pictiúr daoibh a thóg mé ar maidin. Sea, tá’s agam gur earrach saorga é, ach is breá liom mar réamhtheachtaí é.

3 comments:

  1. Go deas.

    Agus de dhíth, agus muid ag sleamhnú ó gharbhshíon go garbhshíon!

    ReplyDelete
  2. An bheatha san uisce an t-uisce beatha don chrann...:-)

    ReplyDelete
  3. Uisce na beatha!! An-deas, a chara.

    ReplyDelete