Friday, January 29, 2010

Dís Éagsúil



D’fhill an sneachta orainn inné agus faoin am a bhí críoch leis bhí trí orlach againn agus gaoth uafar á shéideadh. Le gach titim sneachta tagann borradh ar líon na n-éan ag lorg bia. Seo dhá chnagaire ag baint beathú as píosa geire a chrochadh ar maidin. Tá ag teip orm le cúpla lá eagarthóireacht a dhéanamh ar mo fótónna agus beidh oraibh, más féidir libh, formhéadú a dhéanamh ar an íomhá chun na héin a fheiceáil. An ceann is mó is ‘Flicker’ (Colaptes auratus) é. An ceann beag is ‘Hairy’ (Picoides villosus) é.

Friday, January 22, 2010

Léirmheastóireacht na Gaeilge

Bhí sé de rún agam gan focal liom a sheoladh chuig ‘Comhar Nua’ agus gan mo shíntiús a athnuachan tráth a chríochnú. Tharla, áfach, go bhfuil an iris ag teacht chugam fós agus spreag alt le Gabriel Rosenstock in Comhar na Nollag mé chun mo ladhar a shá isteach sa scéal. Foilsíodh mo litir chuig an eagarthóir ina iomlán in Comhar Eanáir. Seo daoibh í.

Ina alt ‘Howl is Abhus’ in Comhar Nollaig i mbliana cuireann Gabriel Rosenstock roinnt ceisteanna faoi chaighdeán na léirmheastóireachta ar shaothair Ghaeilge. Ar na ceisteanna sin tá

“An bhfuil a n-aigne féin ag criticeoirí na Gaeilge nó an bhfuil faisean áirithe á leanúint acu.”

“An bhfuil pobal na Gaeilge chomh beag sin gur dócha go mbeadh aithne phearsanta ag an léirmheastóir agus ag an údar ar a chéile, rud a mhaolódh go mór ar ghéire an léirmheasa.”

“Bíonn,” dar leis, “scríbhneoirí na Gaeilge a chuireann isteach ar chomórtais liteartha an Oireachtais ag súil le léirmheastóireacht t(h)athagach a fháil ar a gcuid saothar, ba dhóigh leat. An é sin a fhaigheann siad i gcónaí?”

“An ceart,” ar sé, “go gcuirfeadh Clár na Leabhar Gaeilge seirbhís léitheoireachta ar fáil, i.e. sula gcuireann údair, go háirithe údair óga, saothar faoi bhráid an fhoilsitheora?”

Iarracht agam anseo freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin sa mhéid go mbaineann siad liomsa.

1) Tá faisean áirithe le feiceáil i bhformhór na léirmheasanna a fhoilsítear in Feasta agus Comhar; iad moltach éadomhain údar- spreagthach. Ní fiú léirmheas domhain anailíseach a scríobh ar fhormhór dá bhfuil á fhoilsiú sa Ghaeilge faoi láthair, mo shaothar féin san áireamh.

2) Iarradh orm faoi dhó léirmheas a scríobh, ceann do Feasta, an ceann eile do Comhar. Níl aithne ar bith agam ar cheachtar den dá údar a bhí i gceist agus tar éis dom na leabhair a léamh faoi dhó, chaith mé roinnt ama ag iniúchadh saol agus saothar na beirte roimh thabhairt faoin léirmheas a scríobh. Ar an lámh eile de, níl aon traenáil agam ina leithéid d’earnáil.

3) Tá ceithre na cúig shaothar curtha isteach agam ar chomórtais liteartha an Oireachtais. De ghnáth bíonn léirmheas na moltóirí an-ghearr, leathanach amháin a bhformhór, ach téann a bhformhór chun smior na ceiste. Ar uaire fuair mé léasadh, ar uaire moladh, ar uaire comhbhrón agus ar uaire ní bhíonn na moltóirí ar aon intinn faoin saothar. Ní bhfuair mé léirmheas baoth riamh, cé go bhfuair mé ceann nó dhó a bhí maslach, dar liom. Cionn is go síníonn an moltóir an léirmheas agus gur minic gur féidir an síniú a léamh, is nós dom dul i dteagmháil leis an moltóir i ndiaidh bronnadh na nduaiseanna agus is fial i gcónaí a roinneann siad a dtuairimí liom, tuairimí a chuidíonn go mór le feabhsú mo chuid scéalaíochta.

4) Bhí, tráth, scéim léirmheastóireachta proifisiúnta ar fáil ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus chuir mé scríbhinn liom isteach ar an scéim sin. Ba luathscríbhinn í a fuair léamh cúramach agus mo shaothar á réabadh ó bhun barr ag an léirmheastóir. ‘A salutary experience’ a thug treoir an-chabhrach dom agus a bhfuil a shéala le feiceáil fós ar gach a scríobhaim. B’fhiú an scéim sin a bhunú arís.

Thursday, January 21, 2010

Ag Péacadh




Bhí doicheall orm riamh roimh an ngeimhreadh, doicheall a chuaigh i dtreise agus dúluachair na bliana ag teannadh liom. Cineál gruaim a bhí i gceist, is dócha, ach ní raibh an mothúchán chomh tréan sin le go dtabharfaí SAD (Seasonal Affective Disorder) air. Agus mé ag filleadh abhaile gach tráthnóna Aoine i rith Mhí Eanáir ó mo phost in Massachusetts, thagadh ardú meanma orm mar bhí a fhios agam go mbeadh ár gcrann Nollag gona soilsí am’ fháiltiú ar shroicheadh an teach dom.

“Bhur gcrann Nollag, Mí Eanáir?,” a deir sibh. Sea, mar bhí sé de nós againn an crann Nollag a choimeád maisithe agus lasta go dtí mo lá breithe ag tús Mhí Feabhra.
“Ach nár tháinig feo ar an gcrann bocht agus é gan fréamhacha lena chothú?”

Is beag feo a tháinig (agus a thagann air) mar coimeádaimid uisce leis agus is sinne a ghearrann an crann agus a bhun in uisce againn laistigh de leathuair a chloig tar éis a ghearradh. Tá an nós seo á chleachtadh againn anois le breis agus cúig bliana déag agus uair nó dhó le linn na tréimhse sin, i lár Mhí Eanáir thosaigh an crann ag péacadh, na bachlóga ag uaithneachan agus ag oscailt amhail is go raibh an t-earrach tagtha. Agus tharla an rud céanna i mbliana, agus seo pictiúr daoibh a thóg mé ar maidin. Sea, tá’s agam gur earrach saorga é, ach is breá liom mar réamhtheachtaí é.

Friday, January 15, 2010

An Bheochan

(re "Ait")

Le Seán O’Connor

“Goitse, a mhic” arsa an t-ardghiolla agus é ag sméid chuige giolla a raibh cuma bhuartha air.
“Cad tá ag cur as duit?”
“Tá,” arsa an giolla, “go bhfuil rud éigin ar siúl thíos nach bhfaca mé cheana.”
“Feicimis, nó cén chearn den chruinne ar a raibh tú ag dearcadh?”
“Thíos ansin, áit a bhfuil an bheirt úd.”
D’amharc an t-ardghiolla agus d’éist.
“Maith thú, a mhic. Is maith an dearcaí tú. Caithimse an scéala seo a roinnt leis an mbas.

Chnag an t-ardghiolla ar an doras, ach freagra ar bith ní bhfuair sé. Bhrúigh sé an doras isteach agus dhruid leis an té a bhí sa leaba.
“A thiarna”, ar sé, “múscail, mar tá rud tarlaithe thíos nár tharla cheana.”
Mhúscail an codlatóir agus dhírigh súil fheargach ar an ard-ghiolla.
“Nach féidir libh” ar sé, “beagán sosa a thabhairt dom agus mé traochta i ndiaidh na trioblóide a bhí againn leis an dream damanta sin? Cad tá tarlaithe?”
“Tá beirt thíos agus sé croí an scéil ná gur shamhlaigh siad thú agus thairis sin gur ainmnigh siad thú freisin.”
“D’ainmnigh siad mé? Cad a chumadar mar ainm orm?”
“An Té Atá” arsa an t-ardghiolla. “Meas tú go bhfuil sé in am dúinn iad a sheoladh chucu?”
“Ní gá sin, a Mhichíl,” arsa an tiarna. “Tá siad acu cheana féin, mar féach gur shamhlaigh siad agus gur ainmnigh siad mé.”

(Comhar, Eanáir 2002)

Thursday, January 14, 2010

Gloine Dhaite



Fadó, fadó, breis agus fiche bliain ó shin, bhí mé oiread sin faoi ghruaim gur éirigh mo chéile an-bhuartha fúm. Ba é ba chúis leis an ngruaim go raibh an comhlacht a raibh mé fostaithe ann tar éis cumasc a dhéanamh le comhlacht eile agus dá thoradh sin fuair an comhlacht s’agamsa ceannas ar chúrsaí airgid agus an comhlacht eile ceannas ar gach gné de thaighde an dá chomhlacht. Im chás féin agus i gcás roinnt mhaith de mo chomh-stiúrthóirí taighde, is féidir liom a rá, gan aon agó, gur coilleadh muid.

Mar a dúrt, bhí an-imní ar mo chéile agus mhol sí dom aghaidh a thabhairt ar chaitheamh aimsire, rud nach raibh uain agam chuige go nuige sin ceal ama. Léas sa nuachtán go raibh cúrsa gloine dhaite le tosú istoíche sa scoil poiblí logánta agus chláraigh mé ann. Chaith mé leathbhliain leis an gceird agus d’éirigh go measartha maith liom. Thart ar sé phíosaí a rinne mé agus tá siad suite anois ar fud an tí. Seo chugaibh an ceann is ansa liom. Agus an píosa deiridh geall le bheith críochnaithe agam, fuaireas post mar chomh-bhunaitheoir i gcomhlacht bith-chógaiseolaíochta in Massachusetts mar ar chaith mé na cúig bliana deiridh dem shaol proifisiúnta. Níor fhill mé riamh ar an ngloine dhaite ach ba theiripe é a d’fhóir orm in am an ghátair.