Sunday, December 26, 2010

Ollstoirm Sneachta?

Táthar ag tuar breis agus troigh (30 cm) dúinn inniu agus cá bhfios cá mhéad thar oíche. Feicfimid! (Maidin Luain: Troigh sneachta, gaoth ard, mo dhroim, mo dhroim!)

Saturday, December 25, 2010

Tá Sé Tagtha


An cnuasach beag seo, tá sé agam anois le breis agus daichead bliain. Ar ndóigh, bhain timpiste do bhall nó dhó i rith na mblianta, ach d’éirigh liom an damáiste a leigheas. An bhliain seo caite d‘athnuaigh mé an phéint orthu, ach seachas sin táid mar a bhí siad tráth a gceannaithe. Ionann sin is a rá go bhfuil siad ar chomhaois le m’iníon, Emer.

Wednesday, December 22, 2010

Cúpla Punt

Níl sa scéilín seo ach an fhírinne. Mar sin féin nílimse ag maíomh go bhfuil iomlán na fírinne ann. Mar shampla tá mo chéile ionúin de bharúil gur tháinig an ‘cúpla punt’ ó na daoine a bhí ag obair sa seomra sórtála. An t-aon fhadhb a bheadh agam leis an aguisín sin ná conas a tharla go raibh stampa Sasanach ar an gclúdach, nó an raibh? Táim féin dall bodhar i gcás na ceiste sin. Seo dhaoibh, mar sin, píosa atá léite cheana ag bhur bhformhór ach a bhfuil áit ar leith im chuimhní cinn aige.

Nollaig Shona faoi mhaise agaibh uilig. Go mbeannaí an Leanbh is Dia sibh, cuma an n-aithníonn nó nach n-aithníonn sibh É.

Cúpla Punt um Nollaig

Im iarchéimí le Cheimic mé, bhí mé de shíor ar ghannchuid airgid. Agus an Nollaig ag teannadh liom, ghlacainn post sealadach in Oifig an Phoist, Sráid an Phiarsaigh. Níorbh éasca an dá thrá a fhreastail, idir shaotharlann agus Phost, mar bhíodh mo chomhairleoir taighde amhrasach fúm an tráth sin bliana agus é de shíor am lorg sa tsaotharlann agus mo chomhthaighdeoirí ag cur mí-threoir air chun nach mbeadh teacht aige orm.
“Cá’l Seán?”
“Sa leabharlann, measaim.”
“Chuardaigh mé ansin é.”
“Dulta go leabharlann Trinity?”

I moch na maidine, i bhfad roimh éirí na gréine, síos liom ar mo shean-Vespa go Sráid an Phiarsaigh, agus an mála poist arna líonadh agam, amach liom ag seachadadh litreacha ó bhun barr Shráid Grafton agus sna foshráideanna a ghabhann aisti.

I ngar do dheireadh mo “shiúil”, mar a thugtar ar raon seachadta, thagainn uirthi, lá i ndiaidh lae, ag seasamh sa doras, gan focal aisti, ag feitheamh liom, an dóchas ag lonrú ina súile is mé ag teannadh léi, ag múchadh nuair ba léir nach raibh rud ar bith agam di. Lá i ndiaidh lae, maidin is iarnóin, b’in romham í. Faoi dheireadh, i ngar cúpla lá don Nollaig, labhair sí.
“A dhath agat dom ó Shasana?”
“Ar an drochuair, níl.”
“Tú cinnte? A haghaidhse i gcónaí ar an stampa.”
“Faic duit inniu. Amárach, b’fhéidir.”
“Sea, amárach. Amárach go cinnte.”
Leag sí lámh ar mo mhála.
“Níl ar a chumas filleadh abhaile, tá’s agat. Iad iontach cruachroíoch thall. Gan sos nó staonadh ag dul do na Paddies, deir sé, ach go seolann sé cúpla punt dom um Nollaig.”
Lá i ndiaidh lae, ach faic na fríde agam di.

Agus mé ar mo shiúl deiridh roimh Nollaig, bheannaigh sí dom, ag guí “Nollaig Shona” orm is ar mo mhuintir agus rith deor léi ó shúile gan dóchas síos gona smig chrón ghuaireach.
“Moill ar an bpost i Sasana, is dócha,” a deirimse. “Seans go mbeidh litir agam duit tar éis Lá ‘le Stiabhna”
“Moill i Sasana, a deir tú? Nach mheasfá go ndéanfaidís sár-iarracht agus an Nollaig buailte linn?”

Cúpla lá faoisimh agam sa bhaile agus ansin ar ais liomsa agus le cúpla leaideanna eile ón ollscoil chun fuílleach na Nollag a ghlanadh agus an oifig sórtála a chur ina gnáthriocht arís. Agus, ar m’anam, bhí litir ó Shasana agam di. Ach ar theacht fad lena doras dom, ní raibh sí romham. Suas staighre liom, suas go barr an tí. Chnag mé ach freagra ní bhfuaireas. Ghob ceann amach ó dhoras trasna an léibhinn uaim.
“Tú ag lorg Maggie, Maggie Flynn? Bhuail taom í maidin Nollag agus iompraíodh de ruathar go dtí an Mater í.”
Chuireas an litir im phóca agus ag deireadh mo shiúil, dhírigh mé ar an Mater agus ligeadh isteach chuici mé ar feadh bomaite.
“Go díreach mar ar thuar tú é,” ar sí de ghuth lag. “Moill air i Sasana. Nach deas uait dua a chur ort féin mo litir a bhreith chugam. A fhios agam nach ndearmadfadh sé mé. Mo chúpla punt um Nollaig.”
Agus d’fháisc sí an litir lena hucht agus thit ina codladh.

Ar mo shlí amach dom, sméid an bhanaltra orm.
“Gaol agat léi?”
“Níl, is mé a fear an phoist. Í ag tnúth le litir. Cá fhad a bheidh sí istigh anseo?”
“Á, sin is bun lena clamhsán faoi ‘moill ar an litir i Sasana, na scraistí’. Áthas orm gur rug tú trasna chuici í, nó b’fhéidir go suaimhneoidh sí anois agus go bhfaighidh sí dreas beag codlata. Ach maidir léi féin, míorúilt é má fheiceann sí an athbhliain.”

Cúpla punt um Nollaig, cúpla domsa agus cúpla eile dise, agus suaimhneas croí di maille leo.

Thursday, November 25, 2010

Lá an Altaithe

Mar bhall de lucht an Diaspora Éireannaigh a bhfearadh fáilte roimhe sna Stáit Aontaithe tráth nach raibh mo scileanna de dhíth ar mo thír féin, gabhaim buíochas le muintir na tíre seo agus guím beannacht Dé orthu uilig.

Sunday, November 14, 2010

Tionól 2010

Beidh mé in Éirinn ag feadh seachtaine. Cúrsaí gnó den chuid is mó a bheidh ar siúl agam, ach Dé hAoine agus Dé Sathairn beidh mé ag freastal ar Tionól 2010 de chuid Scoil an Léinn Cheiltigh. Sé Damian McManus a thabharfaidh an Léacht Reachtúil agus ina dhiaidh sin beidh a shaothar ‘A Bardic Miscellany’ á sheoladh. Thart ar 500 dán agus 700 leathanach atá ann, an díolaim is mó den Dán Díreach a cuireadh ar
fáil go nuige seo.

Monday, November 8, 2010

Maróga



Is iomaí duine nach gcreideann gurb i mbuicéad suite sa doirteal a mheasctar comhábhair na maróg Nollag. Well, tháinig An Cosantóir aniar aduaidh orm agus seo mé ag meascadh liom oiread agus a dhéanfaidh dosaen maróg.

Úps


Bhí fúm an dara barr duilleoga a bhaint inniu, barr a bheadh ar aon dul leis an gcéad cheann. Ach ar éirí dom ar maidin (ar ndóigh, ní raibh grian an tsamhraidh ag taitneamh), seo a chonaic mé.

Thursday, October 28, 2010

Ilteangachas Abú

De réir alt in ‘Science’, 15 Deireadh Fómhair, l. 332-333, 2010, táthar tar éis a fháil amach go bhfuil buanna ar leith ag baint le bheith ilteangach. Ar na buanna sin tá cumas níos fearr beag is fiú a dhéanamh de nithe atá ag tarlú thart timpeall orainn ach nach bhfuil suim againn iontu. Ina theannta sin de réir taighde ó Cheanada, tarlaíonn Alzheimer’s cúig bliana níos déanaí i ndaoine a bhfuil an Fhraincis agus an Béarla acu go líofa ón gcliabhán. Níl freagra fós ar an gceist “Cad faoi daoine a bhfuil 3 nó 4 nó 5 teangacha acu.”

Duilleoga




An tráth seo bliana agus mé am’ ghléasadh féin, féachaim amach ar an ngairdín cúil agus is éard a fheicim ná saibhreas, go díreach mar atá an scéal san dá phictiúr thuas. Baileoidh mé na duilleoga faoi thrí sula mbeidh deireadh leo. Uair a chloig go leith a thógfaidh gach iarracht agus carnfaidh mé ag bun an ghairdín iad. Mo chomharsana béal dorais, tá nós ar leith ag gach duine daoibh. An chomharsa ó thuaidh, séidfidh sé go bun a ghairdín iad, mar a bhfuil ‘terra incognita’ aige, fásra chomh tiubh sin nach féidir siúl tríd. An chomharsa eile, is baintreach í agus conradh aici le comhlacht garraíodóireachta a bhearrann an féar ó earrach go Samhain agus a bhaileoidh na duilleoga nuair a bheidh siad go léir tite. Ar ndóigh, tá nósanna eile ann chun fáil réidh leis na duilleoga céanna, ar a bhfuil iad a shá i málaí móra agus a iompar go dtí ionad athchúrsáil an bhaile. Ionann sin is a rá gur saibhreas domsa iad ach gur núis iad dá lán. Trua sin, mar ainneoin gach a léann tú i leabhartha garraíodóireachta, ní gá mórán stró a chur ort féin chun múirín a dhéanamh. In ionad bheith ag tiontú agus ag meascadh a bhfuil agat sa chró múirín, fad is a thógtar i gceart an carn, sé sin le sraitheanna caola d’fhéar agus duilleoga agus dóthain uisce lena choimeád tais, beidh múirín agat i gceann dhá bhliain agus ní bheidh ort ‘potting soil’ nó ‘top soil’ a cheannach le teacht an earraigh.

Tuesday, October 19, 2010

Múirín


Daoibhse nach ndearna múirín riamh, seo míniú gairid ar a bhfuil i gceist. Sa phictiúr feiceann sibh dhá chró. Na bíomaí adhmaid, táid 8 dtroigh ar fhad. An cró chun tosaigh is i mbliana a líonadh é agus sé atá ann ná duilleoga ó fhómhar na bliana seo caite agus scotháin féir a gearradh i mbliana. Sa chúlra tá a bhfuil fágtha de dhuilleoga na bliana seo caite. Is mar cheapaire a líontar an cró: sraith féir, sraith duilleoga, sraith féir…….. Bíonn a dhá oiread duilleoga is a bhíonn féar agus caitear a bhfuil sa chró a choimeád tais: báisteach nó uisce ón osán. Tá a tharlaíonn dá bhfuil sa chró thar a bheith casta, ach is féidir seo a rá go siúráilte: mura ngintear teas, ní bhfaighidh tú múirín. Líonadh an cró ar dheis an fómhar seo caite agus tá crapadh de 75% ar thoirt a raibh ann. An t-earrach seo chugainn, tráth nach mbeidh an múirín sa dara cró reoite a thuilleadh, bainfear an múirín as agus cuirfear i gceapacha é. Thart ar leatonna beagán tais a bheidh ann.

Friday, October 15, 2010

Praiseach Cruthanta

An scéal ina iomlán. Ag deireadh na bliana seo caite, sheol mé luath-leagan de ‘Achaidh Aislinge’ chuig m’eagarthóir ag iarraidh air súil a chaitheamh ar an scéal. Mhol sé cúpla athrú agus mhol sé freisin go seolfainn é chuig Feasta féachaint an mbeadh suim ag Pádraig Mac Fhearghusa é a fhoilsiú sa mhóreagrán liteartha den iris. Dúirt Pádraig go raibh an scéal ró-fhada (6,500 focal) agus gur leasc leis é a bhriseadh ina dhá leath. B’ionann sin domsa agus diúltú. Ba ansin a chinn mé ar é a sheoladh isteach ar chomórtas an Oireachtais. Mar is eol daoibh, bhuaigh sé an dara háit sa chomórtas do ghearrscéal, comórtas a bhí maoinithe ag Litríocht.com agus é ar intinn acu roinnt de na scéalta a cuireadh isteach ar an gcomórtas sin a fhoilsiú mar ‘e-leabhar’. Bhí go maith agus ní raibh go holc agus lóisteáladh an seic a bhí ag dul leis an duais.

Inné fuair mé nóta lámhscríofa sa phost ó eagarthóir Feasta agus seic leis an nóta. Dealraíonn sé go bhfuair sé ‘briseadh nádúrtha’ sa scríbhinn agus tá an chéad leath den scéal foilsithe in Feasta Dheireadh Fómhair. Inniu fuair mé dhá chóip de Feasta sa phost. Tá nóta eagarthóra ag deireadh an phíosa ag míniú gur ‘leagan ciorraithe’ é den scéal a ghnóthaigh duais i gcomórtas an Oireachtais. Ní leagan ciorraithe é. Níl ann ach an chéad leath den scéal. Anois caithimse aghaidh a thabhairt ar mhuintir Litríocht.com ag míniú an scéil dóibh agus ag rá leo go bhfuil mé lánsásta an duais a aisíoc más sin atá uathu agus mé ag gabháil mo leithscéil leo as an bpraiseach seo. Só, sibhse a bhí ag fiafraí díom cá mbeadh teacht ar an scéal, ceannaigh Feasta chun blas a fháil ar fhantaisíocht an údair seo.

Monday, October 4, 2010

An Mhóin

An samhradh a chaith mé i nGaeltacht na Gaillimhe sa bhliain 1950, b’in an chéad uair, agus an uair dheireanach, a d’oibrigh mé sa phortach ag baint móna. Ba é a bhí le déanamh agamsa na fódanna a ghróigeadh. Cuimhin liom an phian droma a bhí orm ag deireadh an chéad lae agus is cuimhin liom, freisin, a shuaraí a bhí toradh mo chuid oibre féin i gcomparáid leis an méid a rinne an leaid ab óige sa chlann agus muid geall le bheith ar chomhaois. “Tiocfaidh tú i dtaithí ar an obair,” arsa fear a’ tí agus muid ag filleadh abhaile. B’in taithí nach raibh uaim ach cionn is go raibh mé ag maireachtáil leo amhail ball den teaghlach, ní raibh dul as agam ach leanúint leis an obair sa phortach. Lá sa tseachtain a chaithimis le baint na móna agus nach mé a bhí sásta tráth a thosaíomar ar an mhóin a iompar abhaile agus an chruach cois tí a thógáil. Más buan dom chuimhne, bhí níos mó bainte ná ba ghá agus díoladh an farasbarr le muintir na háite. Inniu agus mé ag póirseáil trí chomhaid TG4, tháinig mé ar chlár faoin móin agus láithreach bhraith mé pian im dhroim.

Thursday, September 30, 2010

Aguisín le Bronnadh na nDuaiseanna

Tá an píosa thíos ró-fhada le bheith ceangailte leis an téad faoi ‘Achaidh Aislinge’ agus dá bharr sin is mar theachtaireacht nua a fhoilseoidh mé é. Sibhse a sheol saothar isteach ach nach bhfuair duais ar bith, bíodh a fhios agaibh go raibh ceithre shaothar seolta agamsa, bliain i ndiaidh bliana, sular bhuaigh mé rud ar bith.

Ní raibh mise i láthair ag bronnadh na nduaiseanna i gcomórtas liteartha an Oireachtais ach an t-aon uair amháin. B’in sa bhliain 2006 nuair a roinn m’úrscéal ‘Seán Ruiséal agus Iníon an Oileáin’ an chéad duais le saothar le Maidhc Dainín Ó Sé. Agus deireadh leis an searmanas, tháinig an bheirt a bhí mar mholtóirí ar mo scéal chun labhairt liom. Ansin bhrúigh bean agus ansin bean eile isteach sa chomhrá. Iad beirt bainteach le comhlachtaí foilsitheoireachta agus suim acu an scríbhinn a léamh. Gheall mé cóip a sheoladh don chéad bhean díobh. Níl fúm anseo a thuilleadh a scríobh faoin scéal sin seachas a rá nár fhoilsigh ceachtar den dá chomhlacht an t-úrscéal.

I ndeireadh na dála sheol mé an scríbhinn chuig Pádraig Ó Snodaigh agus ghlac sé léi. Tá ábhar ghearrscéil ghreannmhar sa chur agus cúiteamh, comhfhreagras, easaontas agus, sa deireadh, maslú a bhain le diúltú na scríbhinne. (N’fheadar an mbeidh sé de dhánaíocht ionam an cur síos sin a scríobh.) OK, sa deireadh, d’éalaigh mé ón mbeirt agus d’fhill ar mo chol ceathrar a thionlaic mé an oíche sin. Agus muid ar tí imeachta, tháinig bean óg chugam agus d’iarr orm dul go seomra eile le haghaidh agallaimh raidió. Faoi am sin, áfach, bhíothas críochnaithe leis na hagallaimh agus ar ais liom go dtí mo chol ceathrar, a bhí faoin am sin ag labhairt leis An Snodach agus a chéile Clíona Cussen. Anois, sé an fhírinne ghlan é go raibh luath-leagan de scríbhinn an úrscéil chéanna seolta agam chuig Coiscéim geall le bheith bliain roimhe, ach focal níor chualas ina thaobh agus chinn mé nach raibh aon tairbhe le bheith ag iarraidh míniú ó Phádraig.

Tuesday, September 28, 2010

Comórtas an Oireachtais

Cuimhin libh gur luaigh mé i gcomhthéacs an mhír a scríobh Mise Áine faoi ‘Cré’ go raibh scéal scríofa agam dar theideal ‘Achaidh Aislinge’? Luaigh mé, freisin, gur chreid mé nach raibh sé infhoilsithe de bharr laige na Gaeilge ann agus do-chreidteacht an phlota. B’in an chéad phíosa fada a chríochnaigh mé agus mé ag athshealbhú mo chuid Gaeilge. Thart ar an mbliain 2000 a scríobhadh é. Well, agus sin scríofa agam ar an mblag, chuaigh mé ag léamh an scéal arís, agus dar m’anam, thaitin sé liom. Chuaigh mé ag féachaint ar liosta na gcomórtas liteartha de chuid an Oireachtais agus tháinig mé ar chomórtas A8, gearrscéal de níos mó ná 2,500 focal. Mhaoinigh Litríocht.com an comórtas sin agus é ar intinn acu an deich scéal is fearr a fhoilsiú mar e-leabhar. Cinnte bhí níos mó na 2,500 focal ann, mar 6,500 a líon focal, novella seachas ghearrscéal, déarfainn. Cuma, sheol mé isteach é. An dara háit sa chomórtas buaite aige. Ionadh an domhain orm. Mo dheartháir, Rory, tar éis an seic a ghlacadh ar mo shon.

Ar Cosa in Airde

Seachtain ó shin bhí stoirm mhór oíche againn, báisteach agus ghaoth mhór. An mhaidin dár gcionn, ní raibh ach an chorr-dhuilleog ar an talamh. Aréir bhí báisteach againn, thart ar leathorlach, ach gan ghaoth ag dul léi. Tá an talamh clúdaithe le duilleoga inniu. Sin mar a tharlaíonn anseo. Tagann an t-athrú séasúir chugainn ar cosa in airde. Is breá leis an mbeirt againn an t-earrach agus an fómhar ach imíonn siad uainn sciobtha go leor. Más é a deirtear faoi aeráid na hÉireann ‘Long wet days followed by short wet days,” sé atá againne dhá shéasúr fhada, samhradh agus geimhreadh agus giota beag d’earrach agus d’fhómhar. As seo amach ní aibeoidh trátaí agus tá deireadh leis na súnna craoibhe. Tá biatais agus cairéid fós le baint, ach thairis sin ní bheidh le déanamh againn ach na bleibeanna nua, tiúilipí agus cromchinn, a chur i dtalamh, na duilleoga a bhailiú is a charnadh, ola téimh a cheannach agus filleadh ar an úrscéal.

Monday, September 27, 2010

Garleanbh Nua

Beimid ag tiomáint ó dheas an mhí seo chugainn chun bheith i láthair ag baisteadh an gharlinbh is déanaí againn: Claire Elizabeth O’Connor. Ós oifigeach cabhlaigh a hathair, baistfear ar bord loinge í le huisce coisricthe as clog na loinge. Greanfar a hainm agus dáta a baiste ar an gclog amach anseo.

Deir mo chéile liom gurb í seo an garleanbh deireanach. Seo an cineál eolais a bhíonn ag mná ach nach bhfuil teacht riamh ag fir air. N’fheadar cén fáth. Cibé ar bith é, seo ár liosta:

Megan, Thomas, Jack, Michael

Leah, Jessie, Elizabeth, Abigail

Shannon

Fiona, Ian, Maeve, Claire

Friday, September 17, 2010

Pióg



Sé cupán súnna craoibhe mear-reoite ag 0 °F, dhá chupán siúcra, ¼ spúnóg salainn agus sé spúnóg arrarút measctha leis an siúcra. An crústa (ceannaithe) péinteáilte le hubh buailte. 45 nóiméad ag 425 °F.

Friday, September 10, 2010

An Mosc Sin

Mar is eol daoibh, tá cónaí orm in Connecticut i bhfogas 15 míle slí ó New Haven. Rugadh agus tógadh mo chéile in East Haven agus fuair sí bunús a cuid bun-oideachais in New Haven i scoil pharóistiúil St. Mary’s. Seo giota as blag Paul Moses (Commonweal) atá thar a bheith spéisiúil, dar liom.

The `Ground Zero mosque’ and the K of C’s mother church
August 29, 2010, 12:33 pm
Posted by Paul Moses

I’d like to continue the discussion of parallels between 19th century attacks on Catholicism and current Islamophobia by pointing to the history of the New Haven, Conn., church where Father Michael J. McGivney founded the Knights of Columbus.
A reader sent me a copy of a July 28, 1879 article in which The New York Times, playing the Fox News role, offered a scathing history of St. Mary’s Church under the title, “An Unprofitable Church: Roman Catholic Troubles in New-Haven.” The church on one of New Haven’s finest residential streets had been dedicated five years earlier, but only after a struggle in which the pastor was pressured to accept an alternate site.
As The Times put it, “When the residents of this aristocratic avenue discovered that they were in danger of seeing a Roman Catholic church spring up among them, with all that the establishment of such a church implied, they bestirred themselves to oppose the project. The wisest of the Roman Catholics here did not favor it, and St. Mary’s was induced to exchange the lot for a good one in some other locality.” But that site was also deemed “too good” for Catholics, so a lesser lot was found. The pastor refused this, according to The Times, and built the church as originally planned on wealthy Hillhouse Avenue.

According to the Times, the parish fell into debt (its parishioners being mainly “servant girls”). “The result shows how foolish were those who persisted in building the church on the spot where it stands,” The Times concluded. “How much spite had to do with it cannot now be ascertained, but the complete history of the negotiations would be very interesting. The edifice was erected beyond the boundaries of the parish, and it invaded the most exclusive homes of wealth and culture. It is an eye-sore on the avenue, a source of annoyance and injury to neighboring residents, and a complete failure as a business enterprise.”

Today, it is a thriving community run by the Dominicans, who came to the parish in 1886. It holds a place in the history of American Catholicism for, as noted on its Web site, Father McGivney, who served in the parish for seven years, organized the Knights of Columbus in its basement in 1882.

Much is contained in the Times’s phrase “with all that the establishment of such a church implied,” for it signifies that the writer was able to simply assume that the paper’s readers were already well aware of the Catholic Church’s supposed evils.
Pressure to “compromise” on a site … bias against the religion of an immigrant community … hostile media coverage. There is nothing new under the sun.

Sunday, August 29, 2010

An Garraíodóir Eile (II)

Mar a scríobh mé cheana, cheadaigh Cosantóir na mBilí dom an chearnóg thoir-thuaidh den ghairdín a bhánú de chrainn agus d’éirigh liom ceapach ardaithe amháin a thógáil ansin um earrach. Só, a deir sibh, “An raibh rath ar an obair sin?” Cinnte, bhí, ach deacrachtaí freisin. Le breis is mí anuas tá an mheánteocht anseo ag barr an chnoic 10°F níos airde ná mar is gnáth. Dá bharr sin is bocht an pailniú atá ar na plandaí tráta agus tá claonadh ar na torthaí titim go talamh agus iad gan a bheith lán-aibithe fós. Ar an lámh eile de, tá muid ag baint punt súnna craoibhe in aghaidh an lae le deich lá anuas agus tá an dealramh ar an scéal go leanfaidh an scéal amhlaidh go ceann coicíse. Subh, pióga agus ‘coulis’ (le cur ar uachtar reoite) a dhéanfaidh mé nuair a bheidh an obair sa ghairdín críochnaithe againn. Ag deireadh na seachtaine seo chugainn cuirfidh mé síol biatais i dtalamh mar aon le síol cairéid.

An bhliain seo caite sa ghairdín cois bóthair san áit ar chuir mé planda beag de Matteuccia struthiopteris (Ostrich Fern) an bhliain roimhe, bhí suas le dosaen raithneach ag iomaíocht lena chéile. Bhain mé deich gcinn díobh, chuir i bpotaí iad agus chuir fógra lámhscríofa in airde ag rá go raibh na plandaí ar fáil saor in aisce. Laistigh de lá ní raibh ach dhá cheann fágtha agus an lá dár gcionn bhíodar go léir imithe. Le teacht an fhómhair d’fhill roinnt de na daoine a fuair na raithnigh le torthaí a bhronnadh orainn. I mbliana agus muid ag obair ar an ngairdín sin, is minic a thagann duine chugainn ag iarraidh raithneach eile, nó comhairle faoi phlanda éigin agus stopann carranna ar uaire le fótó a thógáil. “Féach anois gur ‘local attraction’ muid,” arsa An Cosantóir. Agus is dócha go bhfuil an ceart aici mar tá rud éigin faoi bhláth sa ghairdín sin ó thús Mhárta go dtí lár Dheireadh Fómhair.

Sunday, August 22, 2010

Mar a Cailleadh an Iolaire

Mar is eol daoibh, is beag mo mheas ar an iris Comhar ón am a briseadh Aindrias Ó Cathasaigh as a phost mar eagarthóir agus is ionadh liom go bhfuil an iris chéanna ag teacht chugam mí i ndiaidh míosa ainneoin nár athnuaigh mé mo shíntiús. Sin ráite, áfach, má tharlaíonn gur féidir leat do lámh a leagadh ar eagrán Lúnasa, beidh alt thar a bheith spéisiúil le léamh agat. Agus an chéad chogadh domhanda críochnaithe, bhí an luamh aimireálachta HMY Iolaire ar a shlí ó Chaol Loch Ailse go Leodhas. Bhí 280 duine ar bord agus mairnéalaigh de bhunadh an oileáin a bhformhór, iad ag filleadh abhaile ón Eoraip. Briseadh an luamh ar charraigeacha i bhfogas do chaladh Steornabhaigh agus níor tháinig slán ach 75 duine. Sé atá san alt le Natalie Nic Shim ná cur síos agus anailís ar cheithre dán a cumadh i nGàidhlig faoin tragóid. Is fíorbheag mo thaithí ar an teanga sin ach bhí ar mo chumas brí a bhaint as cuid mhaith de na sleachta a chuireann an t-údar os ár gcomhair. Chuir an fhilíocht Anach gCuan i gcuimhne dom sa tslí gur cheadaigh mé mo chóip de ‘Filíocht na nGael’ gur léigh mé an dán sin ina iomlán arís. Is fiú an € 4 an chóip sin den iris.

Thursday, August 5, 2010

Salann

Chuir scéal Áine faoi na Fataí Goirte scéal eile faoi shalann i gcuimhne dom. Le blianta beaga anuas tá saoire caite againn faoi thrí sa Tuscáin. Is breá linn na daoine, an ealaín, an ailtireacht , an tírdhreach agus, ar ndóigh, an fíon agus an bia. Bia iontach agus gan ach gearán amháin agam faoi: níl aon bhlas ar an arán. Tuige sin? Mar níl oiread is gráinne amháin salainn in arán na Tuscáine!! Míniú ar an aiteas seo ní bhfuair mé ó éinne seachas ‘Sin is nós dúinn’. N’fheadar faoi na fataí bruite brúite mar ní raibh siad riamh ar an menu.

Wednesday, June 23, 2010

Beirt Bheathaitheoirí, Duine Díobh ina Ainneoin Féin.



Tá a fhios go forleathan go bhfuil mo chéile ina héan-bheathaitheoir díograiseach a bhfuil cúig ionad beathaithe aici ag imeall na coille ar chúl an tí. Ó thángamar go dtí an teach seo breis is fiche bliain ó shin tá thart ar chúig is tríocha cineál éin feicthe againn ag baint leasa as flaithiúlacht mo chéile. “thart ar” a deirimse mar níl muid ar aon aigne faoi éan amháin agus dá bharr sin tá ceithre is tríocha ag mo chéile agus cúig is tríocha agamsa. Pé ar bith é, ní raibh aon suim agamsa bheith im bheathaitheoir. A mhalairt ar fad a bhí i gceist agam, ach le cúpla lá anuas tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil ar a laghad dhá ainmhí á mbeathú agam. An mháthair-ghiorria a ndearna mé tagairt di ó chianaibh, tá a gnáthóg aistrithe aici go bun an ghairdín mar a bhfuil idir thorthaí agus glasraí ar fás agam. Dealraíonn gur cineál epicure í an giorria céanna siúd is nach n-itheann sí dem ghairdín ach na súnna talún, idir dhuilleoga agus thorthaí. Tá trí thom fraochán gorm agam agus na fraocháin ar cheann díobh ag aibiú faoi láthair. Chuaigh mé inné chun eangach a chaitheamh thart ar an tom sin d’fhonn na fraocháin a chosaint ar an éanlaith, ach b’in os mo chomhair siopmonc (Tamias) ag iniúchadh gach caoire agus ag ithe na cinn abaí. Níl eangach ar domhan a bheadh ina bhac ar an leaid sin.

Sunday, June 6, 2010

Anró an Gharraíodóra

Cuimhin libh gur chuir mé piseanna ag fás sa cheapach nua agus go raibh fúm trátaí a chur sa cheapach chéanna tráth a mbeadh na piseanna bainte agam? Well, tá na trátaí curtha agam, ach oiread agus pis amháin ní bhfuair mé. Tuige sin, deir tú. Well, bhí fás iontach maith sna piseanna, iad ag dreapadh suas maidí a bhí sáite agam san ithir. Trí throigh ar airde a bhí siad tráth a thosaigh siad ag bláthú agus ba ghairid go raibh faighneog in áit gach blátha agus suas le sé shíol bídeacha i ngach faighneog. Só, deir tú arís, tuige nach bhfuair tú oiread agus pis amháin roimh chur na dtrátaí? An teocht, sin an fáth. Le coicís anuas tá an teocht iarnóin idir 80 agus 90 céim, tosca a chuireann stop le fás piseanna. Inné ghlan mé na féithleoga as an gceapach agus chaith ar an gcarn múirín iad agus creid uaim nárbh éasca an cinneadh é. Tá deich mbliana ann ó d’éirigh liom barr piseanna a bhaint. Seans maith ann gurb í i mbliana an uair dheireanach a chuirfidh mé piseanna.

Sunday, May 30, 2010

Giorriacha



Tamall de bhlianta ó shin thugas cnuasach d’fhionnadh faoi deara i gceann de na ceapacha ag bun an ghairdín. Nuair a dhruid mé leis chorraigh rud éigin i lár an fhionnaidh. “Nead” ghiorria a bhí fionnta agam. Bhí ceithre ainmhí bídeacha ann, iad fionnaithe agus a súile ar oscailt. An lá dar gcionn ba léir go raibh ceann díobh marbh agus i rith na hoíche bhog an mháthair as an nead é. Cúpla lá eile agus bhíodar imithe. Tharla an rud ceannann céanna san áit cheannann chéanna an bhliain dar gcionn.
I mbliana, ar na jabanna a bhí ar mo liosta bhí cuas beag san fhaiche ar aghaidh an tí a líonadh agus síol a chur san ithir. Well, ní raibh tosaíocht ard ag an jab sin agus rinne mé dearmad de. Inné bhí mo chéile agus céile a dearthár ag déanamh timthriall ar an ngairdín gur thug siad faoi deara go raibh an cuas lán d’fhéar tirim agus go raibh ainmhithe beaga ann. Maidin inniu agus í ag dul i dtreo bosca na nuachtán thug Maris faoi deara go raibh an mháthair ag beathú a clainne agus nach raibh scáth uirthi roimh mo chéile. Anois díreach chuaigh mé féin féachaint cad tá againn sna fhaiche. Ag bun an cuais tá mám maith d’fhionnadh bán-liath agus sin mar a bhfuil na hainmhithe nua-bheirthe, iad ina gcodladh. Anuas orthu tá suas le ceithre orlaí d’fhéar tirim. N’fheadar cad a thug ar an mháthair a nead a dhéanamh i lár na faiche. Seans go raibh an cuas tarraingteach, gur thug sí faoi deara go bhfágaim airde de 3.5 orlaí san fhéar tráth a bhearrtha agus nach bhfuil cat ná cú againn. Pé ar bith é, murab ionann agus coiníní óga, beidh na giorriacha óga réidh chun taistil roimh dheireadh na seachtaine. Sa phictiúr tá cluas agus lapa le feiceáil ach zúmáil isteach.

Friday, May 14, 2010

Raithneacha



Mar is eol daoibh tá muid teanntaithe, timpeallaithe agus iata isteach le crainn sa chaoi go bhfuil an chuid is mó den ghairdín faoi scáth. B’in ba chúis dom suim a chur sna raithneacha mar tá lear mór díobh siúd ann a fhásann faoi scáth. Ar ndóigh, ní leor sin mar cháilíocht mar caitheann siad teas an tsamhraidh agus fuacht an gheimhridh a sheasamh chomh maith. Chuige sin is ball mé den Hardy Fern Foundation (www.hardyferns.org) agus is tríd an eagraíocht sin a fhaighim formhór na raithneacha atá agam.
Déarfainn go bhfuil triail bainte agam as tríocha cineál raithneach agus go bhfuil teipthe, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ar a dtrian díobh siúd. Caitheann gach raithneach nua dhá bhliain i gceapach thrialach agus má thagann sé slán aistrítear é go láthair bhuan. Na raithneacha sa phictiúr, tá an dá bhliain sáraithe acu agus níor theip ach ar chineál amháin.

Thursday, April 22, 2010

Lá an Domhain

Mar is eol daoibh, a chairde, ní ceartchreidmhí amach is amach mé faoi cheist seo an Téimh Dhomhanda. Sin ráite, áfach, seo hiad na nithe atá déanta againn chun ár n-éileamh ar chumhacht (agus a chostas) a laghdú. Geall le gach solas sa teach, is solas fluaraiseach é. Tá foirnéis tíosach ar fhuinneamh againn le tamall de bhlianta. Tá sár-insliú againn sna ballaí agus san áiléar agus tá córas téimh de cheithre zón againn, rud a chuireann ar ár gcumas gan ach codanna áirithe den teach a théamh de réir mar is gá. I gcionn mí nó dhó beidh an chuid is mó de na fuinneoga (atá ann ó tógadh an teach sa bhliain 1973) á athfhuinneogú (???). Déanaimid athchúrsáil ar gach pioc páipéir, gloine agus miotail agus, ar ndóigh, déanaim múirín as gach ribe féir agus gach duilleog tite. Maidir leis an athchúrsáil, tá ag an mbaile beag seo stáisiún ginte leictreachais a dhónn an méid sin den ábhar athchúrsáilte atá indóite, ní hamháin ón mbaile seo, ach ó cheithre bhaile eile sa chearn seo den stát agus díolann na bailte sin as an áis seo. An bhfuil a thuilleadh a d’fhéadfaimis a dhéanamh? Tá, cinnte, ach tá céim mhaith chun tosaigh tógtha againn. Lá an Domhain faoi mhaise agaibh uilig.

Tuesday, April 20, 2010

An Dabhach Ola



Nuair a d’aistrigh an comhlacht a raibh mé fostaithe ann na saotharlanna taighde ó Syracuse (NY) go Connecticut b’éigean dúinn dul ar thóir teach nua. Bhí an t-ádh linn gur thángamar ar theach i bhfogas leathmhíle do na saotharlanna. Rainse a bhí ann agus é suite ar acra talún, tobar sa ghairdín ar aghaidh an tí, córas séarachais sa ghairdín ar chúl an tí. 2200 troigh cearnach sa teach agus íoslach de 2000 troigh cearnach ag dul leis.

Bhí drochbhail ar an teach, ach bhí an comhlacht flaithiúil go leor sa mhéid gur bronnadh suim mhaith airgid orainn chun cibé costais breise a bhí againn a ghlanadh. Bhí go maith agus ní raibh go holc agus laistigh de bhliain bhí an teach cóirithe go sásúil againn; péint nua ar gach balla agus síleáil, urlár nua dara sa seomra suí agus na gairdíní fiáine á dtabhairt chun míntíreachais againn.

Go nuige sin ní raibh againn mar bhreosla téimh againn ach meatán, ach anois bhí ola mar bhreosla againn. Áit éigin faoi thalamh bhí dabhach ola a raibh toilleadh 2000 galún ann. B’iontach an rud é a bheith in ann fanacht go dtí lár an tsamhraidh chun ola a cheannach.

B’in ceithre bliana is daichead ó shin. San idirlinn tháinig athrú ar na dlíthe agus cé go rabhamar marthanaithe (grandfathered) fad ár saoil féin, ní bheadh an teach indíolta agus an dabhach fós sa talamh. Inniu lá na cinniúna. Tá an seandabhach ar siúl, dhá dhabhach nua san íoslach (660 galún: bhí 700 galún fágtha agam sa cheann faoi thalamh) agus an jab geall le bheith críochnaithe. Cinnte, beidh orm síol féir a scaipeadh ar an bhfód nocht, ach thairis sin is faoiseamh mór dúinn nach raibh sileadh ar bith ón seandabhach a bhí faoi thalamh le breis agus 37 bliain. Seo na fir ag gearradh poill sa dabhach chun ligean don fhear ó Sheirbhís Dóiteáin an bhaile gach rud a sheiceáil, rud a rinne.

Saturday, April 17, 2010

“Taibhse Préachán”

Le blianta beaga anuas tá muid sna bólaí seo faoi léigear ag fianna. Tá méadú as cuimse tagtha ar a líon agus ós rud é nach bhfuil sé PC iad a mharú ach faoi choinníollacha thar a bheith srianta, tá cead a gcinn acu dul cibé áit is maith leo. Luaigh mé le déanaí go bhfuil ceapach lán de Trillium agam i mo scáthghairdín agus mé ag iarraidh iad a chrosphailniú féachaint an mbeadh teacht agam ar chineál nua. Well, dhá bhliain ó shin rinne na fianna scrios aon oíche ar na Trillium (Trillia??) sa chaoi nach raibh bláth ar bith fágtha. Ní raibh mé sásta fál d’ocht dtroigh a chur thart ar an gceapach, ach cheap mé nach raibh an dara suí sa bhuaile agam go dtí go bhfaca mé fógra i iris garraíodóireachta. Fearas thar a bheith cliste é a bhfuil trí chinn ceannaithe agam anois. Ceanglaítear osán uisce le spréire a bhfuil brathadóir neasachta (proximity detector) mar cuid de. A luaithe a thagann neach beo, go fiú siopmonc, i bhfogas 30 troigh den bhrathadóir, spréitear rois uisce ina threo. Stua de thart ar 120° atá ag an mbrathadóir agus an spréire ar aon. Ainneoin gur loiteadh ceapacha eile, níor baineadh leis na Trillium, ní anuraidh, ní i mbliana. Ceann eile suite agam anois chun na piseanna, na biatais agus na súnna talún a chosaint. Is gá cadhnra naoi volta a chur sa bhrathadóir ach maireann ceann amháin díobh siúd feadh an tséasúir. Aoibhinn an teicneolaíocht ar uaire.

Wednesday, April 14, 2010

An Aeráid, Arís

Tamall ó sin, thagair mé do alt taighde a foilsíodh in Science. San alt sin bhí mionphlé ar an tionchar atá ag tiús an ghal uisce san strataisféir ar ráta athraithe an téimh dhomhanda. Ón mbliain 2000 i leith tá eolas cruinn bailithe faoi thiús an ghal uisce strataisféirigh agus níl dabht ar bith ann ach gur ísligh an tiús sin de 10% i rith na tréimhse 2000-2010, rud a laghdaigh an t-ardú teochta ar dhromchla an domhain de 25% thar mar a bheifí ag súil leis dá mba rud é nár tharla aon athrú ar thiús an ghal uisce strataisféirigh.

OK, a deir sibh, ach nach bhfuil an méid sin ráite agat cheana féin? Tá, ach seo aguisín ar mhaith liom a chur leis. Roimh an mbliain 2000, níl figiúirí cruinne againn ar thiús an ghal uisce strataisféirigh, ach tá fianaise starógach againn go raibh borradh ar thiús an ghal uisce san strataisféir idir na blianta 1980 agus 2000. Maítear san alt taighde chéanna gur dóichí ná a mhalairt gurbh é an toradh ar an mborradh sin ardú breise de 30% ar ráta ardú teochta dromchla an domhain.

Anois, níl fúm anseo an lasóg a chur sa bharrach, ach is léir go gcreideann eolaithe ‘ceartchreidmheacha’ áirithe go bhfuil tiús an ghal uisce strataisféirigh thar a bheith guagach agus an-tionchar aige ar theocht dromchla an domhain, agus thairis sin, nach dtuigtear fós cad is cúis leis an nguagacht chéanna. Scéal casta, gan dabht, scéal nach mbeidh freagra simplí air go ceann tamaill.

Monday, April 12, 2010

Na Cluasa

Agus mé ag breathnú ar nuacht TG4 inniu, bhí sagart ó dheoise BhÁC faoi agallamh faoi ghéarchéim na hEaglaise in Éirinn. Baineadh stangadh asam mar cheap mé gur aithin mé an sagart, An tAthair Colm Ó Siochrú. Bhí leaid den ainm sin ag freastal ar Choláiste Mhuire le mo linn féin, breis agus caoga bliain ó shin. Agus conas mar a d’aithin tú é, a deir tú. Ar a chluasa. Cuimhin go glé liom an leaid céanna, duine de chlann a tógadh le Gaeilge agus a bhí ina shár-imreoir fichille. Níor bhuaigh mé oiread agus cluiche amháin agus muid i gcoimhlint le chéile agus nach aige a bhí na cluasa an tráth sin agus gan pioc difir orthu go dtí an lá ata inniu ann.

Friday, April 9, 2010

An Garraíodóir Eile

Sé céile ‘Mise Áine’ ‘An Garraíodóir’. Fágann sin gur mise ‘an garraíodóir eile’ agus seo mar atá an scéal agam go nuige seo. Tá piseanna ag péacadh sa cheapach ardaithe nua agus nuair a bheidh mé réidh leosan, beidh trátaí á gcur ina n-áit. Thart ar sheasca lá ó chur na síol go baint an bhairr, sin a bheidh ó na piseanna. Beidh dhá shaghas tráta agam: ceann len ithe láithreach agus ceann de shaghas ‘Roma’ a ndéanfaidh mé anlann astu. Cuimhnígí gur pósta le hIodálach-Mheiriceánach atá mé. Tá ceapach nua sú talún curtha agam agus an-bhorradh fúthu, ainneoin nach bhfuil ann ach seachtain ó chuir mé i dtalamh na 25 plandaí. Líne amháin de bhiatas rua ag imeall na ceapaí sin. Leis an mbreis solas gréine atá ann de bharr baint na gcrann, a bhuí do Chosantóir na mBilí, tá giolcaigh na súnna craoibhe ag léim as an talamh agus beidh ár gcéad béile asparagais againn amárach. Na ceapacha ina raibh na prátaí ag fás anuraidh, táid clúdaithe anois le plaisteach dubh agus beidh siad á mbácáil agam feadh an tsamhraidh, mé ag súil go scriosfar an Phytophthera infestans roimh theacht an fhómhair. Ar an taobh eile den ghairdín tá scáthghairdín de cheithre cheapach agam, na cinn is sine agam. Raithnigh iomadúla i gceann amháin, Trillium de shaghsanna éagsúla i gceann eile, Helleborus (earrach) agus Tricyrtis miyazaki (fómhar) sa tríú ceann agus Arisaema agus Geranium fiáine sa cheann deiridh. Tugtar ‘Jack in The Pulpit’ ar Arisaema sna bólaí seo, ach ar na hainmneacha atá ag na Gaeil ar an bplanda seo tá “Bod Madra”, ainm nach bhfeicfidh tú ar an stampa poist Éireannach. Agus sin agaibh é, a chairde. Ach fan nóiméad. Píosa eile nuachta agam daoibh. Tá na beacha fiáine fillte le cúpla lá agus an crann piorra ar tí bláthú.

Aoibhinn beatha an gharraíodóra!!

Wednesday, April 7, 2010

Na Cromchinn



Lus an Chromchinn a thugtar orthu, ach is fearr liomsa an giorrúchán. Iad faoi bhláth anois ins chuile áit sa ghairdín seo ‘gainne. Níl a fhios agam a thuilleadh ca mhéad cineál atá againn, suas le fiche, measaim: cinn a bhláthaíonn go luath, cinn le cumhracht agus cinn ina héagmais, cinn a thagann i mbláth coicís ar aghaidh agus cinn bhídeacha bhuí a mheastar gurbh as Anatolia dóibh, ceantar dúchais an bhlátha seo, nach mbláthaíonn go dtí tús Bhealtaine.

Sunday, April 4, 2010

Béarlagair

I ngach proifisiún bíonn a bhéarlagair féin le fáil. Mar shampla, agus mé i bhfeighil saotharlainne agus fostaí agam a bhíodh de shíor ag clamhsán agus ag cur i gcoinne gach iarracht feabhsaithe a dhéanainn, thugaimis ‘high maintenance employee’ air a leithéid, ach, agus muid ag tagairt dó ba é ‘HME’ a bhí againn air. Agus mé ag scríobh faoi bheirt a dúnmharaíodh agus iad ag spaisteoireacht le chéile, bhí ceist le freagairt ag na gardaí: an raibh ar intinn an bheirt a mharú, nó duine díobh, sé sin le rá cérbh é an ‘intended victim’. Agus a fhios agam go mbeadh téarma ar leith ag na póilíní ar a leithéid, chum mé an béarlagair ‘sprioc-íobartach’ agus sin atá á úsáid go sealadach agam i rith an úrscéil. Chuir mé faoi bhráid na dtéarmaíochtóirí é, ach ba é a moladh nach raibh gá le téarma ar leith agus gurbh fhearr dom ‘cé acu díobh a bhí i gceist a mharú’ a úsáid. Níl mé sásta leis sin mar tugann sé le fios dom nach dtuigeann siad cad is béarlagair ann agus an gá atá leis má tá faoi údar cuma na réaltachta a bheith ar a chuid ficsin.
Só, a chomhbhlagadóirí, bhur mbarúil?

Thursday, April 1, 2010

Cré

Tá úrscéal ar mo ríomhaire a bhfuil ‘Achaidh Aislinge’ mar theideal air. Déanta na fírinne is ‘novella’ é seachas úrscéal. Ní dóigh liom go bhfoilseofar choíche é toisc an plota a bheith do-chreidte agus an Ghaeilge lag. Deich mbliana ó shin a scríobh mé é agus cé gur fhéach mé air arís ó chianaibh, chuaigh sé rite liom aon ró-fheabhsú a dhéanamh air. An blag ó Mise Áine, Ó Chré go Cré, a chuir i gcuimhne dom arís é. Seo thíos blúirín as an scéal.

Ba é a bhí á mhaíomh ag Niamh sa leabhar sin ná go raibh fianaise le fáil i mbéaloideas iliomad tíortha faoi áiteanna ar leith a raibh an oiread sin baint acu le saoil, cruatain, íobairtí agus anbhás daoine go raibh spioraid na muintire sin bainteach fós le gach áit díobh. Tá i ngach neach daonna, a dúirt sí, géarghá go mbeadh cuimhne air i ndiaidh a shaoil. Féach, a dúirt sí, ar nósanna cuimhneachán na marbh sa tSeapáin, sa tSín agus i dtíortha eile nach iad. Féach mar a théann daoine ar chuairt chuig uaigheanna a muintire, cuma an gcreideann siad sa bheatha shíoraí nó nach gcreideann, agus gach súil acu go mbeadh cuimhne orthu féin agus iad dulta faoin bhfód. Sé atá in Achadh Aislinge ná scoilt bheag sa spás-am a ligeann do na mairbh a scéalta féin a athinsint dúinne i dtreo nach ndéanfaí dearmad buan orthu.

Saturday, March 27, 2010

An Cheapach Nua

Go nuige seo, ba é ba nós dom agus ceapach nua á tógáil agam alt leathrádail (half lap joint) a bheith agam idir na bíomaí adhmaid. Ansin, le béalmhír an-fhada druileála dhéanainn poll go talamh tríd na n-altanna agus dhaingnínn iad le rebar buailte síos tríd na poill isteach sa talamh. Mór an saothar é. Chinn mé ar mhodh nua a thriail leis an gceapach nua: bunalt (butt joint) in áit alt leathrádail agus Gorilla Glue in áit rebar. Agus, dar m’anam, d’oibrigh an plean go seoigh. Buntáiste eile leis an modh seo ná go bhfuil an cheapach so-aistrithe dá mba ghá. Tá piseanna curtha agam sa cheapach agus beidh siad siúd bainte tráth curtha na dtrátaí.

Monday, March 22, 2010

Cúram Sláinte II

Sea, Dennis, is céim mhór chun tosaigh í. Trua, áfach, nár glacadh leis an ‘public option’. Tá mise agus mo chéile ar Medicare, scéim árachas sláinte do sheanóirí ar dhíolamar aisti feadh ár saol oibre, ach nach raibh ar fáil dúinn gur shroich muid an 65. Ina theannta sin, díolaimid breis agus $300 sa mhí chun fairsinge a chur leis an árachas agus rud éigin eile sa bhreis le haghaidh árachas drugaí. Táimid breá sásta leis an gcóras seo, córas atá éifeachtach agus a bhfuil forchostais measartha íseal ag dul leis.

Agus an díospóireacht faoi ‘Cúram Sláinte’ ar siúl le breis is bliain, tuige ar mé liom féin nach bhfuil an cineál seo árachais sláinte ag chuile dhuine. Anois, tá a fhios agaibh go bhfuil lé agamsa leis an gCoimeádachas, ach tá córas Medicare simplí go leor agus tá sé trédhearcach. Tosaíonn tú ag díol as a luaithe a thosaíonn tú i do chéad jab. Agus tú id óige, is ag díol as cúram sláinte na sean atá tú. Agus tú id sheanóir, siad na daoine óga atá ag díol ar do chúram sláinte. Tá sean-taithí againn ar an gcineál seo cánach. Tá ár gclann tógtha agus scaipthe le fada an lá, ach gach bliain díolaimid cáin sealúchais leis an mbaile beag seo a bhfuil 65% di dlite do na scoileanna poiblí. Breá simplí mar chóras é agus ó thalamh an domhain ní thuigim cad ina thaobh nárbh in an córas a reáchtáladh mar chóras árachas sláinte.

Friday, March 19, 2010

Idir Dhá Chomhairle

Is fada ó cuireadh bréag i mo leith ach sin a rinne Dubhaltach sa mhír thíos. Ina theannta sin, maslaíonn sé mé as na foinsí eolaíochta a ndéanaim tagairt dóibh. Níl mé cleachtach ar etiquette na mblaganna. Ar chóir dom neamhshuim a dhéanamh den mhí-iompar seo, nó fogha a thabhairt faoi agus mugadh magadh a charnadh air. N’fheadar. Bhur gcomhairle uaim. San idirlinn, táim chun filleadh ar an ngairdín mar a bhfuil an cheapach nua tógtha agam, agus is gleoite mar cheapach í. Trátaí a bheidh inti i mbliana.

Seo duit sliocht as páipéar a foilsíodh le fíordhéanaí in Science (Science, vol 327, 5 March, 2010, pp 1219-1223). Tá na húdair bainteach le NOAA, le hOllscoil Colorado agus le hOllscoil Bern.

“However, the trend in global surface temperatures has been nearly flat since the late 1990s….”

Arsa Dubhaltach

Bréag lom atá ann, ní admhaítear a leithéid ar chor ar bith! A mhalairt.
Níl a fhios agam cá bhfaigheann tú do chuid eolais ach is léir nach bhfaigheann tú ó fhoinsí eolaíochta é.

Tuesday, March 16, 2010

An Doscéal

Tá an léirmheas a scríobh mé ar shaothar Matt Hussey foilsithe in eagrán Mhárta Feasta. Ar eagla nach bhfuil síntiús do Feasta ag duine nó beirt daoibh, seo chugaibh é.

An Doiscéal de Réir Mhatt.

An Forthéamh Domhanda le Matt Hussey (Coiscéim 2009, l. 136, € 7.50)

Léirmheas le Seán O’Connor

De réir leathanach cúil an leabhair seo, tá suas le fiche leabhar le Marr Hussey i gcló cheana féin. Cé nach bhfuil a bhformhór léite agam, bhain mé féin an-taitneamh, agus d’fhoghlaim mé a lán as dhá leabhar leis, An Gasaitéar Eolaíochta, Nod do Eolach, (An Gúm, 1999) agus An Cosmas, An Chosmeolaíocht agus an Duine (Coiscéim 2003). Ní haon dóithín é Matt Hussey i réimsí leathana eolaíochta, arae tá céimeanna bainte amach aige san Innealtóireacht, sa Bhithfisic agus sa Bhithinnealtóireacht, gan trácht ar é a bheith mar Stiúrthóir, tráth, ar Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath. Tugaimis aird, dá bhrí sin, ar a bhfuil le rá aige sa leabhar atá idir camáin agam anseo.

Ach focal rabhaidh agam daoibh i dtosach. Más ag súil le plé neamhchlaon ar na barúlacha éagsúla atá ann faoi láthair i dtaobh an téimh dhomhanda féin, sé sin an ann dó, agus más ann dó, cad go cruinn is méid dó agus cad is cúis/cúiseanna/ leis, ní bhfaighidh tú sa leabhar seo é. Cuireann an t-údar a sheasamh féin i iúl dúinn leis an teideal a cheap sé don leabhar: Forthéamh (over/extreme heating) aige in áit Téamh (warming). Is Soiscéalaí é Hussey a bhfuil An Doiscéal á chraoladh aige. Is cineál Irimia é agus go deimhin cloisim macalla sa leabhar seo ar “Crioslaigh tú féin mar sin chun comhraic.” (Irimia 1:17)

Sin ráite agam, is geall le ciclipéid bheag an leabhar ar na cúiseanna, idir nádúrtha agus antraipigéineach (sea, beidh ort lear mór focal nua a fhoghlaim agus tú ag treabhadh tríd an leabhar seo, ach tá foclóir cuimsitheach ag cúl an leabhair), a cheaptar a bheith leis an ardú teochta atá tagtha ar an domhan ó thús an Réabhlóid Thionsclaíochta. Tá an oiread sin eolais agus tuairimí nochta ag Hussey sa leabhar seo nach bhfuil fúm sa léirmheas seo ach tagairt a dhéanamh do chuid díobh.

Ó 1970 i leith, dar le móramh na n-eolaithe, tá ardú teochta de thart ar 1°C tagtha ar mheánteocht an domhain agus de réir Hussey, tá na heolaithe meáite de go mbeidh an ráta ardú teochta ag géarú as seo amach, cé gur eol dúinn anois, agus go n-admhaítear nach bhfuil ardú teochta tagtha ar an meánteocht le deich mbliana anuas. Cé go measfaí gur beag é 1°C, déanann an t-údar tréaniarracht a chur ina luí orainn gur ábhalmhór an t-athrú é agus gur sinne, an cine daonna, is cúis leis, cuid mhaith. Well, tagraítear, freisin, do ‘ghaofairecht’ (bromanna?) na mbilliún ainmhithe agus don astaíocht a thagann ó sheangáin agus teirmítí.

Ar na hiarmhairtí a eascraíonn ón ardú teochta, más fíor gur ann dó, tá Leá na nOighearchaidhpeanna, Éirí Leibhéal na Farraige agus Leá an Bhuanreo (permafrost). Ach cad is cúis leis an ardú teochta? Na gáis cheaptha teasa, deirtear, ar a bhfuil Déocsaíd Charbóin, Meatán, Gal Uisce, Ocsaíd Níotrúil agus gáis shaorga de leithéid trífluairíd nítrigine. Tá cur síos cúramach so-thuigthe ag an údar ar an slí a chuireann na gáis seo bac ar éalú teasa ó dhromchla agus atmaisféar an phláinéid. I gcaibidil eile tá cur síos ar conas mar a shúnn an fótaisintéis an déocsaíd charbóin as an atmaisféar agus an drochthionchar atá ag an dífhoraoisiú ar leibhéal an gáis sin. Agus, ar ndóigh, is cúis imní don údar an borradh atá ag teacht ar ár ndaonra.

Leagtar an milleán, nó 55% de, ar an mborradh atá tagtha ar thiúchan Déocsaíd Charbóin ó ghiniúint cumhachta leictrí le gual, gás nádúrtha agus ola agus ó bhreoslaí taistil agus déantúsaíochta. Tá an tiúchan sin dulta ó 280 csm/ppm) thart ar an mbliain 1800 to dtí 385 csm/ppm i láthair na huaire agus is fíorbheag líon na ndaoine nach gcreideann an fhíric sin. Níl aon phlé sa leabhar seo go bhfios dom, ar aon bhuntáiste a bheadh mar thoradh ar ardú meánteocht an domhain, athrú chun feabhais, b’fhéidir, ar thalmhaíocht na hÉireann.

Ach an féidir rud ar bith a dhéanamh chun astaíocht Déocsaíd Charbóin a laghdú? Mar fhreagra air sin, tar éis dó an gá le barréifeacht i bpróisis tionsclaíochta agus baile a phlé, tugann Hussey aghaidh ar fhoinsí eile cumhachta. Ina measc siúd tá Fuinneamh Geoteirmeach, Gaothfhuinneamh, Grianfhuinneamh, Fuinneamh Taoide agus Tonnta, Fuinneamh Núicléach agus na Bithbhreoslaí. Den chuid is mó, is sásúil, réasúnta, eolach an anailís a dhéantar ar na bhfoinsí sin, idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí, cé nach léir dom go bhféadfaidís siúd áit an ghuail, na hola agus an gháis nádúrtha (meatán) a líonadh ar chor ar bith.

Is caibidil fíorshuimiúil í an cur síos atá ag Hussey ar an tionchar atá ag ardú beag teochta ar an dúlra agus cé chomh leochaileach is atá cuid mhaith créatúr de leithéid débheathaigh (amphibians).

Sna caibidlí ag deireadh an leabhair, cuirtear síos ar Chruinniú Rio de Janeiro (1992), Dréachtchonradh Kyoto (1997) agus ar Chopanhágan (2009), cé gur foilsíodh an leabhar roimh an gceann is déanaí díobh siúd. Ní dóchasach a bhí an t-údar go n-aontófaí in Copanhágan le laghdú de 20% faoi bhun leibhéal na bliana 1990 ar astaíocht gás teascheaptha faoin mbliain 2020, gan trácht ar an laghdú de 30% atá molta ag an gCeannaireacht Dhomhanda um Athrú Aeráide.

Don ghnáthléitheoir Gaeilge nach bhfuil aon ró-chur amach aige ar an bhfoclóireacht theicniúil, ní léamh éasca, ar uaire, é an leabhar seo, ach b’fhiú do gach duine a bhfuil spéis aige sa phlé atá ar siúl ag eolaithe, polaiteoirí, bolscairí agus ‘fáidhithe deireadh an domhain’ iarracht dhúthrachtach a dhéanamh treabhadh tríd, mar tá an t-uafás eolais le fáil ann. Cé nach mbacann Hussey ar chor ar bith le tuairimí daoine agus eolaithe nach nglacann leis an ‘seasamh oifigiúil’, tá a chás pléadáilte go paiteanta aige, cuma an nglactar nó nach nglactar lena bhfuil le rá aige.

Friday, March 12, 2010

Preasoifig an Gharda

Ó am go chéile agus mé i mbun scríbhneoireachta, bíonn orm ceist a sheoladh chuig Preasoifig an Gharda. Is i nGaeilge a sheolaim an cheist, ach go hiondúil is i mBéarla a thagann freagra chugam. Mór m’iontas ar maidin nuair a tháinig an r-phost thíos chugam. Tionchar Acht na dTeangacha is dócha, ach pé ar bith é, is céim chun tosaigh í.

Móra duit ar maidin , a Sheáin.
Go raibh maith agat as ucht do chuid cheisteanna.
Tá an tAonad Speisial Bleachtaireachta freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar bhagairtí do slandáil an stáit agus as monatóireacht a dhéanamh ar dhaoine atá ina bhagairt do seo ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Soláthraíonn an tAonad slándáil do cuairteoirí VIP/ Daoine Mór le Rá, gluaiseachtaí airgid tirim ar iompar, agus freagairt armtha. Is sciathán den chlár Tearmainn Finné (Witness Protection programme) é an tAonad Speisialta Bleachtaireachta.

Tá súil agam go gcabhróidh sé seo leat.

Is mise le meas mór agus go n-éirí an t-ádh leat leis an úrscéal.


Alan Roughneen
Preasoifig an Gharda Síochána

Sunday, March 7, 2010

“Tá gá le caighdeán – ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir.”

Sin agaibh thuas, blúirín as phost Áine agus í ag cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí agus gan a fhios acu cén chanúint a bheidh á labhairt ag an scrúdaitheoir agus iad ag dul faoi scrúdú béil. Agus mise ar scoil in Éirinn, (Ré an Chré-umha, ar ndóigh) ní raibh trácht ar scrúdú béil. Ar an lámh eile de, bhí sé, agus tá sé fós de bhuntáiste agam go raibh agam ó thosaigh mé ar an mbunscoil, ‘low babies’ mar a thugtaí air, múinteoirí ó gach ceann de na Gaeltachtaí.

Bean Uí Léidin: Maigh Eo
Miss Sweeney: Baile Bhúirne
Mister Cunningham: Gaillimh
Máistir Ó hÉigeartaigh: Teileann na nIasc, Dún na nGall
Na Bráithre agus na Múinteoirí i gColáiste Mhuire: Gaeilge na Mumhan den chuid is mó, agus ‘ná’ seachas ‘nach’ ag beirt díobh.

Táid ann a cheapfadh go gcuirfeadh an réimse leathan sin canúintí as dom. Níor chuir. Déanta na fírinne, níor thugas suntas go comhfhiosach do na hathruithe, amhail is nár thugas suntas do Bhéarla duine dem sheanaithreacha, arbh as Yorkshire dó.

OK, sin mo stair féin. Fillim anois ar cheist Áine. Chun tús a chur leis an díospóireacht a bhfuil mé ag súil lena spreagadh, tugaim aghaidh ar an Iodáil. Ar chúiseanna stairiúla, tá iliomad canúintí Iodáilise ann, sa chaoi go dtéann sé rite ar dhuine ó Venezia teanga duine ó Salerno a thuiscint, más ina gcanúintí féin a labhraíonn siad. Ach, agus daltaí ar scoil san Iodáil, is trí Thuscáinis a mhúintear iad. Raidhse canúintí bríomhar, Caighdeán Oifigiúil. An scéal ceanna sa tSín.

An mbeadh a leithéid sodhéanta in Éirinn? Seo giota as ‘Howl is Abhus’ le Gabriel Rosenstock in Comhar Mhárta i mbliana.

‘Sa bhliain 1952 a foilsíodh Nuascéalaíócht in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, canúneolaí. Sliocht as an réamhrá uaidh: “De bharr míchiall a bhaint as teagasc úd an Athar Peadar agus a cheapadh gurb ionann ’caint na ndaoine’ agus gnáthchaint aon bhaile amháin, thosaigh daoine ag iarraidh minghéithe canúnachais a léiriú ina gcuid saothair, agus shíl siad iallach a chur ar an uile scríbhneoir leanacht dá sampla. Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Dar leis na scríbhneoirí óga ba ghobán plúchta ina mbéal é ceangal seo na canúna. Bheadh caint bheo an phobail ina meán marbh acu dá mba nach ligfí dóibh í a shaothrú de réir a n-éirime féin, agus tarraing as iltoibreacha na teanga le smaointe a chur i bhfocal ar chaoi nár rinneadh ariamh cheana…”

Sé an tátal a bhainim as ráiteas sin de Bhaldraithe gur chóir droim láimhe a thabhairt don chanúnachas, rud nach ionann agus caighdeán liteartha a mholadh. “Let a million blossoms bloom,” mar a dúirt an té a dúirt. Tá gá le caighdeán, idir scríofa agus labhartha sa Ghaeilge, ach tá an Caighdeán Oifigiúil ró-chasta. Le déanaí chaith mé súil ar ‘Stíl Tí’ an Gúm. Bhí go maith ag ní raibh go holc go dtí gur shroich mé leathanach a 12. ‘Séimhiú agus Loime’, gan trácht ar an ‘Séimhiú Idirdhealaitheach’. Bí ag caint ar chastacht. Bí ag caint ar shuantraí. Bí ag caint ar dheachtóireacht na mionphointí gramadaí. Bí ag caint ar bhac ar fhoghlaim.

Agus mé im iarchéimí, léigh mé caibidil i leabhar ag cur síos ar conas ar tháinig Einstein ar an gcothromóid E = mc². Thuig mé é. An lá dár gcionn, bhí sé dearmadta agam. Sin díreach a tharla le déanaí i gcás ‘Séimhiú, Loime agus An Séimhiú Idirdhealaitheach.” Tá gá le caighdeán sa Ghaeilge, caighdeán atá i bhfad níos gaire don teanga labhartha. Ach ní fheicim áit ar bith é faoi láthair.

Wednesday, March 3, 2010

Dicey



Cathal Brett agus Cathal O'Connor

Agus muid inár gcónaí in Indianapolis, bhí triúr dár gceathrar ag freastal ar scoil an pharóiste, Saint Mark’s, scoil a bhí ar an gceann ab fhearr i ndeisceart Indianapolis. Tharla ag an am go raibh mise gafa leis an ngiotár, grúpa beag dínn ag cleachtadh is ag seinm amhrán den chineál a bhíodh ar siúl ag na Clancy Brothers. Ba ghnáth do na leanaí bheith i láthair agus muid ag cleachtadh. Thaitin an ceol leo ach bhí amhrán amháin a cheap siad uilig a bheith thar barr ar fad agus ba é sin ‘Dicey Reilly’.

Poor Ole Dicey Reilly
She has taken to the sup
Poor Old Dicey Reilly
She will never give it up.

Ar ndóigh, ba striapach í Dicey, ach gan tuiscint ar bith ag mo mhuirear cad ba bhrí leis sin. An leaid ab aosta linn, Cathal, bhí sé i rang ceoil lá agus d’fhiafraigh an múinteoir den na daltaí an raibh amhrán ag éinne díobh. Shín Cathail a lámh in airde. “Ar aghaidh leat,” arsan múinteoir. Bhí guth measartha maith aige agus chríochnaigh sé na trí véarsaí a bhí ar eolas aige. Bualadh bos ó na daltaí eile, aghaidh lasta ar an múinteoir. Glaodh orm teacht chun labhairt léi. Léasadh teanga a fuair mé.

Is captaen é Cathal anois i gcabhlach na Stát Aontaithe agus é postaithe sa tSeapáin. Le déanaí bhí air cuairt a thabhairt ar an Téalainn agus ní hamháin gur tháinig sé ar fhear a raibh an t-ainm céanna aige ach bhí pub ag an bhfear sin a raibh ‘”Dicey Reilly” mar ainm air. Ar ndóigh chan Cathal an t-amhrán don chomhluadar.

Wednesday, February 24, 2010

Na Cloigne: TG4

Mura bhfuil an dráma seo feicthe agaibh, b’fhiú go mór dul ar líne ag TG4 agus an chartlann ‘Dráma’ a chuardach. Dráma trí eipeasóid atá ann agus idir ghrá, mhídhílseacht, ragairne, dhúnmharaithe agus dhiamhracht ag baint leis. Gan aon agó, ba é an clár ba shuimiúla é dá bhfaca mé riamh ar TG4. Osréalachas agus paranormáltacht ag baint leis, ach is fearr gan a thuilleadh a rá faoi ar eagla go loitfinn an t-eispéireas atá romhat.

Thursday, February 18, 2010

Momento II

Ba é ba chúis dom an píosa ‘Momento’ a sheoladh chugaibh ná an focal ‘luaithreach’ a bheith sa leagan Gaeilge seachas an focal ‘deannach’ a mbeinn ag súil leis. Is ón Bíobla Naofa (An Sagart, 1981) a fuair mé an leagan Gaeilge. Ón bhfoclóir Laidine is fearr dá bhfuil agam, ciallaíonn ‘pulvis’ deannach, púdar, cé go bhfuil tagairt d’údar amháin, Q. Horatius Flaccus, a bhain an bhrí ‘luaithreach’ as.

Ag filleadh ar na foclóirí Gaeilge tá ‘Cré ag imeacht ins luaithreach’ (clay turning to dust) ag Ó Dónaill, cé nach bhfuil an bhrí sin le fáil i m’eagrán de Dinneen a bhfuil ‘ashes, cinders’ amháin aige. Is in Geineasas a fhaightear an rabhadh ‘Óir is luaithreach tú…’ agus ba in Eabhrais a scríobhadh an leabhar sin. Is iomaí aistriúchán atá déanta ar an mbuntéacs: ón Eabhrais go dtí an Ghréigis agus an Laidin, agus ón Laidin go dtí teangacha eile. Ar an drochuair níl aon fo-nóta faoi ‘dust’ san imleabhar ‘Genesis’ le E.A. Speiser, Anchor Bible, Doubleday, 1981, aistriúchán a rinneadh go díreach ón Eabhrais. Só, fágaim agaibh é. Luaithreach nó deannach, nó go fiú ‘ithir’. Braitheann sé sa deireadh ar cén chaoi a adhlactar thú, id chorp, nó id luaithreach.

Wednesday, February 17, 2010

Momento

Momento homo quia pulvis es et in pulverem reverteris.

Cuimhnigh a dhuine gur luaithreach tú agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.

Tuesday, February 16, 2010

Yukiguni




Agus mé im shuí anseo im leabharlann/seomra staidéir/ táim ag féachaint amach an fhuinneog ar an sneachta atá ag titim anois ó bhreacadh an lae. Cuireann an tírdhreach i gcuimhne dom an samhradh a chaith mé ag dianchúrsa Seapáinise in Ollscoil Yale. Ní hamháin gur mise an té ab aosta de fiche bliain den dháréag macléinn, ach bhí mé i gceannas grúpa taighde i saotharlanna Bristol-Myers in Wallingford, 15 míle slí ó New Haven mar a bhfuil Yale. Sé a bhí i gceist agam an dá thrá a fhreastal agus ba bheag nár chloígh an samhradh sin mé. Bhí an t-uafás obair bhaile le déanamh don chúrsa, cúpla céad kanji le cur de ghlan mheabhair agam, scrúdú comhrá in aghaidh na seachtaine agus an-bhrú orainn sa chomhlacht críoch a chur le scéim chun líon na samplaí a láimhseálfaí sna saotharlanna in Tokyo a mhéadú faoi dheich. I ngar do dheireadh an chúrsa agus gan ach 300-400 kanji foghlamtha agam, thug an múinteoir sinsearach leabhar dom tráthnóna Aoine agus d’ordaigh dom an chéad leathanach a bheith aistrithe agam thar an deireadh seachtaine. Yukiguni le Kawabata Yasunari ab ea an leabhar. Ciallaíonn ‘Yukiguni’ Tír an tSneachta agus tosaíonn an leabhar le traein ag brúchtadh amach as tollán isteach i dtír atá go huile is go hiomlán faoi sneachta. Ar chaoi éigin, le cabhair foclóir leictreonach a bhí ceannaithe agam in Tokyo, d’éirigh liom an t-aistriúchán a chríochnú oíche Dé Domhnaigh. B’uafásach deacair mar leabhar é, dar liomsa, ach bhí an múinteoir sásta le m’iarracht agus chríochnaigh mé an cúrsa le A-. Agus cén fáth, a deir sibh, gur chuir tú an oiread sin stró ort féin? Well, bhí mé i dteideal bheith freagrach as leath den fhoireann taighde sna saotharlanna in Tokyo agus bhí mé meáite de go gcaithfinn bheith in ann labhairt leis na daoine a bhí ‘ag obair ag na binsí’ in Tokyo seachas bheith ag brath ar an dorn beag ceannairí a raibh Béarla acu. Den chuid is mó, d’éirigh liom, ach gach uair a fheicim sneachta ag titim, tagann ‘Yukiguni’ chun cuimhne dom láithreach bonn baill.

Friday, February 12, 2010

Bithbhreoslaí?

Tá alt san NYT inniu (http://www.nytimes.com/2010/02/12/business/energy-environment/12biofuel.html?ref=business) a deireann go bhfuil staid agus fóirdheontais an AE i leith bithbhreoslaí i mbaol ar chúiseanna a bhaineann le hastaíocht Déocsaíd Charbóin de bharr a ndéantúis. Is suimiúil mar thuarascáil é agus cuireann sé i gcuimhne dom a raibh le rá ag Matt Hussey i dtaobh na mbithbhreoslaí céanna ina leabhar ‘An Forthéamh Domhanda’. Mar is eol daoibh agus mé ag scríobh faoi shaothar Hussey, ní ghlacaim go huile lena bhfuil le rá aige sa leabhar, ach measaim go raibh anailís chúramach déanta aige i gcás na mbreoslaí sin.

Wednesday, February 10, 2010

Géineacha agus Luas

San iris Science, 5 Feabhra, tá cur síos gearr ar chomhlacht nua i gcontae Chill Dara darb ainm Equinome. Deir Emmeline Hill, taighdeoir géineolaíochta i gColáiste na hOllscoile BhÁC, ar comhbhunaitheoir an comhlachta í, gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir capaill ar fearr iad mar rábálaithe (sprinters) agus capaill a bhfuil seasmhacht níos buaine acu. Braitheann an t-idirdhealú ar thástáil ghéiniteach, ar chostas € 1000, a léiríonn cé acu an bhfuil dhá chóip den leagan T nó dhá chóip den leagan C den ghéin ‘myostatin suppressor’ ag an gcapall. Más leagan C amháin atá ag an gcapall, is fearr é mar rábálaí agus más leagan T amháin atá aige, is fearr seasmhacht an chapaill. Níl an bunpháipéar léite agam (caithim dul ar a thóir) ach déarfainn nach bhféadfaí rud ar bith a rá faoi chapall a bhfuil cóip amháin de C agus cóip amháin de T aige.

Cuireann sin i gcuimhne dom mé féin is m’athair, go ndéana Dia trócaire air, ag na rásaí i bPáirc an Fhionnuisce agus é ag iarraidh ‘form’ capaill a ríomhadh ó stair an chapaill faoi chúinsí éagsúla. Cé nár bhuaigh sé a lán, níor chaill sé mórán ach an oiread. Agus, ar ndóigh, fágann an tuarascáil seo i bponc mé faoi cén leagan den ghéin a bhí ag na hógmhná a theith chomh sciobtha sin uaim agus mé im óige.

Wednesday, February 3, 2010

Forthéamh agus Do-Earráideacht

Níl aon dabht ann ach go bhfuil nithe ag tarlú, nithe ar nós leá an Oighir Artaigh sa chaoi go mbeidh an Northern Passage ar oscailt i rith an tsamhraidh i gceann bliain nó dhó. Is léir, freisin, go bhfuil leá as an ngnáth tagtha ar Oighearshruthanna i Meiriceá Theas. Má bhraithim amhrasach faoi roinnt de na tuartha a thagann go rialta ó mhóramh na nEolaithe Oifigiúla, ní hionann sin is a rá go ndiúltaím le gach a bhfuil le rá acu. Tá an ceart ag Aonghus agus Séamas Poncán nuair a luann siad ‘creideamh’ seachas eolaíocht agus iad ag tagairt do roinnt den bhaothchaint a chloistear agus a léitear le tamall anuas. Cuireann sé ‘Do-Earráideacht’ i gcuimhne dom. Mar a luaigh mé cheana, tá cúpla fíric ann nach féidir a sheanadh: an t-ardú ar thiúchan Déocsaíd Charbóin agus gur gás teascheapach é; an t-ardú de 1°C ar mheánteocht an domhain ón mbliain 1970 i leith; an t-ardú atá tagtha ar mheánleibhéal na farraige i rith na mblianta céanna. Ach seachas sin, n’fheadar.
Chuir an focal sin ‘Do-Earráideacht’ scéal beag i gcuimhne dom. Chaith mé cúig bliana déag mar cheimiceoir sa chomhlacht Eli Lilly, ag obair, den chuid is mó, ar frithbheathaigh. Ar na seoda a bhí ag an gcomhlacht i rith an ama sin bhí Vancomycin. Ar chúiseanna atá rud beag ró-theicniúil don bhlag seo (ach cuirfidh mé ar fáil iad d’éinne a bhfuil siad uaidh), mhaítí nach bhféadfadh baictéar ar bith éirí frithsheasmhach i gcoinne Vanco. Agus b’fhíor sin ar feadh i bhfad. Ansin tharla rud nach rabhthas ag súil leis. Fuarthas Enterococcus a bhí frithsheasmhach agus leath an frithsheasmhacht sin go tapa i measc Enterococci eile. Tá Vanco ar an dorn an-bheag frithbheathaigh a chloíonn MRSA. Agus cad a tharla ansin, a deir tú. Well, fritheadh MRSA a bhí frithsheasmhach i gcoinne Vanco agus ba léir gur ‘fhoghlaim’ sé an cleas ó Enterococcus éigin mar gur ar an modh céanna a dhéileáil sé le Vanco. Anois, ar ámharaí an tsaoil, níl an frithsheasmhacht in MRSA ag leathadh go tapa. Ach bi cinnte de go mbeidh “Stop Press” in iris mhíochaine éigin sna blianta atá romhainn. Do-Earráideacht!!!

Monday, February 1, 2010

Te Abhus, Fuar Thall

Agus mé ag scríobh léirmheas ar an leabhar is déanaí ó pheann Matt Hussey, ‘An Forthéamh Domhanda’, díríodh m’aire agus mé ag póirseáil ar an idirlíon, ar an tslí a bhfuil athrú tagtha ar conas mar a thagraítear do na himpleachtaí a bhaineann leis an ardú atá tagtha ar thiúchan Déocsaíd Charbóin ó 280 ppm thart ar an mbliain 1800 go dtí 385 ppm i láthair na huaire. Tamall de bhlianta ó shin ba é ‘Téamh Domhanda’ a bhí i mbéal na n-eolaithe. Cé go bhfuil glactha go forleathan leis go bhfuil ardú de 1°C ar mheánteocht an domhain ón mbliain 1970, admhaítear anois nach bhfuil athrú ar bith feicthe le deich mbliana anuas. Is dá bharr sin, measaim, go raibh gá le hainm eile a bhaisteadh ar na hiarmhairtí, mar atá ‘Athrú Aeráide’. Eanáir te in Seattle, Eanáir measartha fuar anseo in Connecticut, Eanáir préachta in Éirinn. Rithfeadh sé le duine go bhfuil éagothromaíocht aeráide i gceist. Ach nach raibh sé riamh amhlaidh? Cuimhnigh ar gheimhreadh 1947 in Éirinn, nó ar blizzard Feabhra 1978 anseo in Connecticut. Sé fírinne an scéil go bhfuil agus go raibh an aeráid riamh guagach agus nach bhfuil ar ár gcumas faoi láthair mionshamhlú (modeling) muiníneach a cheapadh di.

Friday, January 29, 2010

Dís Éagsúil



D’fhill an sneachta orainn inné agus faoin am a bhí críoch leis bhí trí orlach againn agus gaoth uafar á shéideadh. Le gach titim sneachta tagann borradh ar líon na n-éan ag lorg bia. Seo dhá chnagaire ag baint beathú as píosa geire a chrochadh ar maidin. Tá ag teip orm le cúpla lá eagarthóireacht a dhéanamh ar mo fótónna agus beidh oraibh, más féidir libh, formhéadú a dhéanamh ar an íomhá chun na héin a fheiceáil. An ceann is mó is ‘Flicker’ (Colaptes auratus) é. An ceann beag is ‘Hairy’ (Picoides villosus) é.

Friday, January 22, 2010

Léirmheastóireacht na Gaeilge

Bhí sé de rún agam gan focal liom a sheoladh chuig ‘Comhar Nua’ agus gan mo shíntiús a athnuachan tráth a chríochnú. Tharla, áfach, go bhfuil an iris ag teacht chugam fós agus spreag alt le Gabriel Rosenstock in Comhar na Nollag mé chun mo ladhar a shá isteach sa scéal. Foilsíodh mo litir chuig an eagarthóir ina iomlán in Comhar Eanáir. Seo daoibh í.

Ina alt ‘Howl is Abhus’ in Comhar Nollaig i mbliana cuireann Gabriel Rosenstock roinnt ceisteanna faoi chaighdeán na léirmheastóireachta ar shaothair Ghaeilge. Ar na ceisteanna sin tá

“An bhfuil a n-aigne féin ag criticeoirí na Gaeilge nó an bhfuil faisean áirithe á leanúint acu.”

“An bhfuil pobal na Gaeilge chomh beag sin gur dócha go mbeadh aithne phearsanta ag an léirmheastóir agus ag an údar ar a chéile, rud a mhaolódh go mór ar ghéire an léirmheasa.”

“Bíonn,” dar leis, “scríbhneoirí na Gaeilge a chuireann isteach ar chomórtais liteartha an Oireachtais ag súil le léirmheastóireacht t(h)athagach a fháil ar a gcuid saothar, ba dhóigh leat. An é sin a fhaigheann siad i gcónaí?”

“An ceart,” ar sé, “go gcuirfeadh Clár na Leabhar Gaeilge seirbhís léitheoireachta ar fáil, i.e. sula gcuireann údair, go háirithe údair óga, saothar faoi bhráid an fhoilsitheora?”

Iarracht agam anseo freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin sa mhéid go mbaineann siad liomsa.

1) Tá faisean áirithe le feiceáil i bhformhór na léirmheasanna a fhoilsítear in Feasta agus Comhar; iad moltach éadomhain údar- spreagthach. Ní fiú léirmheas domhain anailíseach a scríobh ar fhormhór dá bhfuil á fhoilsiú sa Ghaeilge faoi láthair, mo shaothar féin san áireamh.

2) Iarradh orm faoi dhó léirmheas a scríobh, ceann do Feasta, an ceann eile do Comhar. Níl aithne ar bith agam ar cheachtar den dá údar a bhí i gceist agus tar éis dom na leabhair a léamh faoi dhó, chaith mé roinnt ama ag iniúchadh saol agus saothar na beirte roimh thabhairt faoin léirmheas a scríobh. Ar an lámh eile de, níl aon traenáil agam ina leithéid d’earnáil.

3) Tá ceithre na cúig shaothar curtha isteach agam ar chomórtais liteartha an Oireachtais. De ghnáth bíonn léirmheas na moltóirí an-ghearr, leathanach amháin a bhformhór, ach téann a bhformhór chun smior na ceiste. Ar uaire fuair mé léasadh, ar uaire moladh, ar uaire comhbhrón agus ar uaire ní bhíonn na moltóirí ar aon intinn faoin saothar. Ní bhfuair mé léirmheas baoth riamh, cé go bhfuair mé ceann nó dhó a bhí maslach, dar liom. Cionn is go síníonn an moltóir an léirmheas agus gur minic gur féidir an síniú a léamh, is nós dom dul i dteagmháil leis an moltóir i ndiaidh bronnadh na nduaiseanna agus is fial i gcónaí a roinneann siad a dtuairimí liom, tuairimí a chuidíonn go mór le feabhsú mo chuid scéalaíochta.

4) Bhí, tráth, scéim léirmheastóireachta proifisiúnta ar fáil ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus chuir mé scríbhinn liom isteach ar an scéim sin. Ba luathscríbhinn í a fuair léamh cúramach agus mo shaothar á réabadh ó bhun barr ag an léirmheastóir. ‘A salutary experience’ a thug treoir an-chabhrach dom agus a bhfuil a shéala le feiceáil fós ar gach a scríobhaim. B’fhiú an scéim sin a bhunú arís.

Thursday, January 21, 2010

Ag Péacadh




Bhí doicheall orm riamh roimh an ngeimhreadh, doicheall a chuaigh i dtreise agus dúluachair na bliana ag teannadh liom. Cineál gruaim a bhí i gceist, is dócha, ach ní raibh an mothúchán chomh tréan sin le go dtabharfaí SAD (Seasonal Affective Disorder) air. Agus mé ag filleadh abhaile gach tráthnóna Aoine i rith Mhí Eanáir ó mo phost in Massachusetts, thagadh ardú meanma orm mar bhí a fhios agam go mbeadh ár gcrann Nollag gona soilsí am’ fháiltiú ar shroicheadh an teach dom.

“Bhur gcrann Nollag, Mí Eanáir?,” a deir sibh. Sea, mar bhí sé de nós againn an crann Nollag a choimeád maisithe agus lasta go dtí mo lá breithe ag tús Mhí Feabhra.
“Ach nár tháinig feo ar an gcrann bocht agus é gan fréamhacha lena chothú?”

Is beag feo a tháinig (agus a thagann air) mar coimeádaimid uisce leis agus is sinne a ghearrann an crann agus a bhun in uisce againn laistigh de leathuair a chloig tar éis a ghearradh. Tá an nós seo á chleachtadh againn anois le breis agus cúig bliana déag agus uair nó dhó le linn na tréimhse sin, i lár Mhí Eanáir thosaigh an crann ag péacadh, na bachlóga ag uaithneachan agus ag oscailt amhail is go raibh an t-earrach tagtha. Agus tharla an rud céanna i mbliana, agus seo pictiúr daoibh a thóg mé ar maidin. Sea, tá’s agam gur earrach saorga é, ach is breá liom mar réamhtheachtaí é.

Friday, January 15, 2010

An Bheochan

(re "Ait")

Le Seán O’Connor

“Goitse, a mhic” arsa an t-ardghiolla agus é ag sméid chuige giolla a raibh cuma bhuartha air.
“Cad tá ag cur as duit?”
“Tá,” arsa an giolla, “go bhfuil rud éigin ar siúl thíos nach bhfaca mé cheana.”
“Feicimis, nó cén chearn den chruinne ar a raibh tú ag dearcadh?”
“Thíos ansin, áit a bhfuil an bheirt úd.”
D’amharc an t-ardghiolla agus d’éist.
“Maith thú, a mhic. Is maith an dearcaí tú. Caithimse an scéala seo a roinnt leis an mbas.

Chnag an t-ardghiolla ar an doras, ach freagra ar bith ní bhfuair sé. Bhrúigh sé an doras isteach agus dhruid leis an té a bhí sa leaba.
“A thiarna”, ar sé, “múscail, mar tá rud tarlaithe thíos nár tharla cheana.”
Mhúscail an codlatóir agus dhírigh súil fheargach ar an ard-ghiolla.
“Nach féidir libh” ar sé, “beagán sosa a thabhairt dom agus mé traochta i ndiaidh na trioblóide a bhí againn leis an dream damanta sin? Cad tá tarlaithe?”
“Tá beirt thíos agus sé croí an scéil ná gur shamhlaigh siad thú agus thairis sin gur ainmnigh siad thú freisin.”
“D’ainmnigh siad mé? Cad a chumadar mar ainm orm?”
“An Té Atá” arsa an t-ardghiolla. “Meas tú go bhfuil sé in am dúinn iad a sheoladh chucu?”
“Ní gá sin, a Mhichíl,” arsa an tiarna. “Tá siad acu cheana féin, mar féach gur shamhlaigh siad agus gur ainmnigh siad mé.”

(Comhar, Eanáir 2002)

Thursday, January 14, 2010

Gloine Dhaite



Fadó, fadó, breis agus fiche bliain ó shin, bhí mé oiread sin faoi ghruaim gur éirigh mo chéile an-bhuartha fúm. Ba é ba chúis leis an ngruaim go raibh an comhlacht a raibh mé fostaithe ann tar éis cumasc a dhéanamh le comhlacht eile agus dá thoradh sin fuair an comhlacht s’agamsa ceannas ar chúrsaí airgid agus an comhlacht eile ceannas ar gach gné de thaighde an dá chomhlacht. Im chás féin agus i gcás roinnt mhaith de mo chomh-stiúrthóirí taighde, is féidir liom a rá, gan aon agó, gur coilleadh muid.

Mar a dúrt, bhí an-imní ar mo chéile agus mhol sí dom aghaidh a thabhairt ar chaitheamh aimsire, rud nach raibh uain agam chuige go nuige sin ceal ama. Léas sa nuachtán go raibh cúrsa gloine dhaite le tosú istoíche sa scoil poiblí logánta agus chláraigh mé ann. Chaith mé leathbhliain leis an gceird agus d’éirigh go measartha maith liom. Thart ar sé phíosaí a rinne mé agus tá siad suite anois ar fud an tí. Seo chugaibh an ceann is ansa liom. Agus an píosa deiridh geall le bheith críochnaithe agam, fuaireas post mar chomh-bhunaitheoir i gcomhlacht bith-chógaiseolaíochta in Massachusetts mar ar chaith mé na cúig bliana deiridh dem shaol proifisiúnta. Níor fhill mé riamh ar an ngloine dhaite ach ba theiripe é a d’fhóir orm in am an ghátair.