Sunday, December 20, 2009

Tá an Fuacht ag Teacht is an Teas ag Tréigean…

Agus an aimsir ag dul i ngéire, bhí focla an amhráin ag síor-rith trí mo cheann. Le lá nó dhó anuas bí cinnte go bhfuil muid tréigthe ag an teas. Aréir thosaigh an sneachta ag titim, calóga bídeacha mear-reoite neamhghreamacha. Roimh déanamh ar an leaba dom, las mé na soilsí seachtracha agus chaith mé tamall ag breathnú orthu, gloine fíona lem ais. Nós é seo a mhúin mo chairde Seapánacha dom. ‘Yuki mi zake’ a thugtar air agus an chiall atá leis ná ‘Sneachta Feic Sake’, sake a ól agus tú ag breathnú ar an sneachta ag titim. Bhí gaoth measartha láidir ann aréir agus na calóga ag rince mar a bheidís in ballet mire. Iontach álainn mar radharc. Ar m’éirí dom ar maidin, bhí ocht n-orlaí íonbhán ar an talamh agus a bhuí do chomharsa linn, bhí an cabhsa treafa aige cheana féin.

2 comments:

  1. Tá sé fuar abhus freisin, agus sneachta ó thuaidh agus thiar. Níl anseo fós ag roinnt beag ar na cnoic. Is maith liom an nós úd.

    Caolseans go mbeadh radharc spéisúil mar sin abhus, áfach. An cuid is lú den snachta abhus, agus gan muid in acmhainn plé i gceart leis!

    ReplyDelete
  2. Tá sé thar a bheith tábhachtach anseo cén cineál sneachta a thiteann. Más calóga bídeacha a thiteann, dála an stoirm is déanaí, is beag deacracht a bhíonn againn seachas na cosáin a ghlanadh. Ach más calóga móra greamacha a thuirlingíonn, leagtar géagacha nó crainn ina n-iomlán, bristear cáblaí leictreachais agus fágtar muid ar an trá fholamh cionn is go mbraitheann ár gcórais téimh ar an leictreachas céanna, gan trácht orthu siúd, muidne sa áireamh, a bhfuil tobar ag soláthar uisce dóibh. Ach tá rud níos measa fós ná sneachta bog; oighear-stoirm. Sa chás sin ní hamháin go leagtar chuile rud ach ní bhíonn na bóithre intaistealta. Tá seandaoine ina gcónaí sna bólaí seo i dtithe atá scoite amach ó na príomhbhóithre, seantithe feirme den chuid is mó, iad suite anois i lár páirce iargúlta nach bhfuil acu mar nasc leis an mbaile ach bóithrín suarach agus fón sreinge. Sa chás go leagtar na sreanganna is i bpráinn a bhíonn na daoine. Na leaideanna leis na snowmobiles, is iad a thugann cuairt ar na tithe sin féachaint cad is cás do na seandaoine. Ar uaire is gá iad a thabhairt go dtí an tearmann i lár an bhaile, rud nach dtaitníonn lena bhformhór.

    ReplyDelete