Thursday, December 17, 2009

Ag Beathú na hÉanlaithe

Agus mé ag ithe bricfeasta is dual dom súil a chaitheamh ar a bhfuil ar siúl amuigh ag imeall na coille, mar is ansin atá na hionaid beathaithe suite ag Beathaitheoir na hÉanlaithe, arb ionann í agus Cosantóir na mBilí. Tráth ar cheannaigh muid an teach seo breis is fiche bliain ó sin, tosaigh muid ar liosta a choinneáil de na héin a chonaic muid amuigh. N’fheadar cá bhfuil an liosta sin anois, ach más buan dom chuimhne, faoi cheann cúig bliana, bhí thart ar tríocha cineál feicthe againn. Cúpla ceann, ní fhaca muid ach uair nó dhó iad, agus chun éan a bheith liostaithe b’éigean don bheirt againn bheith ar aon intinn faoi. Uair amháin, tar éis stoirme, bhí mise deimhin de go bhfaca mé Mountain Bluebird, ach dar le mo chéile, ba Blue Oriel a bhí i gceist. Fágadh as an liosta an dá shórt.

Ar ndóigh tá thart ar dheich gcineál atá linn i gcónaí: na gealbhain, na glasáin idir ghlasán tí agus glasán órga, an cnóshnag, an chickadee agus na cnagairí, gan trácht ar an blue jay, na druideanna agus na préacháin. Ina theannta siúd, tagann seabhac agus clamhán ó am go chéile agus um earrach tagann an dreoilín, éan confach. Le héirí na gréine agus lena fuineadh fógraíonn an dreoilín gur leis ár dtailte uilig agus is mairg d’éan ar bith nó d’ainmhí beag, an siopmonc mar shampla, a thagann i bhfogas fiche méadar dá nead.

Le teacht an tsneachta, bailíonn na cairdinéil ina bplódanna amhail is go raibh fúthu Pápa nua a thoghadh. Álainn ar fad é deirge na bhfireannach mar chodarsnacht ar bháine an tsneachta. Le mí anuas tá slua maith junco anseo. ‘Snow birds’ a thugtar orthu go hiondúil toisc go bhfuil brollach bán orthu.

Dealraíonn go bhfuil a rogha bia ar gach cineál. Cuid díobh is fearr leo síolta stríocacha lus na gréine, cuid eile na síolta dubha. Na héin beaga, ar nós na glasáin, is fearr leo siolta beaga an feochadáin, ach is ar an ngeir a dhíríonn na cnagairí, a bhfuil ceithre shórt díobh anseo, ó bhídeach go mór (downy, hairy, red bellied agus flicker na hainmneacha atá ag muintir na háite orthu.) Cúpla bliain ó shin thagadh turcaí baineann chugainn gach lá chun na síolta tite a ithe. Nead aici, mheas muid ar an talamh garbh soir uainn.

1 comment:

  1. Thug mé bun chorizo a fuair mé “i bhfolach” sa chuisneoir do na préacháin inniu. Tá triúr acu a thagann chun an dorais nuair a théim amach, toisc go mbíonn rud éigin agam dóibh ó am go ham. Aithníonn siad mé, ach níl mé in ann préachán a aithint óna chéile.

    ReplyDelete