Saturday, November 14, 2009

Na Simplithe?

Is de réir a chéile a thiocfaidh siad. Ar na cinn atá im’ cheann faoi láthair tá

An ginideach a sheachaint sa mhéid is féidir liom (ag lorg obair, le linn cogadh)

Infhilleadh ar an ainm briathartha a sheachaint (le linn imscrúdú, ar tí imeacht)

Tréan iolraí, fiú más gá iad a chumadh as an nua (na fearacha, na bádanna)

An fhoirm scartha den bhriathar, ainneoin gur masla dom’ chluas iad ar uaire (bhíodh mé)

Foirm amháin a bheith ag an aidiacht (na bádanna mór, mé in amhras faoin gceann seo.)

An t-iolra i ndiaidh gach uimhir seachas ‘aon’ (trí piontacha, ocht piontacha)

(Tá ceist na n-iolraí thar a bheith casta. Dúirt Damian McManus liom go raibh, dar le hEochaidh Ó hEódhasa, breis agus céad foirmeacha ag an ainmfhocal iolrach sa Ghaeilge. Deacracht eile a chuireann foghlaimeoirí ar strae is ea an t-ainm briathartha. Is ar éigean atá rialtacht ar bith lena ndíorthú ón mbriathar sa chéad réimniú; siúl/ag siúl; múin/ag múineadh; léigh/ ag léamh, agus tá a lán eisceachtaí sa dara réimniú; ceannaigh/ag ceannach; labhair/ag labhairt; éirigh/ag éirí.)

Measaim gur luaigh mé áit éigin cheana gur chuala mé a leithéid seo ag déagóirí i Ros a’ Mhíl: cóta an fhear; bróga na bhfearacha. Sé sin, an claochlú tosaigh á úsáid in áit an ghinideach (sic).

8 comments:

  1. Tá mé go láidir i bhfách leis an gcéad dá cheann, .i. “ag lorg obair” etc. agus “ar tí imeacht” etc. Braitim féin go bhfuil siad seo i bhfad níos nádúrtha ná “ag lorg oibre” agus “ar tí imeachta”. Is fada an lá ó d'éirigh cainteoirí dúchais in Albain agus in Éirinn araon as ainmfhocail neamhchinnte a chur sa ghinideach.
    Ní dóigh liom go mbéinn in ann "bádanna" a rá, gan trácht ar é a scríobh. Is suimiúil an rud é go bhfuil a lán iolraí éagsúla i mBreatnais an lae inniu, bíodh is go bhfuil gramadach na teanga sin i bhfad níos simplí (gan aon ghinideach, m.sh.) ná mar atá sa Ghaeilge.

    ReplyDelete
  2. Actually, tá mé breá sásta cuid de na tréaniolraí a chaitheamh i dtraipisí. Scríobhaim/deirim grianghrafanna in áit grianghraif, altanna in áit ailt, etc. Tá níos mó le rá agam ar an ábhar seo. Is dócha gurbh fhearr é a dhéanamh ar mo bhlag féin.

    ReplyDelete
  3. Tuigim duit ach nach fearr cloí le rialacha na teanga, agus muide ag scríobh is ag labhairt, seachas béarlagair na ndaoine.

    ReplyDelete
  4. Béarlagair na nDaoine?

    Is dócha gurb é atá i gceist agat agus ‘Rialacha na Teanga’ á lú agat ná An Caighdeán Oifigiúil. Cumadh/cruthaíodh/ an CO chun uirlis aistriúchán a chur ar fáil do mhuintir Rannóg an Aistriúchán i dtreo go mbeidís ar aon intinn agus iad ag cur Gaeilge ar dhlíthe agus a leithéid eile. Ní raibh i gceist ag an am go mbeadh an CO mar theanga liteartha dea-labhartha na Gaeilge. Tharla, áfach, nach raibh an dara shuí sa bhuaile ar fáil do scríbhneoirí, do mhúinteoirí, d’fhoghlaimeoirí agus leagadh an CO anuas orthu mar chaighdeán, ainneoin go raibh a chastachtaí ag teacht salach ar gach canúint labhartha. Níl dabht ar bith ann nár ghlac a lán scríbhneoirí leis an gCO ina iomlán. Ní gá ach éacht de leithéid ‘Aisling Ghéar’ le Breandán Ó Buachalla a léamh chun an fíric sin a dheimhniú. Im thuairim féin, agus is malairt ar mo sheasamh go dtí le déanaí í an tuairim seo, tá gá le caighdeán liteartha simplithe bunaithe ar an simpliú atá ina orlaí trí Ghaeilge na Gaeltachtaí. Fanadh an CO mar uirlis dhlíthiúil, ach bíodh glacadh le teanga níos simplí i saothair de leithéid mo scéalta bleachtaireachta. Ina theannta sin, níor chóir, dar liom, iallach a chur ar thosaitheoirí cloí le rialacha casta an CO, ná iad a fhoghlaim, fiú. Sí an teanga labhartha dúshraith na teanga agus tá an teanga sin i bhfad Éireann níos simplí ná an CO.

    ReplyDelete
  5. Ar thug sibh é seo faoi deara, ó Ghaelport.com?

    “D’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív TD an tseachtain seo caite go bhfostófar cúigear mar aistritheoirí sa Lár-Aonad Aistriúcháin sa Roinn go luath. Beidh athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil mar chuid dá gcúraimí agus táthar ag súil go gcuirfear an obair seo i gcrích laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag.”

    ReplyDelete
  6. Cúigear Aistritheoirí

    Ha! Is deacair domsa aon mhór-iontaoibh a bheith agam as cinneadh seo an Aire. Cé hiad an cúigear? Státseirbhísigh nó teangeolaithe nó múinteoirí nó cairde leis and Aire a bhfuil ‘muinín’ aige astu? An ainmneofar iad agus iad á gceapadh nó go fiú roimhe sin? Bí cinnte de nach mbeidh éinne nach bhfuil ‘muinín’ ag an Aire astu le ceapadh, daoine de leithéid Mac Síomóin, Ó Cathasaigh, Williams, Ó Snodaigh, Titley.

    Tá rian lámh dheactóireach an Aire le feiceáil i ngach gné de Fhoras na Gaeilge. Samplaí uait? Bord Comhar; Scrios ar Bhord na Leabhar Gaeilge; Bord an Fhoras féin. Ná luaim ainm oiread is ainm amháin, mar is liosta sách fada a bheadh i gceist agus ‘cairde agus daoine iontaofa’ á lú agam.

    Cúigear! Agus iad ag obair go páirtaimseartha ar leasú an CO, agus gan ach bliain acu le teacht ar mholtaí. Dheara, bheadh bliain uathu le cáipéis a chur le chéile.

    ReplyDelete
  7. Dennis: An raibh i gceist agat na ’lag-iolraí’ nó na ‘tréan-iolraí’ a chaitheamh i dtraipisí? Tá an chuma ar do nóta gur ‘lag-iolraí’ a bhí i gceist agat.

    ReplyDelete
  8. Ba chóir an CO a choimeád mar shainréim fhoirmiúil mar is suimiúil agus andúile an saothar é nuair atá na driseacha cosáin tosaigh sáraithe agat, cé nach bhfuil sé foirfe - mar chóras loighce mhaífeadh Gödel ar aon nós nach bhféidir le córas gramadaí ar bith a bheith foirfe.

    Ach i ndeireadh na dála tá an dá shainréim teanga a leanas i ngach mórtheanga: sainréim fhoirmiúil agus sainréim neamhfhoirmiúil. D'fhéadfaí sainréim neamhfhoirmiúil na Gaelainne a chódú (is d'aon ghnó nach mbainim úsáid as an bhfocal "caighdeánú"!) de réir na moltaí thuas .i. í a bhunú ar na "simplíthe" atá i bhfeidhm cheana féin sa Ghaeltacht (agus buntáiste ha "heabhlóide nádúrtha" acu) agus í a chur in oiriúint d'fhoghlaimeoirí.

    Deirtear gur teanga dheacair í an Ghearmáinis ach is deacra í an Ghaelainn chaighdeánaithe ná an Ghearmáinis chaighdeánaithe.

    ReplyDelete