Wednesday, November 25, 2009

Maróg Nollag 2009

Chaith mé seal sa chistin inné ag déanamh na maróg. Mar a luaigh mé sa scéal sin liom “An Cheimic, An Dán Díreach agus An Chócaireacht” is iomaí iarcheimiceoir a chleachtann a leithéid toisc macalla na saotharlainne a bheith le brath ar an gcócaireacht.

Ar ndóigh, tá oiread oidis ann is atá cócairí, ach seo mo cheann féin. Más ag meilt do spíosraí atá tú, fainic, mar is láidre spíosraí nuamheilte ná an stuif meilte a cheannaítear i mbuidéal beag san ollmhargadh.

Mínbhruascar aráin: 6 chupán
Rísíní geala: 24 unsa
Rísíní donna: 16 unsa
Cuiríní: 10 n-unsa
Ciotrón measctha: 8 n-unsa
Dátaí mionghearrtha: 8 n-unsa
Ola canola: ¼ cupán
Siúcra: 2 chupán
Uibheacha circe: 6 cinn
Guinness: tart ar 60 unsa
Noitmig mheilte: 5 thaespúnóg
Cainéal meilte: 4 thaespúnóg
Maicis mheilte: 4 thaespúnóg
Plúr: Mám

Is gnáth dom buicéad plaisteach íon-nite suite sa doirteal a úsáid le haghaidh an oidis seo, rud a chuireann mo chéile sna trithí gáire.

Measc le chéile na torthaí triomaithe, ná dátaí agus an ciotrón agus caith isteach mám plúir agus tú á meascadh chun iad a dhíghreamú ó chéile. Cuir leo siúd an mínbhruascar aráin agus an siúcra agus measc arís. Coip na huibheacha, cuir leo an ola agus na spíosraí meilte, coip arís agus ansin measc ¾ den Guinness leo. Measc an leacht isteach leis na comhábhair tirime. Fág an t-iomlán ar leataobh ar feadh 10 nóiméad ar a laghad fad a bhíonn tú ag ullmhú na soitheach. Mura mbíonn an meascán leathbhealach idir fuidreamh agus taos, cuir breis Guinness leis. Bealaigh na soithigh le spré cócaireachta agus líon ¾ lán iad. Cuir clúdaigh orthu agus cuir á ngalú iad.

I mbliana bhain mé úsáid as babhlaí Rubbermaid (Take Alongs) tomhas 3 chupán. Ocht maróg an toradh a bhí ar mo chuid oibre. Agus iad á ngalú is gá na babhlaí a choimeád ó thadhall le bun an phota. Mura bhfuil raca agat chuige sin, bain úsáid as mirlíní gloine nó nithe eile dá leithéid. Galaigh na maróga ar feadh uair go leith. Tóg amach ón bpota iad, daingnigh na clúdaigh ar na babhlaí (sin buntáiste atá ag Rubbermaid ar Ziplok) agus cuir sa chuisneoir iad. Uair nó dhó roimh Nollaig baist gach maróg le braon Jamesons. Táid ann a itheann maróg fhuar ach is fearr liomsa te í. Atéamh trí ghalú ar feadh uaire nó san mhicreathonn ar feadh nóiméad nó dhó (nó trí?).

6 comments:

  1. Oops: thart ar 60 unsa Guinness. Tart? Hm.

    ReplyDelete
  2. Sciorradh l[e|é]annta!

    Blasta! (Ní maith le mo bhean risíní, ach beidh muid tí mo mhuintir lá Nollaig, mar sin ní bheidh orm deánamh gan)

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an dóigh a mbaisteann tú na maróga...:-)

    ReplyDelete
  4. Sea: In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus fad saoil agaibh uilig a mblaiseann.

    ReplyDelete
  5. An féidir liom ceann díobh a ordú?
    ;-)

    ReplyDelete
  6. Dennis: Ar an drochuair, iad uilig geallta. Seans go mbeidh ceann agam duit an bhliain seo chugainn.

    ReplyDelete