Saturday, November 7, 2009

An Beachtheach Lota

Agus mé ag cur críoch le néatú an ghairdín, á chur i staid gheimhridh, mar a déarfá, chaith mé súil ar an mbeachtheach ar bhalla an gharáiste agus baineadh stangadh asam mar bhí chuile tollán/poll/ lota. Bhí gach pluga láibe briste agus b’amhlaidh freisin do na plugaí féir. Cé a rinne? B’in an cheist. Níl ann ach buille faoi thuairim, ach measaimid beirt gur ceann de na cnagairí beaga an coirpeach. Tá ceithre shaghas cnagaire a thaithíonn ár ngairdín agus an choill bheag atá ag dul leis agus feictear iad ag druileáil i gcoirt na gcrann ag lorg feithidí. Is dócha gur bhraith an cladhaire go raibh rud éigin beo sna tolláin agus chuaigh á lorg. Muid ag lorg fuascailt ar an bhfadhb seo faoi láthair.

1 comment:

  1. Tá mé cinnte go bhfuil na héin féin buíoch díot as na billíní beadaí ar chur ar fáil dóibh!
    :-)

    ReplyDelete