Wednesday, November 25, 2009

Maróg Nollag 2009

Chaith mé seal sa chistin inné ag déanamh na maróg. Mar a luaigh mé sa scéal sin liom “An Cheimic, An Dán Díreach agus An Chócaireacht” is iomaí iarcheimiceoir a chleachtann a leithéid toisc macalla na saotharlainne a bheith le brath ar an gcócaireacht.

Ar ndóigh, tá oiread oidis ann is atá cócairí, ach seo mo cheann féin. Más ag meilt do spíosraí atá tú, fainic, mar is láidre spíosraí nuamheilte ná an stuif meilte a cheannaítear i mbuidéal beag san ollmhargadh.

Mínbhruascar aráin: 6 chupán
Rísíní geala: 24 unsa
Rísíní donna: 16 unsa
Cuiríní: 10 n-unsa
Ciotrón measctha: 8 n-unsa
Dátaí mionghearrtha: 8 n-unsa
Ola canola: ¼ cupán
Siúcra: 2 chupán
Uibheacha circe: 6 cinn
Guinness: tart ar 60 unsa
Noitmig mheilte: 5 thaespúnóg
Cainéal meilte: 4 thaespúnóg
Maicis mheilte: 4 thaespúnóg
Plúr: Mám

Is gnáth dom buicéad plaisteach íon-nite suite sa doirteal a úsáid le haghaidh an oidis seo, rud a chuireann mo chéile sna trithí gáire.

Measc le chéile na torthaí triomaithe, ná dátaí agus an ciotrón agus caith isteach mám plúir agus tú á meascadh chun iad a dhíghreamú ó chéile. Cuir leo siúd an mínbhruascar aráin agus an siúcra agus measc arís. Coip na huibheacha, cuir leo an ola agus na spíosraí meilte, coip arís agus ansin measc ¾ den Guinness leo. Measc an leacht isteach leis na comhábhair tirime. Fág an t-iomlán ar leataobh ar feadh 10 nóiméad ar a laghad fad a bhíonn tú ag ullmhú na soitheach. Mura mbíonn an meascán leathbhealach idir fuidreamh agus taos, cuir breis Guinness leis. Bealaigh na soithigh le spré cócaireachta agus líon ¾ lán iad. Cuir clúdaigh orthu agus cuir á ngalú iad.

I mbliana bhain mé úsáid as babhlaí Rubbermaid (Take Alongs) tomhas 3 chupán. Ocht maróg an toradh a bhí ar mo chuid oibre. Agus iad á ngalú is gá na babhlaí a choimeád ó thadhall le bun an phota. Mura bhfuil raca agat chuige sin, bain úsáid as mirlíní gloine nó nithe eile dá leithéid. Galaigh na maróga ar feadh uair go leith. Tóg amach ón bpota iad, daingnigh na clúdaigh ar na babhlaí (sin buntáiste atá ag Rubbermaid ar Ziplok) agus cuir sa chuisneoir iad. Uair nó dhó roimh Nollaig baist gach maróg le braon Jamesons. Táid ann a itheann maróg fhuar ach is fearr liomsa te í. Atéamh trí ghalú ar feadh uaire nó san mhicreathonn ar feadh nóiméad nó dhó (nó trí?).

Monday, November 23, 2009

Ceapach Nua

Mar a luaigh mé tamall ó shin, tháinig mise agus Cosantóir na mBilí ar chomhthuiscint maidir le leagadh roinnt crann, rud a dhíbir an scáth a bhí ag cur as go mór do mo ceapacha glasraí. Ach ó tharla an dubhach ar na prátaí i mbliana, ní bheidh ar mo chumas an bhliain seo chugainn trátaí a chur in aon cheann de na ceapacha sin agus níl rud is blasta ná tráta abaí díreach bainte ón ngairdín.

Só, ceapach nua. Déanta na fírinne, is fada ó thóg mé ceapach nua. Mheas mise go raibh cúig nó sé de bhlianta ann ar a laghad, ach deir an Cosantóir nár thóg mé ceapach le deich mbliana agus, ar sí, “Fainic, mar ní ag dul in óige atá tú.”

Suíomh grianmhar tofa agam, ach a Dhia, na clocha agus na fréamhacha. Fréamhacha na gcrann a leagadh, ar ndóigh, agus an dealramh ar an scéal gur carnadh clocha sa láthair chéanna nuair a bhíothas ag tógáil an tí agus ag tochailt an córas séarachais. Siúd is go bhfuil muid ar imeall an bhaile, tá dabhach seipteach againn agus ‘leach field’ ag dul leis. (Gaeilge ar ‘leach field?)

Pé ar bith é, tá an dúshraith leibhéalta agam, éadach frith-fréamhach leagtha agam ar an talamh agus an chéad shraith de bhíomaí suite go seoigh. ‘4x4x8s’ a thugtar anseo ar na bíomaí. Sé sin le rá, 4 orlaí faoi 4 orlaí faoi 8 dtroithe. Doimhneacht de throigh a bheidh sa cheapach an bhliain seo chugainn, rud a oireann do thrátaí, ach is ag cur leis na bíomaí a bheidh mé ó bhliain go bliain agus uainíocht na mbarr á cleachtadh agam.

Agus mé ag tógáil an chéad cheapach, ba iad 6x6x8s a bhí mar bhíomaí agam agus ‘bunalt’ (butt joint) eatarthu. Cheangail mé le chéile iad le tairní móra fada. An chéad uair eile a thug mé faoin obair, 4x4x8s a bhí agam agus alt rádail (lap joint) eatarthu. Cheangail mé an haltanna sin le ‘rebar’ tar éis poill go talamh a dhruileáil tríothu.

An t-am seo beidh cleas eile á thriail agam. Greamóidh mé le chéile iad le ‘Gorilla Glue’. Cé nach bhfuil ceimic an ghliú iniúchta agam, measaim gur cineál eapocsaíd é mar gur gá taise chun greamú láidir a bheith agat. Bhí sé ar intinn agam an jab a chríochnú inniu, ach mo léan, tá sé ró-fhuar amuigh agus lagódh an teocht íseal neart an ghreamú. Seans ann anois go mbeidh orm fanacht leis an earrach chun an cheapach a chríochnú. Ah, well, sin saol an gharraíodóra.

Saturday, November 14, 2009

Na Simplithe?

Is de réir a chéile a thiocfaidh siad. Ar na cinn atá im’ cheann faoi láthair tá

An ginideach a sheachaint sa mhéid is féidir liom (ag lorg obair, le linn cogadh)

Infhilleadh ar an ainm briathartha a sheachaint (le linn imscrúdú, ar tí imeacht)

Tréan iolraí, fiú más gá iad a chumadh as an nua (na fearacha, na bádanna)

An fhoirm scartha den bhriathar, ainneoin gur masla dom’ chluas iad ar uaire (bhíodh mé)

Foirm amháin a bheith ag an aidiacht (na bádanna mór, mé in amhras faoin gceann seo.)

An t-iolra i ndiaidh gach uimhir seachas ‘aon’ (trí piontacha, ocht piontacha)

(Tá ceist na n-iolraí thar a bheith casta. Dúirt Damian McManus liom go raibh, dar le hEochaidh Ó hEódhasa, breis agus céad foirmeacha ag an ainmfhocal iolrach sa Ghaeilge. Deacracht eile a chuireann foghlaimeoirí ar strae is ea an t-ainm briathartha. Is ar éigean atá rialtacht ar bith lena ndíorthú ón mbriathar sa chéad réimniú; siúl/ag siúl; múin/ag múineadh; léigh/ ag léamh, agus tá a lán eisceachtaí sa dara réimniú; ceannaigh/ag ceannach; labhair/ag labhairt; éirigh/ag éirí.)

Measaim gur luaigh mé áit éigin cheana gur chuala mé a leithéid seo ag déagóirí i Ros a’ Mhíl: cóta an fhear; bróga na bhfearacha. Sé sin, an claochlú tosaigh á úsáid in áit an ghinideach (sic).

Friday, November 13, 2009

Simpliú

Táid ann a bhfuil bua na dteangacha acu. Nílimse ar na daoine sin agus caithim a admháil go raibh an-deacracht agam agus mé ag iarraidh mo chuid Gaeilge a athshealbhú tar éis í a bheith curtha díom agam le tríocha bliain. Agus an cinneadh déanta agam go ndéanfainn an t-athshealbhú, ghlac mé go huile is go hiomlán leis an gCaighdeán Oifigiúil mar threoir. Táimse, faoi láthair, ag déanamh athbhreithniú ar an gcinneadh sin.

Cé gur bhain mé amach mo dhochtúireacht sa Cheimic Orgánach agus gur chaith mé tamall de bhlianta ag déileáil le comhdhúile ón nádúr, ba léir dom go raibh acmhainní taighde ann a bhí in easnamh ar an gcomhlacht a raibh mé fostaithe ann. Dhéanainn staidéar ar na réimsí nua sin agus, den chuid is mó, d’éirigh liom a áitiú ar mo bhainistíocht ligean dom tabhairt faoin réimse nua. Ba mhinic agus mé ag traenáil m’fhoireann nua go bhfuair mé amach go raibh bearnaí im’ chuid eolais féin. ‘Foghlaim trí mhúineadh’ a thugaim ar an bpróiseas sin.

Chinn mé an cleas céanna a ghlacadh chugam agus mé ag feabhsú mo chuid Gaeilge agus reáchtáil mé ranganna i scríbhneoireacht na Gaeilge ar an idirlíon ar feadh tréimhse de bhlianta. Cibé faoi chumas mo dhaltaí ag deireadh na ranganna, bhí feabhas ar mo chuidse den teanga ag a ndeireadh. Ina theannta sin, fuair mé léargas ar a dheacra is atá sé ag foghlaimeoirí castachtaí na teanga a bhreith leo. Anuas air sin, agus mé tar éis cuairteanna a thabhairt ar an nGaeltacht, ba léir dom nárbh ionann ar chor ar bith an teanga labhartha agus Gaeilge an CO. Go deimhin, i nGaeilge Ros a’ Mhíl, mar shampla, tá an tuiseal ginideach geall le bheith imithe le gaoth. Tá beartaithe agam triail a bhaint as ‘Gaeilge simplithe’ ar mo bhlag. Is simpliú dem chuid féin a bheidh á chleachtadh agam agus tá súil agam nach mbeidh sibh uilig sa mhullach orm de bharr an turgnamh seo.

Saturday, November 7, 2009

An Beachtheach Lota

Agus mé ag cur críoch le néatú an ghairdín, á chur i staid gheimhridh, mar a déarfá, chaith mé súil ar an mbeachtheach ar bhalla an gharáiste agus baineadh stangadh asam mar bhí chuile tollán/poll/ lota. Bhí gach pluga láibe briste agus b’amhlaidh freisin do na plugaí féir. Cé a rinne? B’in an cheist. Níl ann ach buille faoi thuairim, ach measaimid beirt gur ceann de na cnagairí beaga an coirpeach. Tá ceithre shaghas cnagaire a thaithíonn ár ngairdín agus an choill bheag atá ag dul leis agus feictear iad ag druileáil i gcoirt na gcrann ag lorg feithidí. Is dócha gur bhraith an cladhaire go raibh rud éigin beo sna tolláin agus chuaigh á lorg. Muid ag lorg fuascailt ar an bhfadhb seo faoi láthair.