Tuesday, October 20, 2009

An Ní a Cheangail Dia, Ná Scaoileadh Duine É.

Agus muid ar Aifreann an Domhnaigh sa Duomo in Firenze, roimh thús don Aifreann tháinig seandeagánach ceannliath im threo agus d’fhiafraigh díom cárbh as dom. ‘Sono Irlandese,’ a deirimse. ‘Ah,’ ar sé agus é ag cur a dhá lámh le chéile i bhfoirm méise. Ansin scar sé óna chéile iad, lámh amháin leata ar oscailt, an lámh eile fillte ina dhorn. B’ait liom sin gur ghlac sé chuige paimfléid Aifreann an lae sin agus shín méar i dtreo Marcas 10:9. “Che peccato,” (nach trua é) ar sé. Polaitíocht na críchdheilte tuigthe go cruinn aige dar liom.

5 comments:

  1. An mbeadh sé cruinn "che peccato" a aistriú mar "nach mór an peaca é"?

    Níos cruinne fós, ós gníomhartha daonna a d'fhág sa riocht sin muid.

    ReplyDelete
  2. Aonghus: Ní bheadh. Aistriúchán níos fearr is ea “Is mór an trua é” = What a pity! Ionann ‘peccato’ i ngnáth chaint na hIodáile agus ‘Is oth liom/linn’ díreach mar a bhíonn ag Oifig an Oireachtais agus í ag fógairt nach bhfuil duais buaite agat.

    ReplyDelete
  3. Taithí agam ar fhocail sin an Oireachtais ...:-)

    ReplyDelete
  4. Oth Liom-anna An Oireachtais

    Bhí mé chomh cleachtach sin ar na litreacha úd ó Chomórtais Liteartha An Oireachtais gur chaith mé uaim gan oscailt an litir a tháinig chugam i bhfómhar na bliana 2006.

    “Didn’t you get a letter from Ireland today?” arsa Maris, a raibh an post roinnte ina dhá bheart aici níos luaithe sa lá.
    “What did it say?”
    “Same old, same old,” a deirimse.
    I ngan fhios dom, chuaigh sé ar thóir na litreach agus d’oscail í.

    “What does ‘comm-gare-dee-as’ mean?” ar sí. Sciob mé uaithi í. ‘Seán Ruiséal agus Iníon an Oileáin’ a bhí i gceist. Mé ar aon chéim le Maidhc Dainín!!!

    ReplyDelete