Wednesday, October 14, 2009

Ar Saoire Dom…

An Róimh, Firenze, Siena agus Ceantar Chianti. B’aoibhinn mar shaoire í. Muid faoi dhraíocht ag saibhreas cultúrtha na tíre, ag saibhreas Firenze ach go háirithe. B’in ár dtríú cuairt ar Firenze agus a fhios againn go rí-mhaith anois nach bhfuil feicthe againn fós ach fíorbheagán dá bhfuil ar fáil. Ach ní chuige sin atá mé sa nóta seo. Seans go mbeidh a thuilleadh le rá agam amach anseo faoin saoire.

Is nós dom agus mé ar saoire briseadh go huile is go hiomlán le mo ghnáthshaol. Ní léim nuachtán, ní amharcaim ar theilifís. Bhí toradh an reifrinn foilsithe le seachtain sularbh eol dom é. Ina n-ionad siúd, léim leabhair a bhí curtha ar an méar fhada agam le tamall. Ba iad na leabhair a léigh mé ‘An Tionscadal’, ‘Cín Lae Seangáin’ agus ‘Ó Mhársa go Magla’ le Mac Síomóin, agus ‘Caighdeán Nua Don Ghaeilge’ le Nicholas Williams. Mar a scríobh Aonghus le déanaí, tá Mac Síomóin ar an díorma beag údar atá ag scríobh fíor-litríocht sa teanga i láthair na huaire. Is cumasach, eolach, samhlaíoch mar scríbhneoir é agus smaointe tábhachtacha á nochtadh aige sna saothair atá luaite agam thuas. Agus mé sáite in ‘An Tionscadal’ ba é an smaoineamh a rith liom ná ‘Tuige tú ag diomailt d’ama le raiméis bleachtaireachta in ionad dul ar thóir gach a bhfuil scríofa aige?’

Maidir le paimfléad Williams, is suimiúil an argóint atá á cur chun tosaigh aige, ach tá mé amhrasach fúithi sa mhéid go gceapaim gur Capall Traíoch é. Seans maith ann, measaim, go mbeadh an-drogall ar dhaoine a múineadh An Caighdeán Cúng dóibh an chéad chéim eile a thógáil i dtreo na fíor-Ghaeilge. Ach níl ansin ach mo bharúil féin agus nílim ag rá ar chor ar bith nach bhfuil moltaí fónta ag Williams, agus fillfidh mé orthu siúd amach anseo. Ní mór dom a rá mar fhocal scoir, áfach, nach bhfuilim sásta scaradh leis an aimsir ghnáthchaite ach gur cuma liom faoin tuiseal gairmeach.

4 comments:

  1. Fáilte ar ais, a Sheáin! Mac Síomóin, an ea? Cén leabhar dá chuid is éasca a léamh, dar leat? Maidir leis an tuiseal gairmeach, is maith liom é, ach ní dóigh liom go mbíonn sé riachtanach i gcónaí. Agus is rí-dheacair feidhm a bhaint as le hainmneacha neamh-Ghaelacha.

    ReplyDelete
  2. An Tionscadal, dar liom. Toisc go bhfaigheann an scéal greim ort.

    Breis anseo

    ReplyDelete
  3. Bhraithfeadh sin ar do thoighis féin, Dennis. Níl chuile fhocal dá bhfuil foilsithe aige léite agam ach seo sceitsí beaga ar a bhfuil léite agam.

    Ag Altóir an Diabhail (Striptease Spioradálta Bheartla B): aorscéal fíochmhar faoi fhear, atá faoi theiripe ag an Doktor Sigmund Bollack, a chinneann ar ollchomhlacht trasnáisiúnta a phléascadh. Greann agus imeartas focal go tiubh ann. (Coiscéim 2003)

    An Tionscadal: úrscéal faoi ghleann ceilte agus rún an fhadsaoil ag na daoine a chónaíonn ann. Coimhlint idir leas an chine dhaonna agus leas comhlachta chosmaide. Cur síos sár-eolach ar an leas a bhaineann comhlachtaí as ‘super consultants’ chun teacht ar ‘chinneadh praiticiúil’. Ós rud é go raibh ormsa a leithéid de choistí a fhulaingt le linn dom bheith ag obair do chomhlachtaí cógaiseolaíochta, aithním go gcaitheann go raibh taithí ag an údar ar a leithéid. Ph.D. sa bhitheolaíocht ag Mac Síomóin. (Coiscéim 2007)

    Cín Lae Seangáin: cnuasach de ghearrscéalta, gach ceann díobh ina sheoid. Ceann amháin, “7:02”, beidh sé neadaithe im chuimhní go deo. (Coiscéim 2005)

    Ó Mhársa go Magla (Straitéis Nua don Ghaeilge): plean don Ghaeilge, an gá le teanga uirbeach a shaothrú agus mais chriticiúil daoine a bheith bainteach leis. (Coiscéim, aka An Aimsir Óg, 2006)

    ReplyDelete
  4. Ceann eile:
    In Inmhe

    Scéal buachalla a bhaintear dá shean tuistí ag gaolta eile cionn is a sheanathair a bheith "mí oiriúnach" dar leo (tá sé in aontíos le bean). Tá casadh i ndeiridh an scéal nár oibrigh domhsa - go dtí an phointe sin thaitin sé liom. Samhlaíocht an phaiste, agus mothúcháin an aonarán a sciobadh as a ghnáth saol ann go láidir.

    ReplyDelete