Wednesday, September 9, 2009

Tionóntaí Nua?




Cuimhin libh an pictiúr faoin tearmann a chuir mé ar bhalla an tí do na beacha fiáine, na beacha a dtugtar Mason Bees orthu sna bólaí seo toisc go ndúnann siad a naíonlann le pluga láibe? Well, féach cad tá tarlaithe le cúpla seachtain anuas. Níor baineadh le ceann ar bith de na tiúbanna séalaithe, ach féach go bhfuil pluga tuí curtha ar cúpla tiúb eile. N’fheadar cé a rinne, ach seolfaidh mé an pictiúr chuig an nuachtán logánta agus measaim go mbeidh freagra agam go luath.

3 comments:

  1. Tá mé réasúnta cinnte gur foichí "grass-carrying", genus Isodontia, atá agat ansin.

    ReplyDelete
  2. Maith thú, Dennis. An ceart ar fad agat, mar tá na foichí feicthe agam ag iniúchadh na dtollán folmha, ach ní fhaca fós ceann díobh ag iompar tuí.

    ReplyDelete
  3. Ar a laghad tá tionscal na bhfoichí ag maireachtáil go maith...:-)

    ReplyDelete