Tuesday, September 22, 2009

Mapa den Scoth

Agus mé ar thóir ábhar clúdaigh don díolaim gearrscéalta a luaigh mé ó chianaibh, tháinig mé ar mhapa de Chathair Bhaile Átha Cliath thart ar an mbliain 1923. Is gleoite mar mhapa é agus leagan ard-taifeach de ar fáil ach brú ar an líne chuí. Thóg sé deich nóiméad ó mo phrintéir an leagan ard-taifeach a chur ar fáil dom. Tá mé chomh sásta sin leis go bhfuil fúm fráma a chur air agus é a chrochadh ar bhalla mo sheomra staidéir. Seo daoibh an URL chun teacht ar an mapa.

http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Dublin_1922-23_Map_Suburbs_MatureTrams_wFaresTimes_Trains_EarlyBus_Canals_pub.png

3 comments:

  1. An Mapa

    Níor éirigh liomsa an URL a shroicheadh ó mo bhlag. Rinne mé cóip de agus chuir isteach i nóta r-phoist é. B’as sin a d’éirigh liom teacht ar an mapa. Go n-éirí libh.

    ReplyDelete
  2. Oibríonn sé seo!

    (Ní mór duit píosa a scríobh, é a roghnú leis an luch, buaileadh ar an gcnaipe leis an giota de slabhra, agus an URL a chuir isteach sa bhosca. Ní dhéanann blag URL a aithint agus a iompú ina nasc go huaithoibríoch. I dtaiagirt mar seo, caithifdh tú dul i mbun HTML ámh &lta href="an nasc>an téacs</a>)

    Is iontach an mapa é, cinnte.

    ReplyDelete
  3. recté: <a href="http://an nasc">an téacs</a>

    ReplyDelete