Tuesday, September 22, 2009

Mapa den Scoth

Agus mé ar thóir ábhar clúdaigh don díolaim gearrscéalta a luaigh mé ó chianaibh, tháinig mé ar mhapa de Chathair Bhaile Átha Cliath thart ar an mbliain 1923. Is gleoite mar mhapa é agus leagan ard-taifeach de ar fáil ach brú ar an líne chuí. Thóg sé deich nóiméad ó mo phrintéir an leagan ard-taifeach a chur ar fáil dom. Tá mé chomh sásta sin leis go bhfuil fúm fráma a chur air agus é a chrochadh ar bhalla mo sheomra staidéir. Seo daoibh an URL chun teacht ar an mapa.

http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Dublin_1922-23_Map_Suburbs_MatureTrams_wFaresTimes_Trains_EarlyBus_Canals_pub.png

Wednesday, September 9, 2009

Tionóntaí Nua?




Cuimhin libh an pictiúr faoin tearmann a chuir mé ar bhalla an tí do na beacha fiáine, na beacha a dtugtar Mason Bees orthu sna bólaí seo toisc go ndúnann siad a naíonlann le pluga láibe? Well, féach cad tá tarlaithe le cúpla seachtain anuas. Níor baineadh le ceann ar bith de na tiúbanna séalaithe, ach féach go bhfuil pluga tuí curtha ar cúpla tiúb eile. N’fheadar cé a rinne, ach seolfaidh mé an pictiúr chuig an nuachtán logánta agus measaim go mbeidh freagra agam go luath.