Friday, August 14, 2009

Cosantóir na mBilí, Cuid a Dó

Tháinig fear na gcrann ar maidin. Is den sráidbhaile seo é agus comhlacht beag proifisiúnta aige a bhunaigh eisean is a chéile cúig bhliain déag ó shin. Muid ag déileáil leis ó bunaíodh an comhlacht. Shiúlamar triúr an gairdín agus an choill. An idirbheartaíocht sin a luaigh mé níos luaithe sa bhliain, sé is toradh uirthi go leagfar na crainn i gcúinne oirthuaisceartach an ghairdín, iad siúd atá ag caitheamh scáth ar mo cheapacha agus ar na súnna craoibhe. Ní leagfar conbhaiscne ar bith. Bainfear as an gcoill na crainn laga agus an corrcheann atá marbh cheana féin. Níl in ndán, áfach, do na crainn thorthaí ar aghaidh balla an gharáiste ach bás mall faoi scáth, mar ní bhainfear leis na crainn ar theorainn oirthearach an ghairdín. Raidhse múirín agam cheana féin chun na ceapacha uilig, idir cheapacha bláthanna agus cheapacha glasraí a líonadh. Comhréiteach!!

3 comments:

  1. Sin an réiteach is fearr, a chara!

    ReplyDelete
  2. Tá teallach agaibh, más buan mo chuimhe.

    Bhíos féin ag caint le m'arborist (crannadóir?) féin le déanaí. Ní fada an saol atá i ndán do Phortuguese laurel amháin sa chlós. Beidh siad ag obair ar shaileach shilte ollmhór sa chlós béal dorais freisin -- an crann a gcodlaíonn an racún ann. Thit craobh mhór as gan choinne cúpla seachtain ó shin agus scrios geata sa chlós sin. Bhí lucht oibre ag iompar píosaí coincréite tríd an ngeata céanna cúpla uair roimh thitim don craobh sin! I bhfad uainn an anachain!

    ReplyDelete
  3. Sea, Dennis, tá teallach againn, ceann mór fairsing. Minic mé ag smaoineamh go bhféadfaí banbh ar bhior a chur á róstadh sa teallach céanna tráth a mbíonn an chlann uilig anseo. Cosc curtha orm a leithéid a thriail nó go fiú a mholadh. De bharr go raibh orainn crann Choke Cherry (Prunus virginiana) a raibh trí thamhan aige a leagadh, tá breis agus 4 ‘cords’ de chrua-adhmad againn mar chonnadh. Ní bheidh easpa orainn go ceann tamall de bhlianta.

    ReplyDelete