Saturday, August 8, 2009

Bríste na Croise Deirge

An deartháir ab óige léi, ba phluiméir é agus ba é ab ansa léi féin, cé nach raibh meas madra ag a dheartháireacha féin air, cionn is go raibh sé i gcónaí i dtrioblóid de chineál éigin, trioblóid bhan nó trioblóid airgid, de ghnáth. Le linn an dara chogaidh dhomhanda ní raibh teacht aige ar luaidhe agus dá thoradh sin, bhí an daibhreas ag bagairt air. Conas teacht ar luaidhe? B’in a cheist a bhí á chiapadh, de ló is d’oíche.

An tráth sin bhíodh díonta luaidhe ar chorr-fhoirgneamh, ar sheanmhonarchana ach go háirithe, agus ó am go ham théadh sé istoíche chun cuid den luaidhe a bhreith leis. Ba bheag nach rugadh air uair agus é i mbun na hoibre sin agus thairis sin, ba rí-bhaolach mar obair í a bheith thuas ar dhíon ard i ndorchacht na hoíche agus tú ag iarraidh leathán luaidhe a ghearradh den díon. Bhí air foinse nua a aimsiú.

Ba bheag duine a raibh carr aige i rith an chogaidh mar ní raibh peitreal le fáil ach ag daoine ar leith. Ina measc siúd bhí dochtúirí. I ngach carr dochtúra bhí cadhnra agus i ngach cadhnra bhí luaidhe. Chinn sé ar na cadhnraí a ghoid. D’éirigh thar barr leis agus bhí lear mór airgid á ghnóthú aige, ach i ngar do dheireadh an chogaidh gabhadh é agus gearradh cúpla bliain air.

Bhuail sé isteach gan choinne ar a dheirfiúr lá. É scaoilte saor, dúirt sé, agus jab in áirithe dó in Birmingham, jab i monarcha chadhnra, scéal a chuir sna trithí í. Bhí díreach go leor airgid aige don bhád ach ní raibh le caitheamh aige ach a sheanchulaith ón bpríosún. An bhféadfadh sí cabhrú leis?

Le linn an chogaidh chéanna, bhí fear an tí ina oifigeach i gCumann na Croise Deirge agus cionn is go raibh deireadh leis an Éigeandáil, bhí a éide siúd thuas san áiléar. Suas leis an deartháir gur rug síos leis an éide. Bhí an seaicéad i bhfad ró-mhór dó agus ní raibh am a dóthain ag a dheirfiúr é a chur in oiriúint dó mar bhí sé le bheith ar an mbád an lá céanna. An bríste, áfach, b’in scéal eile. Ghiorraigh sí an dá osán agus amach leis an deartháir agus é go galánta ina bhríste dúghorm, a aghaidh ar na duganna agus an bád go Learpholl.

Sa bhliain 1947 cinneadh ar dhíchoimisiúnú oifigiúil a bheith ann don iliomad duine a liostáil sna seirbhísí deonacha éigeandála le linn an chogaidh agus bhí muintir na Croise Deirge agus buíonta eile nach iad, le bheith i bparáid mhór trí lár na cathrach. Chuaigh fear an tí ag lorg a éide, ach, ar m’anam, bhí an bríste in easnamh air. Agus é ag ceapadh gurbh é féin ba chúis le sin, cuardaigh sé an teach ó bhun barr. Cheistigh sé na páistí. Nuair ba léir di cad a bhí ar siúl, bhí ar bhean an tí an fhírinne a insint dó. Ní mó ná sásta a bhí sé le sin mar cé gurbh fhear fial carthanach é bhí drochmheas aige ar an deartháir céanna. Tharla, áfach, go bhfuair sé iasacht bríste ó dhuine nár fhéad leis bheith sa pharáid agus síos Sráid Ó Connaill go bródúil droimdhíreach céimrialta leis agus na sluaite á mhóradh.

Blianta anonn, ba í an chéad cheist a chuir sé ar an deartháir céanna ar fhilleadh dó ar shaoire ó Shasana ná “Cad a rinne tú leis an mbríste sin?”
“Ó,” arsa an deartháir, “tá sé agam fós mar is iontach maith an stuif atá ann.”
“Freagra maith,” arsa a dheirfiúr, tráth a raibh fear an tí as láthair.
“Ach anois, inis dom an fhírinne. Cad a rinne tú leo?”
“A luaithe a bhí airgead na chéad seachtaine im lámh agam, cheannaigh mé péire nua agus chaith uaim an bríste dúghorm. Bhfuil a fhios agat nár bhuan don dath a bhí orthu? Bhíos amuigh lá báistí agus nuair a bhaineas díom ag deireadh an lae bhíos dúghorm ó choim go rúitín, faoi mar a bheinn tar éis goirmín a phéinteáil orm féin.”
“Breá liom,”, arsa bean an tí, “gur thug tú dó an freagra eile.”

3 comments:

  1. Go diail!

    Súil agam gur bhain tú tairbhe as an saoire, agus go mbeidh sruth eachtraí mar seo uait.

    ReplyDelete
  2. Aonghus: Leathdhosaen eile le teacht.

    ReplyDelete
  3. "Woad" a dúirt sé? Nach iontach an rud é nach bhfaca éinne againn duine eile péinteáilte le woad riamh (léigh mé na cuntais ó dhaoine SCA ar theip orthu goirmín a úsáid mar sin; is é an chaoi go ngreamaíonn an dath sin le héadach ach ní leis an gcraiceann) ACH tá a fhios againn uile go raibh na hAncient Britions clúdaithe leis an stuif chéanna! :-)

    ReplyDelete