Monday, August 17, 2009

An Bheochan

Mar is eol, ar a laghad, do dhuine amháin agaibh, is Caitliceach measartha traidisiúnta mé a ghlacann le múineadh Thomáis Acain go gcaithim mo choinsias a leanúint ach an dúthracht chuí a bheith caite agam ag cíoradh ceiste. Ina theannta sin, níorbh fhadhb dom riamh idirdhealú a dhéanamh idir an teachtaireacht agus an teachtaire. Riamh ní raibh fadhb agam le coincheap an éabhlóideachais. D’fhéadfainn dul i bhfad níos doimhne sa scéal agus mé ag plé impleachtaí an éabhlóideachais, ach sin scéal lae eile. An cheist a bhí á plé agam liom féin agus an píosa thuasluaite ar na bacáin agam ná, más fíor go bhfuil anam ar leith ag chuile dhuine, cathain, le linn éabhlóid an duine, a tháinig an t-anam sin ar bith. OK, seo chugaibh ‘An Bheochan’.

An Bheochan

“Goitse, a mhic” arsa an t-ardghiolla agus é ag sméid chuige giolla a raibh cuma bhuartha air.
“Cad tá ag cur as duit?”
“Tá,” arsa an giolla, “go bhfuil rud éigin ar siúl thíos nach bhfaca mé cheana.”
“Feicimis, nó cén chearn den chruinne ar a raibh tú ag dearcadh?”
“Thíos ansin, áit a bhfuil an bheirt úd.”
D’amharc an t-ardghiolla agus d’éist.
“Maith thú, a mhic. Is maith an dearcaí tú. Caithimse an scéala seo a roinnt leis an mbas.

Chnag an t-ardghiolla ar an doras, ach freagra ar bith ní bhfuair sé. Bhrúigh sé an doras isteach agus dhruid leis an té a bhí sa leaba.
“A thiarna”, ar sé, “múscail, mar tá rud tarlaithe thíos nár tharla cheana.”
Mhúscail an codlataí agus dhírigh súil fheargach ar an ard-ghiolla.
“Nach féidir libh,” ar sé, “beagán sosa a thabhairt dom agus mé traochta i ndiaidh na trioblóide a bhí againn leis an dream damanta sin? Cad tá tarlaithe?”
“Tá beirt thíos agus sé croí an scéil ná gur shamhlaigh siad thú agus thairis sin gur ainmnigh siad thú freisin.”
“D’ainmnigh siad mé? Cad a chumadar mar ainm orm?”
“An Té Atá” arsa an t-ardghiolla. “Meas tú go bhfuil sé in am dúinn iad a sheoladh chucu?”
“Ní gá sin, a Mhichíl,” arsa an tiarna. “Tá siad acu cheana féin, mar féach gur shamhlaigh siad agus gur ainmnigh siad mé.”

6 comments:

  1. Rud beag ró dhoimhin domhsa, a Sheáin. Lón machnamh.

    Dála an scéil, tá mé den tuiscint nach raibh deacracht riamh ag an Eaglais [nach ionann agus eaglaisaigh áirithe] le eabhlóid an cholainn.

    ReplyDelete
  2. Seo an méid a bhí le rá ag Pius XII (alt 36)

    http://www.papalencyclicals.net/Pius12/P12HUMAN.HTM

    ReplyDelete
  3. Níor thuig mé an ceann seo, a Sheáin, ach is minic nach dtuigim na cúrsaí seo, ar aon nós...:-)

    ReplyDelete
  4. Cad a bhí ann nár thuig tú, Áine? Admhaím go raibh an scéilín féin doiléir go leor agus ba d’aonghnó a scríobh mé amhlaidh é. Ach an nóta a chuir mé leis ar an mblag, mheas mé go soiléireodh sé an scéal. “Más ann, cathain?” an cheist a bhí á cur agam.

    ReplyDelete
  5. Ní ar do chumas cumadóireachta atá an locht, a chara, ach ar mo chumas tuisceana...:-)

    ReplyDelete
  6. Deabhal easpa ar bith ar do chumas tuisceana, dar liomsa. Ah, well.

    ReplyDelete