Friday, August 21, 2009

Caomhnóirí Gaoithe agus Na Stylites Nua

Agus Aonghus ag tagairt do Thréadlitir an Phápa, rith sé liom go raibh an píosa seo thíos áit éigin im chomhaid.

Caomhnóirí Gaoithe agus Na Stylites Nua

Agus muid ag taisteal an bhliain seo caite ar Ynys Môn na Breataine Bige, níor fhéad muid gan suntas a thabhairt don mhéid tuirbíní gaoithe a bhí mar a bheadh arm fathach ag máirseáil trasna cósta thuaidh an oileáin. Iad uilig ag casadh agus, go deimhin, gaoth a ndóthain agus a mórdhóthain á dtiomáint. Muid meallta go mór ag an modh seo ginte leictreachais. Ar ndóigh bhí léite agam faoin a leithéid, ach b’fhánach ag duine dul ar a dtóir anseo in Connecticut, ainneoin a “ghlaise” is a mhaítear sinn a bheith.

Luaigh muid a raibh feicthe againn le húinéir an óstáin a raibh lóistín againn ann an lá sin agus baineadh stangadh asainn ag an racht feirge a bhuail é.
“Iad ag lot na tíre,” ar sé, a aghaidh ar lasadh. “Is beag ar fad a ghineann siad agus cad faoin am nach séideann an ghaoth?”
“An dtarlaíonn a leithéid go minic anseo?” a deirimse, súil liom ar na crainn ar fhiarfhás lasmuigh.
“Cuma,” ar sé, “mar is ag baint den tírdhreach atá siad agus ag cur as do na turasóirí. Ní le haghaidh a leithéid a fheiceáil a thagann daoine go dtí na bólaí seo agus dealraíonn gur ag cur as don iascaireacht atá siad, freisin.”
“An bhfuil a dhath gur féidir libh a dhéanamh chun cur ina gcoinne?” arsa mo chéile ag tabhairt sonc sna heasnacha dom. Í iontach tugtha do bheith ag gríosú “daoine suimiúla” a mbuailimid leo agus muid ar saoire.
“Táid ann,” ar sé, “a bhfuil pleananna acu ach sin a bhfuil le rá agam faoin scéal,” ar sé, “ach feicfear amach anseo nach in éagmais dáiríreachta atá muintir na háite seo.”
D’fhill sé ar an gcistin chun dul i mbun dinnéar a réiteach agus tháinig ógbhean, iníon leis, chun freastal orainn sa bheár.
“An nimh aige do na tuirbíní,” a deirimse agus í ag líonadh cúpla gloine beorach dúinn. Chaith sí súil thart ar an seomra. Ní raibh ann ach muidne. Chrom sí im threo.
“An bhfuil cloiste agat faoin rud ar a dtugtar “ancient lights”? ar sí.
“Tharlódh go bhfuil,” a deirimse. “Ní cheadaítear foirgneamh a thógáil a bhainfeadh solas ó fhoirgneamh atá ann cheana féin gan cúiteamh a dhíol le húinéir an fhoirgnimh sin.”
“Sin díreach agat é,” ar sí, “ach táid ann anseo a chreideann go bhfuil a leithéid agus “cearta gaoithe” ann. Creideann siad go bhfuil na tuirbíní ag lagú na gaoithe, ag baint a gcearta gaoithe ón muintir a chónaíonn ar thaobh fothana na dtuirbíní.”
Chuaigh sé rite liom gan briseadh amach ag gáire ach mhúch mé é mar ba léir go raibh an ógbhean lán dáiríre.
“Ní mór m’eolas ar an dlí sna bólaí seo,” a deirimse, “ach trácht ar bith ar chearta gaoithe níl cloiste agam go nuige seo.”
“Well, cloisfidh tú fúthu amach anseo,” ar sí agus faghairt ina súile. “Ar chuala tú riamh faoi Shíomón Stylites?”
“Nárbh in fear a chaith bunús a shaoil ar bharr colún cloiche?” arsa mo chéile.
“Well, sul i bhfad, feicfidh tú fótó sna nuachtáin a mbeidh daoine ar bharra na dtuirbíní le feiceáil ann. Caomhnóirí na Gaoithe a bheidh acu orthu féin agus mar aidhm acu réabhlóid a adhaint ar fud na tíre, ach ní uaimse a chuala tú focal faoin bhfeachtas sin.”
Bhí ar mo chéile bailiú léi i dtreo an leithris ar eagla go bpléascfadh sí le teann ríméid, í ag fágáil fúmsa aghaidh lán de chomhthuiscint agus comhbhá a dhíriú ar an ógbhean.

“Mo ghraidhin thú as guaim a choinneáil ort féin,” ar sí agus muid ag ullmhú don leaba. “Meas tú gur as a meabhair atá siad nó b’in thar a gcuala mé riamh. Caomhnóirí na Gaoithe! Síomóin Nua Stylites! Go bhfóire Dia orainn.”
Níor lig mé uaim ach ‘hm’, ach ó shin i leith is san airdeall atá mé ar an bhfótó céanna.

Monday, August 17, 2009

An Bheochan

Mar is eol, ar a laghad, do dhuine amháin agaibh, is Caitliceach measartha traidisiúnta mé a ghlacann le múineadh Thomáis Acain go gcaithim mo choinsias a leanúint ach an dúthracht chuí a bheith caite agam ag cíoradh ceiste. Ina theannta sin, níorbh fhadhb dom riamh idirdhealú a dhéanamh idir an teachtaireacht agus an teachtaire. Riamh ní raibh fadhb agam le coincheap an éabhlóideachais. D’fhéadfainn dul i bhfad níos doimhne sa scéal agus mé ag plé impleachtaí an éabhlóideachais, ach sin scéal lae eile. An cheist a bhí á plé agam liom féin agus an píosa thuasluaite ar na bacáin agam ná, más fíor go bhfuil anam ar leith ag chuile dhuine, cathain, le linn éabhlóid an duine, a tháinig an t-anam sin ar bith. OK, seo chugaibh ‘An Bheochan’.

An Bheochan

“Goitse, a mhic” arsa an t-ardghiolla agus é ag sméid chuige giolla a raibh cuma bhuartha air.
“Cad tá ag cur as duit?”
“Tá,” arsa an giolla, “go bhfuil rud éigin ar siúl thíos nach bhfaca mé cheana.”
“Feicimis, nó cén chearn den chruinne ar a raibh tú ag dearcadh?”
“Thíos ansin, áit a bhfuil an bheirt úd.”
D’amharc an t-ardghiolla agus d’éist.
“Maith thú, a mhic. Is maith an dearcaí tú. Caithimse an scéala seo a roinnt leis an mbas.

Chnag an t-ardghiolla ar an doras, ach freagra ar bith ní bhfuair sé. Bhrúigh sé an doras isteach agus dhruid leis an té a bhí sa leaba.
“A thiarna”, ar sé, “múscail, mar tá rud tarlaithe thíos nár tharla cheana.”
Mhúscail an codlataí agus dhírigh súil fheargach ar an ard-ghiolla.
“Nach féidir libh,” ar sé, “beagán sosa a thabhairt dom agus mé traochta i ndiaidh na trioblóide a bhí againn leis an dream damanta sin? Cad tá tarlaithe?”
“Tá beirt thíos agus sé croí an scéil ná gur shamhlaigh siad thú agus thairis sin gur ainmnigh siad thú freisin.”
“D’ainmnigh siad mé? Cad a chumadar mar ainm orm?”
“An Té Atá” arsa an t-ardghiolla. “Meas tú go bhfuil sé in am dúinn iad a sheoladh chucu?”
“Ní gá sin, a Mhichíl,” arsa an tiarna. “Tá siad acu cheana féin, mar féach gur shamhlaigh siad agus gur ainmnigh siad mé.”

Friday, August 14, 2009

Cosantóir na mBilí, Cuid a Dó

Tháinig fear na gcrann ar maidin. Is den sráidbhaile seo é agus comhlacht beag proifisiúnta aige a bhunaigh eisean is a chéile cúig bhliain déag ó shin. Muid ag déileáil leis ó bunaíodh an comhlacht. Shiúlamar triúr an gairdín agus an choill. An idirbheartaíocht sin a luaigh mé níos luaithe sa bhliain, sé is toradh uirthi go leagfar na crainn i gcúinne oirthuaisceartach an ghairdín, iad siúd atá ag caitheamh scáth ar mo cheapacha agus ar na súnna craoibhe. Ní leagfar conbhaiscne ar bith. Bainfear as an gcoill na crainn laga agus an corrcheann atá marbh cheana féin. Níl in ndán, áfach, do na crainn thorthaí ar aghaidh balla an gharáiste ach bás mall faoi scáth, mar ní bhainfear leis na crainn ar theorainn oirthearach an ghairdín. Raidhse múirín agam cheana féin chun na ceapacha uilig, idir cheapacha bláthanna agus cheapacha glasraí a líonadh. Comhréiteach!!

Monday, August 10, 2009

An tSiopadóireacht

(Iar bpósadh dom, níor chaith mé ach cúpla mí ag maireachtáil in Éirinn agus is dá bharr sin nach bhfuil de thaithí agam ar an tsiopadóireacht ach an méid a rinne mé anseo sna Stáit.)

Saibhir is daibhir, óg is aosta, uasal is íseal, álainn is gránna, cuma cé sinn, is ag siopadóireacht a théimid. Is dócha gurbh é an bhabhtáil tús na siopadóireachta. Farasbarr X agamsa, farasbarr Y agatsa. Babhtálaimis! Ar ndóigh, níorbh fhada go raibh nithe as sinc: raidhse ime agamsa tráth nach raibh do chuid cruithneachta bainte fós agatsa. Faighim tócan uaitse a mhalartófar ar chruithneacht in am trátha. Tá a leithéid de luatócain, a mheastar anois a bheith níos ársa ná 5,000 bliain, fionnta sa Mheánoirthear, baint acu, meastar, le stóras lárnach arbhair. Ó thócain go boinn, níor mhór an chéim í agus b’in an tsiopadóireacht faoi lánseol. Ar ndóigh, b’in freisin tús le góchumadóireacht airgid, ceird atá beo beathach i gcónaí. I gcás nach raibh an t-airgead agat, bhí tú “ar an leabhar, ar scláta, nó ar tic.” Cártaí creidmheasa againn anois.

Dualgas no diúité domsa an tsiopadóireacht, cineál spóirt is teiripe dise í agus ár gcur chuige féin againn beirt. Liosta agamsa, leagan amach an stór ilranna, an ollmhargaidh nó an siopa beag logánta greanta im aigne agam agus mé ag déanamh caol díreach ar na seilfeanna cuí. Cúig nóiméad déag de thiomáint chuig an siopa, cúig nóiméad déag ar a mhéid ag líonadh na cairte agus ag díol as a bhfuil roghnaithe agam, cúig nóiméad déag chun an baile a bhaint amach. Leagan eile ar fad atá aicise.

“Slán agat, a stór,” ar sí agus í ar a slí amach san iarnóin.
“Cá fhad a bheidh tú agus cad a bheidh á cheannach agat?” a deirimse.
“N’fheadar go beacht, ach mé ag súil le bheith abhaile in am don dinnéar. An ngríoscfá dhá stéig dúinn tráth fillte dom? Goile agam i gcónaí i ndiaidh babhta siopadóireachta.”

Táid ann a deir gur sa géinte atá fuascailt an difir seo le fáil, gur cineál dúshláin do mná an tsiopadóireacht, eachtra a mbíonn fáilte acu roimpi. Má ghlactar leis go raibh na fir, san anallód, ina sealgairí, bhí na mná in cnuastóirí agus gan a fhios acu go baileach cad a bheadh acu ag deireadh an lae. Tá aithne agam ar fhir a bhfuil tóir ar shladmhargaidh mar chaitheamh aimsire acu. D’ídeoidís cúpla galún peitril ach dollar nó dhó a choigilt ar phraghas uirlis ar leith adhmadóireachta. Mé ag ceapadh gur cineál fiaigh acu é. Murach iad ina gcónaí mar a bhfuilid, bheidís amuigh le gunna an t-am seo bliana, ar thóir creiche, iad i gcónaí dírithe ar chineál ar leith ainmhí. Seans ann freisin, ar ndóigh, gur iompar foghlamtha acu é. Éinne a d’fhreastail ar cheann de na sean-aonaigh, caitheann gur cuimhin leis an siúl timpeall, an rogha, tús triaileach na margála, an teannadh agus an cúlú, an díspeagadh ar cibé a bhí ar díol, an chéad tairiscint, an diúltú prap, an atairiscint, an dímheas, an scaradh, an t-idirghabhálaí, an t-áitiú, an teannadh bréag-dhrogallach ar réiteach, an tseile ar bhosa is an margadh á dhlúthú amanntaí le pionta nó dhó sa phub.

Mo dhála féin, is iomaí fear fíor-nuaphósta a chuaigh ag siopadóireacht lena bhrídeach, tráthnóna Shathairn, ach go háirithe. I ngan fhios don lánúin, is tástáil ar neart na cuinge a bheidh ann agus tar éis dreas nó dhó, má tá ciall cheannaithe ar bith acu, is léir dóibh araon gur fearr éirí as. Is cás é gur fearr rith maith ná drochsheasamh. Cuimhin go glé liom agus muid díreach fillte ó mhí na meala, (nach raibh inti ach seachtain, muid ar an ngannchuid ag an am), gur thagair sí do léithe mo fobhrístí is mo foléinte. Ní raibh a leithéid cloiste agam cheana seachas óm mháthair féin agus, ar ndóigh, cead ag gach máthair a leithéid a rá faoi dhuine dá clann. Mé ar tí a rá nach ndearna bean ar bith eile a leithéid de bhreith ar mo chuid fo-éadaí, ach, díreach in am, dhún mé mo chlab. Só, tar éis lóin Dé Sathairn, amach linn, ár dtriall ar an Mall, fo-éadaí nua uaimse, scairf theolaí agus blús uaithise. Agus an stór ilranna bainte amach againn, scaramar ó chéile, mise dírithe ar roinn na bhfear, ise ar roinn na mban. Deich nóiméad agus bhí críochnaithe agamsa. Stór dhá urlár a bhí ann agus bhí geall le ceathrú uair a chloig caite agam sular tháinig mé uirthi, i roinn na gcótaí.
“Mheas mé gurbh ag ceannach scairfe agus blúis a bhí tú.”
“Bhí, ach chuala ó bhean go raibh sladmhargadh ar na cótaí. Meas tú go n-oireann an ceann seo dom?”
“Agus cad faoin scairf agus an blús?”
“Nuair a bheidh mé réidh leis na cótaí, rachaimid beirt á lorg.”
Sea, is fearr rith maith ná drochsheasamh.

Gné eile ar fad den tsiopadóireacht, go mór mór in ollmhargadh, is ea an tsocheolaíocht agus an tsíceolaíocht a bhaineann léi. Bhí ceathrar de mhuirear orm agus gan chéile sa teach liom. I rith saoire scoile an tsamhraidh, thógainn lá saoire ón tsaotharlann agus théimis cúigear ag déanamh siopadóireacht seachtaine, go hiondúil maidin Dé Máirt, thart ar a deich a chlog. Bhíodh a liosta féin ag an mbeirt ab aosta, iad ag cuardach agus ag tabhairt air ais chugam gach a bhí faighte acu, an bheirt eile im fhochairse agus mé ag iniúchadh feola, glasraí agus a leithéid. Fear in éagmais mná, a chlann leis san ollmhargadh, dealraíonn gurb ábhar seilge é do mhná in éagmais céilí agus a gclann féin in éineacht leo. An cnuastóir casta ina sealgaire?
“Cé acu is rogha leat féin?” arsa guth laistiar díom agus muid cúigear ag cur is ag cúiteamh faoi ghránach bricfeasta. Fruit Loops ó na leanaí, Corn Flakes uaimse.
Bean ar chomhaois liom féin a chuir an cheist, beirt leanaí d’aois scoile lena hais. Í dathúil go maith agus dea-ghiúmar is intleacht le brath ar a haghaidh. An deacracht chéanna aici féin i gcás gránach bricfeasta agus cónaí uirthi i bhfogas leath-mhíle uainne, dúirt sí. Súil aithne aici ormsa, ach gan cuimhne agamsa go bhfaca riamh í. Ár bpáistí ag freastal ar an scoil chéanna. An raibh dúil agam i gcaife? Sár-chaife aici sa bhaile. Dhiúltaíos go múinte di, a fhios agam, cé soineanta fós mé ag an am, go raibh rud éigin seachas caife agus comhrá i gceist.
“An bhfuil aithne agaibh ar an mbean sin?” ar mé leis an leanaí agus muid ar ár slí abhaile.
“Í colscartha le breis bheag is bliain,” arsa m’iníon, agus ag tarraingt di as saíocht a deich mbliana, ar sí, “Didn’t you know she was hitting on you?”
“Hitting on me! Cad is brí leis sin?”
“Á, Daid!”

An uair dheireanach dom i gcathair Nua Eabhrach, chuala tuin Éireannach ó scata ban ar 5th Avenue. Cuma an rachmais orthu agus iad ualaithe cheana féin le málaí siopadóireachta, ach flosc orthu fós leanúint den tseilg. Chuir mé forrán orthu féachaint cad ba chúis dóibh an tAtlantach a thrasnú. “Just dropped over for a few days and a bit of shopping, nice to get away from the rain and all,” an freagra a fuair mé. Oilithreacht ar chathair an tomhaltais, ar mé liom féin, agus láithreach rith línte Chaucer liom:

Than longen folk to goon on pilgrimages,
And palmeres for to seken straunge strondes,
To ferne halwes, couthe in sondry londes.


(Ansin sí mian na ndaoine dul ar oilithreachtaí
Agus tóir ag oilithrigh ar chríocha iasachta,
Ar áiteanna i gcéin i dtíre ar eol dóibh iad.)

B’in díreach acu é. An tsiopadóireacht mar oilithreacht agus mar chruthú go ndearna siad an oilithreacht, éadaí nua acu in áit uisce Lourdes a sinsir. Tuige nár léir dom an nasc sin i bhfad ó shin? Seans, meas sibh, gur scáthán ar shochaí an tsiopadóireacht chéanna?

Anois, cá’l liosta sin agam? Googlóidh mé ar dtús ach is dóichí ná a mhalairt gur le hAmazon a chríochnóidh mé. Google, Amazon, E-Bay, United Parcel, FedEx, USPS agus Litríocht.com: aghaidh nua na siopadóireachta do mo leithéidse, pé ar bith é!

Saturday, August 8, 2009

Bríste na Croise Deirge

An deartháir ab óige léi, ba phluiméir é agus ba é ab ansa léi féin, cé nach raibh meas madra ag a dheartháireacha féin air, cionn is go raibh sé i gcónaí i dtrioblóid de chineál éigin, trioblóid bhan nó trioblóid airgid, de ghnáth. Le linn an dara chogaidh dhomhanda ní raibh teacht aige ar luaidhe agus dá thoradh sin, bhí an daibhreas ag bagairt air. Conas teacht ar luaidhe? B’in a cheist a bhí á chiapadh, de ló is d’oíche.

An tráth sin bhíodh díonta luaidhe ar chorr-fhoirgneamh, ar sheanmhonarchana ach go háirithe, agus ó am go ham théadh sé istoíche chun cuid den luaidhe a bhreith leis. Ba bheag nach rugadh air uair agus é i mbun na hoibre sin agus thairis sin, ba rí-bhaolach mar obair í a bheith thuas ar dhíon ard i ndorchacht na hoíche agus tú ag iarraidh leathán luaidhe a ghearradh den díon. Bhí air foinse nua a aimsiú.

Ba bheag duine a raibh carr aige i rith an chogaidh mar ní raibh peitreal le fáil ach ag daoine ar leith. Ina measc siúd bhí dochtúirí. I ngach carr dochtúra bhí cadhnra agus i ngach cadhnra bhí luaidhe. Chinn sé ar na cadhnraí a ghoid. D’éirigh thar barr leis agus bhí lear mór airgid á ghnóthú aige, ach i ngar do dheireadh an chogaidh gabhadh é agus gearradh cúpla bliain air.

Bhuail sé isteach gan choinne ar a dheirfiúr lá. É scaoilte saor, dúirt sé, agus jab in áirithe dó in Birmingham, jab i monarcha chadhnra, scéal a chuir sna trithí í. Bhí díreach go leor airgid aige don bhád ach ní raibh le caitheamh aige ach a sheanchulaith ón bpríosún. An bhféadfadh sí cabhrú leis?

Le linn an chogaidh chéanna, bhí fear an tí ina oifigeach i gCumann na Croise Deirge agus cionn is go raibh deireadh leis an Éigeandáil, bhí a éide siúd thuas san áiléar. Suas leis an deartháir gur rug síos leis an éide. Bhí an seaicéad i bhfad ró-mhór dó agus ní raibh am a dóthain ag a dheirfiúr é a chur in oiriúint dó mar bhí sé le bheith ar an mbád an lá céanna. An bríste, áfach, b’in scéal eile. Ghiorraigh sí an dá osán agus amach leis an deartháir agus é go galánta ina bhríste dúghorm, a aghaidh ar na duganna agus an bád go Learpholl.

Sa bhliain 1947 cinneadh ar dhíchoimisiúnú oifigiúil a bheith ann don iliomad duine a liostáil sna seirbhísí deonacha éigeandála le linn an chogaidh agus bhí muintir na Croise Deirge agus buíonta eile nach iad, le bheith i bparáid mhór trí lár na cathrach. Chuaigh fear an tí ag lorg a éide, ach, ar m’anam, bhí an bríste in easnamh air. Agus é ag ceapadh gurbh é féin ba chúis le sin, cuardaigh sé an teach ó bhun barr. Cheistigh sé na páistí. Nuair ba léir di cad a bhí ar siúl, bhí ar bhean an tí an fhírinne a insint dó. Ní mó ná sásta a bhí sé le sin mar cé gurbh fhear fial carthanach é bhí drochmheas aige ar an deartháir céanna. Tharla, áfach, go bhfuair sé iasacht bríste ó dhuine nár fhéad leis bheith sa pharáid agus síos Sráid Ó Connaill go bródúil droimdhíreach céimrialta leis agus na sluaite á mhóradh.

Blianta anonn, ba í an chéad cheist a chuir sé ar an deartháir céanna ar fhilleadh dó ar shaoire ó Shasana ná “Cad a rinne tú leis an mbríste sin?”
“Ó,” arsa an deartháir, “tá sé agam fós mar is iontach maith an stuif atá ann.”
“Freagra maith,” arsa a dheirfiúr, tráth a raibh fear an tí as láthair.
“Ach anois, inis dom an fhírinne. Cad a rinne tú leo?”
“A luaithe a bhí airgead na chéad seachtaine im lámh agam, cheannaigh mé péire nua agus chaith uaim an bríste dúghorm. Bhfuil a fhios agat nár bhuan don dath a bhí orthu? Bhíos amuigh lá báistí agus nuair a bhaineas díom ag deireadh an lae bhíos dúghorm ó choim go rúitín, faoi mar a bheinn tar éis goirmín a phéinteáil orm féin.”
“Breá liom,”, arsa bean an tí, “gur thug tú dó an freagra eile.”