Tuesday, July 7, 2009

An Pram Ualaithe

N’fheadar an bhfuil éinne agaibh ar chomhaois liomsa. Seo sceitse eile as cnuasach liom. Ar ndóigh, is Dub cruthanta mé.

Fómhar na bliana 1943 a bhí ann agus ganntanais na hÉigeandála ag brú go géar ar an tír. Bhí cónaí orainn faoin am sin i Rialto agus uair sa choicís théimis ar chuairt chuig tuistí mo mháthar a raibh cónaí orthu in aice le Kelly’s Corner ag barr Sráid Camden. Ba ghnáth dúinn dul ar an mbus, bus a 19, ach an lá áirithe sin ba de shiúl na gcos a rinneamar an turas, mo mháthair ag brú an phram a raibh mo dheartháir óg ann, agus mise ag siúl taobh léi. Síos go Carnán Cloch linn agus ar aghaidh, thart leis an Staid Dornálaíochta, thart le Beairic Uí Ghríofa agus síos an fána go dtí Leonard’s Corner. Fána suas ansin ar feadh scaithimh agus b’in ar chlé uainn an eaglais inar pósadh í díreach roimh tús an chogaidh.
“D’áitíomar ar an sagart aifreann an phósta a cheiliúradh ag a sé a chlog ar maidin” a dúirt sí, “mar bhí orainn a bheith ar an mbád ar ár slí go Páras san iarnóin.”
“Ar thaitin Páras leat?”
“Bhí Páras chomh hálainn sin nach bhfuil na focail agam le cur síos air.”

Bhí a tuistí anonn go maith sna blianta, a máthair dall ón diaibéiteas, a hathair, saor-phéintéir, lofa sa bholg ó luaidhe na péinte agus gan ar a chumas ach bia leamh a ithe, ar nós arán ar maos i mbainne nó iasc beirithe. Tar éis di siopadóireacht a dhéanamh dóibh siopa Miss Brady ar Shráid Charlemont agus an teachín a néatú beagán, d’ullmhaigh sí béile dúinn go léir agus ansin bhuaileamar amach ar ár slí abhaile.

Pram den seansórt a bhí againn, ceithre roth móra faoi agus bun cuasach leis. Níor ghnáth di é a úsáid agus í ag bualadh isteach ar a muintir mar bhí sé ró-mhór le dul ar an mbus agus b’in ba chúis dúinn a bheith ag siúl an lá sin. Mar a dúras cheana bhí fána síos ón mbeairic go dtí Leonard’s Corner agus, ar ndóigh, a mhalairt a bhí ann agus sinn ag filleadh.
“Cabhraigh liom, a mhic,” ar sí agus muid ag dul suas an fána i dtreo na beairice. “Brú ar an bpram nó tá mé traochta leis.”
Agus go deimhin bhí an t-allas ag rith léi. Bhrúigh, agus faoi dheireadh, bhaineamar amach an baile.

Seachtain anonn, ár gcomharsa béal dorais ag tabhairt aire dom dheartháir, bhíos léi agus í ag siopadóireacht sa chomharsanacht gur bhuail comharsa eile linn.
“That baby of yours must be a terrible weight,” ar sí. “Didn’t I see you from the bus and you struggling up the South Circular at the barracks. Looking like a flogged horse you were.”
Ní cuimhin liom cén freagra a thug mo mháthair uirthi ach bhí meangadh gáire ar a béal agus muid ag filleadh abhaile.
“John,” ar sí agus muid ag ithe dinnéir an lae. “Bhuail mé le Liz Kelly sa siopa inniu agus bhí sí ag rá go bhfaca sí an bheirt againn ar ár mbealach abhaile óm mhuintir Dé Máirt seo caite agus ba é a dúirt sí ná go gcaithfeadh go raibh an-toirt tagtha ar an leanbh cionn is go rabhamar ag streachailt suas an South Circular ar ár slí abhaile.”
Thosaigh m’athair ag gáire agus b’amhlaidh dom mháthair freisin.
“Tuige sibh ag gáire?” a deirimse.
“Tá, a mhic,” arsa mo mháthair, “gur cheannaigh do sheanathair cúig thonna guail roimh thús don chogadh, mar ba léir dó go mbeadh chuile shórt ganntanais ann lena linn. Sé a bhí i mbun an phram agam faoi thóin do dhearthár an lá sin ná ualach guail a thug sé dom agus cé gur strómhar an t-aistear a bhí againn agus sinn á thabhairt abhaile, is iontach teolaí é tine ghuail a bheith againn ag an deireadh seachtaine.”

4 comments:

  1. An cuimhin leat féin na heachtraí seo, nó an é an chaoi gur cuimhin leat na scéalta faoi na heachtraí a chuala níos déanaí?

    ReplyDelete
  2. Is cuimhin. Iontach le rá é ach is cuimhin liom Lá Nollag agus mé beagnach trí bliana d'aois. Nollaig 1942!!! Rugadh mé Feabhra 1940.

    ReplyDelete
  3. Denis: Ós rud é go mbeidh mé ag cur sceitseanna eile ar mo bhlag ó am go chéile, tá dlite duit freagra níos iomláine ar do cheist. Na sceitseanna ina raibh mé féin páirteach, An Pram Ualaithe, mar shampla, tá bunús an scéil neadaithe im chuimhní cinn: an pram mór cuasach a bheith ró-mhór le dul ar an mbus; an stró ar an tslí abhaile agus muid ag streachailt le hualach an phraim; “like a flogged horse”; tine ghuail. An chuid eile de, is ó m’eolas ar an gcathair a thagann sí. Tá sceitseanna eile agam nach raibh mé páirteach iontu ar chor ar bith, “Bradán Póitseáilte” mar shampla. Is ó mo mháthair agus ó uncail liom a phóitseáil an bradán a thagann bunús an scéil. Chuir mé leis an gcreatlach sin d’fhonn téagar a chur leis an bplota. Súil agam gur sásúla an freagra seo ná an chéad cheann.

    ReplyDelete
  4. Scéala maithe iad araon, a SheáinO. Nár laga cibé Cé do chuimhne.

    Táim ag súil go mór leis an gcéad scéal eile uait.

    ReplyDelete