Friday, July 17, 2009

Oíche Chinn Bliana 1944

Oíche Chinn Bliana a bhí ann agus bhí an chlann go léir bailithe teach Joe agus Liz O’Connor, i Ráth Fearnáin. Bhí Joe Óg ann lena chéile Bridie agus m’athair is mo mháthair lena dtriúr leanaí, mise, mo dheartháir Denis agus an leanbh Rory. Bhí Kevin ann lena Evelyn agus Dermot lena Evelyn seisean. Chun idirdhealú idir an dá Evelyn thugtaí Evelyn Kelly agus Evelyn Hunter orthu ar uaire. Agus bhí Maureen ann agus Jack Smith á tionlacan. Bhí spraoi thar mar ba ghnáth san aer. Bhíothas ag súil le deireadh an chogaidh, deireadh na hÉigeandála agus deireadh leis na ganntanais.

Tharla, áfach, go raibh “connections” ag Joe agus an t-airgead aige chun leas a bhaint astu agus bhí “nua gacha bidh agus sean gacha dí” sa teach an oíche sin. Tar éis dinnéir osclaíodh na doirse idir an seomra bia agus an seomra suí, brúdh na troscáin agus an pianó ar leataobh, rothlaíodh na brait urláir, toghadh ceirníní agus tosaíodh ar dhamhsa. Faoin am sin, ar ndóigh, bhí mise im chodladh thuas staighre in aon leaba lem dheartháir.

Roimh bhreacadh an lae d’éirigh mé chun mo mhún a dhéanamh. Sin déanta, síos staighre liom ar mo bharraicíní. Cé nach raibh mé ach in aois a cheithre bliana, bhí a fhios agam cheana féin nár mhaith an rud é daoine fásta a mhúscailt i ndiaidh dóibh hooley a bheith acu. Bhí an áit thíos ina praiseach, gloiní agus buidéil ins chuile áit. Thugas faoi na buidéil is na gloiní a bhailiú le chéile ar bhord taobh balla. Bhí fuílleach i roinnt díobh.

Mhúscail mo mháthair agus chuaigh chun seiceáil orainn. Bhí an bheirt eile ina gcodladh, ach cá raibh mise? Isteach léi sa leithreas féachaint an raibh mé ann. Ní raibh. Síos staighre léi ach rian díom ní bhfuair sí. Suas staighre léi gur mhúscail sí m’athair.
“John, John,” ar sí, “n’fheadar cá bhfuil Seán.”
Chuardaigh siad na seomraí thíos staighre. Faic.
Mhúscail siad an comhluadar agus cuardaíodh na seomraí codlata go léir. Cuardaíodh an chéad urlár arís. Thosaigh mo mháthair ag dul sna crannaibh.
“Cá’l mo leanbh? Cá’l mo chéadghin?”
Chuaigh m’athair agus Joe Óg féachaint an raibh mé sa ghairdín ar chúl an tí.
Seoladh na mic amach féachaint an raibh mé ar an tsráid nó thíos fán abhainn nó, go sábhála Dia sinn, dulta fad leis an gcora mar a raibh nead ag cruidín, an t-éan ab ansa liom ag an am. Chuaigh Dermot go stáisiún an Gharda ag míniú an scéil dóibh. Gheall siad go mbeidís sa airdeall orm.

Bhailíodar go léir sa chistin mar a raibh tae agus ceapairí ullmhaithe ag na mná. Cad eile a d’fhéadfaí a dhéanamh? B’in an cheist. Chuaigh an bheirt Evelyn ag néatú iarsmaí an hooley. D’fhilleadar ar an gcistin agus iad ag gáire go ciúin.
“Maud,” ar siad, “tar go bhfeice tú.”
Chuaigh an bhean dheargshúileach leo agus b’in mé sa chúinne laistiar den phianó, ag srannadh go bog agus gloine leathlíonta lem ais.
“Fair play,” arsa Joe Óg. “Féach go raibh sé ag néatú in ár ndiaidh agus nach fiú an t-oibrí a tháille?”
Dóbair dom mháthair é a mharú, agus mise ina theannta, ar ndóigh.

2 comments:

  1. Tús maith?

    Deirtear gur fearr mac le himirt ná mac le hól, ach n'fheadar?

    ReplyDelete
  2. Cad faoi imirt i dtosach agus ól ina dhiaidh sin?

    ReplyDelete