Tuesday, July 21, 2009

I gCoim Oíche i gCiarraí

Seo píosa eile daoibh, é pas beag níos faide ná na cinn eile atá léite agaibh.

I gCoim Oíche i gCiarraí

Im fhochéimí mé, in aois a naoi mbliana déag, chinneas ar thabhairt faoin síobshiúl. Bhí fúm Éire a shiúl ar dtús agus ina dhiaidh sin m’aghaidh a dhíriú ar an mór-roinn. Bhí rucshaca dem dhéantús féin agam agus tar éis dom dul i dtaithí ar sheasca punt meáchain a iompar i sléibhte Átha Cliath, thugas faoi mo chéad turas, ón ardchathair go Gaillimh. D’éirigh go seoigh liom, síob amháin i gcarr taistealaí tráchtála go hÁth Luain agus ceann eile ó fheirmeoir go Gaillimh. Bhíos mór, ag an am sin, le hógbhean, chomhscoláire liom san Ollscoil, a raibh cónaí uirthi i Luimneach. Dá bharr sin, tar éis cúpla lá a chaitheamh i gCathair na dTreabh, dhírigh mé ar Luimneach agus, arís, trioblóid dá laghad ní raibh agam. “Is mó de shíob ná de shiúl atá i gceist anseo,” ar mé liom féin.

Well, chuaigh mé ag lorg mo stórín, ach ba léir nach raibh sise leath chomh mór liomsa a thuilleadh is a bhí mise léise, agus ní mó ná sásta a bhí mé le sin. Chinn mé ar an mbóthar a bhualadh láithreach gan aon ró-smaoineamh déanta agam ar mo cheann scríbe. An chéad tiománaí a d’fhreagair m’ordóg ba ar An Gleann, i gContae Luimnigh a bhí a thriall agus fuair mé síob as sin go hÁth Í. Gan fiú féachaint ar an mapa, dhírigh mé m’aghaidh ar Lios Tuathail agus thógas an bóthar amach orm féin. Tar éis suas le cúig mhíle a shiúl agus gan oiread is carr amháin feicthe agam, bhí an clapsholas ag bagairt orm. Chuas ag lorg áit taobh bóthair a bhféadfainn mo phuball a shuiteáil inti. Tharla móinéar in aice láimhe nach raibh beithígh ar bith ann agus bhain mé an rucshaca díom agus d’ardaigh an puball. D’ullmhaigh mé béile. Agus sin ite agam, isteach liom sa mhála codlata, im luí ar fhleasc mo dhroma ag féachaint ar na réaltaí ag spréacharnaí os mo chionn. Ba leaid cathrach mé, i dtaithí ar lampaí sráide ar gach taobh díom istoíche. Amuigh faoin tuath dom, áfach, gan solas saorga ar bith im thimpeall, chonaic mé Bealach na Bó Finne ina iomlán den chéad uair, é mar a bheadh scairf bhán thrédhearcach a thit ó ghuaillí mná neamhaí éigin agus í leata anois ar ghnúis na cruinne. Ní raibh scamall sa spéir agus bhí an t-aer fós ag caomhnú teas an lae. “Codlóidh mé amuigh faoin aer,” a deirimse liom féin agus níorbh fhada gur thit mé im chodladh, mé tuirseach ón mbóthar agus iarracht de ghruaim orm fós ón drochíde a thug an ógbhean dom. “Cad a bhíonn uathu, na mná?”, ar mé liom féin agus an codladh am sciobadh chun siúil.

N’fheadar cad a mhúscail mé. Cinnte níor charr ag gabháil an bhóthair uaignigh sin é. Dhírigh mé im shuí ach faic ní raibh le feiceáil seachas na réaltaí agus an ghealach a bhí éirithe faoi sin, iomlán gealaí agus a solas á spré aici ar fud an domhain. Ba ansin a chuala mé é: guth ag canadh, guth cineál uaigneach, mar a bheadh an t-amhránaí idir brón is tuirse. D’airigh mé go raibh ceo ar an talamh ard ó dheas uaim agus gurbh ón treo sin a bhí an canadh ag teacht. Amach as an mála liom, mé ar m’aire ach fiosrach freisin. Nocht cruth as an gceo, solas na gealaí ag lonrú tríd amhail lampa bóthair trí chuirtíní seomra leapa istoíche. Bean a bhí ann agus í gléasta sa sean-nós, seál thar a guaillí agus sciorta go talamh uirthi, ach gan dath ar bith ag baint léi, í bán, liath agus taibhseach. Bhíos gan luail na gcos a bheith agam, mé im staic ag crith le heagla is uafás. Theann sí liom go ndúirt “Ní baol duit. Suigh go gcloise tú mo scéal, mar níl éinne anseo le mo chumha a roinnt leis, ná duine ar bith nach ruaigfeadh le huisce coisricthe mé dá dteannfainn leis agus mo chorp curtha acu i dtalamh nach talamh cille é. Fan agus éist, mar níl cara ag cumha ach cuimhne.” Shuigh mé. Cad eile a dhéanfainn?

“Bhí” a dúirt sí, “fear, Ciarraíoch, file, a raibh an tír siúlta aige, a tháinig oíche ag lorg cead isteach ón síon. Cé im aonar agus im bhaintreach gan mhuirear le cúig bliana mé, ghabh trua dó mé, a chuid éadaigh ina ngiobail agus a bhróga briste ar maos. Bhí guth milis fearga aige agus cuma ar a chuid chainte go raibh oiliúint de shaghas faighte aige lá den saol. Bhí cultacha mo chéile i dtaisce fós agam agus thugas dó iad fad a bhí a chuid féin á ní, á dtriomú agus á ndeisiú agam agus eisean ag alpadh siar an mhias anraith agus prátaí a leag mé os a chomhair. Tharla seo agus tharla siúd ach ba é deireadh an scéil gur chláraigh sé mé, is nílim á rá gurbh i gcoinne mo thola a tharla sin. Bhí an sú go láidir ionam riamh agus mé in éagmais fir le cúig bliana. Ba stail chruthanta é agus mise im láir the thoilteanach ar dáir agus b’in mar a bhí sé eadrainn ar feadh na hoíche. Níor thúisce babhta amháin críochnaithe againn ná go raibh ath-adharc air. Stail ghraíre, tá mé ag rá leat.

Bhí talamh na feirme ligthe ar cíos agam, ach bhí garraithe agam féin le hais an tí agus b’iontu a bhí prátaí agus glasraí ar fás agam agus sicíní, ar ndóigh, sa chlós. D’fhonn gan scaradh leis, d’iarras air fanacht go mbeadh na prátaí istigh againn agus thoiligh sé le sin. Bhí mo thighse bainte amach roinnt mhaith ó thithe eile an cheantair, é ar bharr an chnoic úd thall agus thairis sin, níor chleachtas bothántaíocht riamh. Mar sin féin is deacair scéal a cheilt ar chomharsana agus b’ábhar scannail dóibh fear a bheith faoi mo dhíon agam, ach faoin am a dtáinig an sagart ar chuairt bhí sean-bhothán ar chúl an tí feistithe againn amhail is gurbh ann a bhí leaba aige agus shásaigh sin an sagart ach é ag bagairt orm go gcaithfinn “naofacht mo bhaintreachais” a chosaint ar an spailpín, mar a thug sé air. Lean an saol mar sin ar feadh ráithe. Bhí na prátaí istigh cheana againn agus mé sona, sásta, cé stromptha ar uaire ón oiread sin leathair, agus thairis sin, ní raibh aon dealraimh imeachta ar mo leannán seachas é ag iarraidh orm, ó am go chéile, dul leis de shiúl chun Cairbreach, áit ab ionúin leis, dúirt sé, rud nach ndéanfainn, ar ndóigh, agus an tigh seascair sin agam. Tharla lá é ag dul go Lios Tuathail d’fhonn rámhainn nua a cheannach. Bhí an cíos faighte cheana agam uathu siúd a raibh an talamh ligthe agam leo agus cionn is go raibh iarracht de na daitheacha am ghoilleadh, thugas an t-airgead dó le cur sa bhanc. Agus b’in an uair dheireanach a chonac é. Ní hamháin gur chaith sé an t-airgead sa síbín ach thosaigh sé ag maíomh os comhair an tsaoil mhóir faoi a éasca a bhí sé mé a mhealladh agus a chlárú agus thairis sin gur bheag sásaimh a bhain sé as an gclárú céanna. Ní gá an chuid eile dem thrua-scéal a insint ach gur cáineadh ón altóir me, gur sheachain gach éinne mé agus, i ndeireadh na dála, le teann náire agus uaignis, gur chuireas lámh im bhás féin agus an tigh á chur trí thine agam. Muintir an cheantair, ghabh trua dom iad i ndiaidh mo bháis agus cumadh amhrán fúinn beirt, agus sin a bhíonn á chanadh agam agus mé ar fán thuas ansin mar a raibh mo thighse. Tá an t-amhrán cloiste agat, ar ndóigh. An Ciarraíoch Mallaithe a thugtar air.”

Thiontaigh sí ansin agus dhruid uaim i dtreo an chnoic gur slogadh sa cheo í, rann den amhrán ag teacht go fann chugam san oíche.

“Má leanaim go dian thú siar chun Cairbreach
Caillfead mo chiall mara dtriallfair abhaile liom......’’

Iontach le rá é ach ní fhan pioc den eagla orm agus í dulta as radharc sa cheo agus níorbh fhada gur thit néal orm. Sin ráite, áfach, bheadh breis is tríocha bliain ann sula dtabharfainn cuairt arís ar Chiarraí.

3 comments:

  1. Ah, na Ciarraígh mallaithe...

    Togha scéil

    ReplyDelete
  2. Agus mé i mo mhála codlata tharla rud éigin dom an oíche sin. Bhuail scéin mé agus rith allas fuar liom. Níor mhair sé ach cúpla nóiméad ach bhain sé creatha asam. An mhaidin dár gcionn ba é a mheas mé gur de bharr an phian a bhraith mé ón íde a thug an ógbhean sin dom a tharla sin. Neadaigh an cuimhne im cheann agus nuair a thosaigh mé ag scríobh as Gaeilge sna luath nóchaidí d’fhill cuimhne an tarlú sin orm. Sin is bun leis an scéal sin. Sin agus mo chion ar an amhrán úd.

    ReplyDelete
  3. Ní bhíonn bealach an ghrá easca riamh...

    Thaitin do scéal liom, a SheánÓ. Chonaic mé na radhairc, agus d'airigh mé do phian. Is maith an scéalaí thú!

    ReplyDelete