Sunday, July 19, 2009

Ár bhFréamhacha

“I was born in 1883 in Dublin, the son of a Fenian.” Sin is tús d’fhianaise mo sheanathar, Joseph O’Connor, fianaise a thug sé sa bhliain 1950 do Bhiúró na Staire Míleata (1913-1921). Chríochnaigh sé leis an scoil in aois a 14, beagán den Ghréigis agus den Fhraincis foghlamtha aige cheana féin, ach gan a fhios aige fós gurbh ann don Ghaeilge.

Sa bhliain 1906 chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus le hÓglaigh na hÉireann sa bhliain 1913. Bhí sé mar fo-oifigeach ag Dev san Éirí Amach, iad i seilbh Boland’s Mills, agus cuireadh go Frongoch é i ndiaidh na géillte. Bhí páirt aige i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha, agus daoradh chun báis é dá bharr sin. An cillín a raibh sé mar chime ann, tá sé le feiceáil fós i bPríosún Chill Mhaighneann. Fuinneog bheag an chillín sin, tá sí dírithe ar an mbóthar leasmuigh agus is ansin a thógadh a chéile, Liz, na leanaí chun lámh a croitheadh lena n-athair. Ba de shíol Uí Bhroin Chill Mhantáin do Liz agus nuair a cheannaigh Joe teach i Ráth Fearnáin sna tríochaidí, bhaist sé Gleann Molúra air.

M’athair, John, bhí sé ar an dara leanbh ab aosta ag Joe agus Liz. Tógadh agus oileadh in Albain é i dteaghlach Jack agus Maggie Cox. Deirfiúr lem sheanathair ab ea Maggie agus ní raibh muirear dá gcuid féin orthu. Ba é a tharla gur iarr Maggie ar Joe agus Liz ligean do m’athair, a bhí in aois a ceathair an tráth sin, samhradh na bliana 1915 a chaitheamh leo thall. Bhí deacrachtaí taistil ann ag deireadh an tsamhraidh agus cinneadh go bhfanfadh sé in Albain go dtí deireadh an chogaidh. Ar ndóigh, faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ar siúl in Éirinn agus ba é críoch agus deireadh an scéil gur fhan m’athair in Albain go dtí gur chríochnaigh sé an mheánscoil. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile ó Iontaobhas Carnegie ach toisc go raibh a athair dú-liostaithe agus an chlann ar an ngannchuid, b’éigean dó filleadh ar Éirinn agus post a lorg chun cur le hioncam na clainne. Ní raibh focal Gaeilge aige, ach de réir miotas na clainne, d’fhoghlaim sé dóthain di laistigh de mhí go leith chun post a fháil i gCorparáid An Chairde Talmhaíochta mar ar chaith sé iomlán a shaol oibre. Fear darbh ainm Bulfin ó Mhaigh Eo a bhí mar mhúinteoir Gaeilge aige.

B’iontach an teangaire é m’athair. Sna tríochaidí tháinig buíon teifeach ó Iodáil Mussolini go hÉirinn. Thoiligh m’athair Béarla a mhúineadh dóibh ar choinníoll go múinfeadh siadsan Iodáilis dó. Rud a rinne sa chaoi go raibh scoth na Tuscáinise aige feadh a shaoil. Bhí Fraincis aige ón meánscoil, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige agus roimh bhás dó bhí an Ghearmáinis agus roinnt mhaith den Rúisis aige freisin.

Phós sé Maud Dennis sa bhliain 1939. Bhí ceathrar de mhuirear orthu. Rugadh mise, a gcéadghin, sa bhliain 1940. Maud Dennis, b’aisling í, rud is léir ó na seanphictiúir atá againn. Sasanach ab ea Henry Dennis, a hathair. Péintéir ab ea é. Agus a dhintiúir bainte amach aige thall, deirtear go raibh sé páirteach i mbruíon i bpub éigin i Learpholl agus go mb’fhéidir gur maraíodh fear dá bharr. Pé scéal é, d’éalaigh sé go hÉirinn agus ba ag órú síleáil séipéil phríobháidigh i gContae na Mí a bhí sé nuair a bhuail sé le Mary Griffin a bhí ag obair i gcistin an teaghlaigh ar leo an séipéal. Pósadh iad sa bhliain 1896, ise ar airde sé throigh, eisean gach ach orlach nó dhó de bhreis ar chúig throigh aige. Am éigin idir bliain a bpósta agus 1906 chuir Henry aithne ar Joe O’Connor agus ba de bharr an chairdis a d’eascair eatarthu a bhuail mo thuismitheoirí le chéile den chéad uair.

I rith Chogadh na Saoirse, bhí Joe in airde ar dhíon tí i Sráid Aungier, gránáid ina lámh aige agus é ag fanacht le teacht chairr armtha. Bhog sé beagán agus shleamhnaigh an ghránáid as a lámh gur thit go talamh. Tharla nár phléasc sí. Seachtain anonn agus Henry Dennis ag caint leis, arsa Henry, “You wouldn’t believe what happened to me last week. There I was in Aungier Street and a grenade fell right at my feet.”

Bhí cúigear clainne ag Harry agus Mary, ach cailleadh iníon leo in eipidéim na bliana 1918.

5 comments:

  1. Tá súil agam go bhfuil sé i gceist agat na cuimhní cinn seo a fhí go healaíonta i leabhair, a Sheáin!

    Táid rí spéisiúil

    ReplyDelete
  2. Aonghus: Bhí an Snodach ar mo thóir ag tathant orm ligean dó an cnuasach a fhoilsiú ach ba é mo bharúil féin nach raibh dóthain leabhair iontu. Thairis sin, tá formhór na sceitseanna foilsithe thar na blianta cheana féin in Feasta agus sa sean-Comhar. (Níl baint dá laghad agam leis an nua-Comhar. Leimhe ar an leamh a thugaim air.) D’fhéadfainn ceann nó dhó eile a chur leo ach is leasc liom sin mar tá síolta roinnt de na carachtair ina mbeo fós agus ní i gcónaí gan smál na buncharachtair sin. Mo chéile, Meiriceánach í, de shíor ag taobhú leis an Snodach. “Tá lucht do chomhaoise ag déanamh ar na Flaithis ina dtréada,” ar sí, “agus cé ag a mbeidh na cuimhní atá agatsa? Beidh siad caillte go deo agus a chónach sin ortsa amháin.” Mé faoi bhrú ón dá thaobh.

    ReplyDelete
  3. Agus anois uaimse, freisin!

    Tuigim do chás - b'fhéidir. Ach bhfiú ar a laghad iad a scríobh síos. D'fheadfá roinnt "ficseanú" a dhéanamh orthu chun an scannal don síol a chosc [cé gur dócha go mbeadh spéis acu ann pé scéal é, níl aoinne foirfe i súile a chlainne!]

    Agus is beag duine a bhfuil cartlann de shean eagráin d'irisí aige...

    ReplyDelete
  4. Sea, is fánach an rud í seanchóip irise. Na daoine a charnann iad, ní léann siad iad. Céard faoi leabhar digiteach? Dála an scéil, an bhfuil aon leabhar Gaeilge ar fáil ar an gKindle nua (rud nach bhfuil agam fós)?

    ReplyDelete
  5. Dennis: Abair go raibh suim agam an díolaim ina iomlán a chur ar fáil go digiteach, conas a thabharfainn faoi?

    ReplyDelete