Tuesday, July 21, 2009

I gCoim Oíche i gCiarraí

Seo píosa eile daoibh, é pas beag níos faide ná na cinn eile atá léite agaibh.

I gCoim Oíche i gCiarraí

Im fhochéimí mé, in aois a naoi mbliana déag, chinneas ar thabhairt faoin síobshiúl. Bhí fúm Éire a shiúl ar dtús agus ina dhiaidh sin m’aghaidh a dhíriú ar an mór-roinn. Bhí rucshaca dem dhéantús féin agam agus tar éis dom dul i dtaithí ar sheasca punt meáchain a iompar i sléibhte Átha Cliath, thugas faoi mo chéad turas, ón ardchathair go Gaillimh. D’éirigh go seoigh liom, síob amháin i gcarr taistealaí tráchtála go hÁth Luain agus ceann eile ó fheirmeoir go Gaillimh. Bhíos mór, ag an am sin, le hógbhean, chomhscoláire liom san Ollscoil, a raibh cónaí uirthi i Luimneach. Dá bharr sin, tar éis cúpla lá a chaitheamh i gCathair na dTreabh, dhírigh mé ar Luimneach agus, arís, trioblóid dá laghad ní raibh agam. “Is mó de shíob ná de shiúl atá i gceist anseo,” ar mé liom féin.

Well, chuaigh mé ag lorg mo stórín, ach ba léir nach raibh sise leath chomh mór liomsa a thuilleadh is a bhí mise léise, agus ní mó ná sásta a bhí mé le sin. Chinn mé ar an mbóthar a bhualadh láithreach gan aon ró-smaoineamh déanta agam ar mo cheann scríbe. An chéad tiománaí a d’fhreagair m’ordóg ba ar An Gleann, i gContae Luimnigh a bhí a thriall agus fuair mé síob as sin go hÁth Í. Gan fiú féachaint ar an mapa, dhírigh mé m’aghaidh ar Lios Tuathail agus thógas an bóthar amach orm féin. Tar éis suas le cúig mhíle a shiúl agus gan oiread is carr amháin feicthe agam, bhí an clapsholas ag bagairt orm. Chuas ag lorg áit taobh bóthair a bhféadfainn mo phuball a shuiteáil inti. Tharla móinéar in aice láimhe nach raibh beithígh ar bith ann agus bhain mé an rucshaca díom agus d’ardaigh an puball. D’ullmhaigh mé béile. Agus sin ite agam, isteach liom sa mhála codlata, im luí ar fhleasc mo dhroma ag féachaint ar na réaltaí ag spréacharnaí os mo chionn. Ba leaid cathrach mé, i dtaithí ar lampaí sráide ar gach taobh díom istoíche. Amuigh faoin tuath dom, áfach, gan solas saorga ar bith im thimpeall, chonaic mé Bealach na Bó Finne ina iomlán den chéad uair, é mar a bheadh scairf bhán thrédhearcach a thit ó ghuaillí mná neamhaí éigin agus í leata anois ar ghnúis na cruinne. Ní raibh scamall sa spéir agus bhí an t-aer fós ag caomhnú teas an lae. “Codlóidh mé amuigh faoin aer,” a deirimse liom féin agus níorbh fhada gur thit mé im chodladh, mé tuirseach ón mbóthar agus iarracht de ghruaim orm fós ón drochíde a thug an ógbhean dom. “Cad a bhíonn uathu, na mná?”, ar mé liom féin agus an codladh am sciobadh chun siúil.

N’fheadar cad a mhúscail mé. Cinnte níor charr ag gabháil an bhóthair uaignigh sin é. Dhírigh mé im shuí ach faic ní raibh le feiceáil seachas na réaltaí agus an ghealach a bhí éirithe faoi sin, iomlán gealaí agus a solas á spré aici ar fud an domhain. Ba ansin a chuala mé é: guth ag canadh, guth cineál uaigneach, mar a bheadh an t-amhránaí idir brón is tuirse. D’airigh mé go raibh ceo ar an talamh ard ó dheas uaim agus gurbh ón treo sin a bhí an canadh ag teacht. Amach as an mála liom, mé ar m’aire ach fiosrach freisin. Nocht cruth as an gceo, solas na gealaí ag lonrú tríd amhail lampa bóthair trí chuirtíní seomra leapa istoíche. Bean a bhí ann agus í gléasta sa sean-nós, seál thar a guaillí agus sciorta go talamh uirthi, ach gan dath ar bith ag baint léi, í bán, liath agus taibhseach. Bhíos gan luail na gcos a bheith agam, mé im staic ag crith le heagla is uafás. Theann sí liom go ndúirt “Ní baol duit. Suigh go gcloise tú mo scéal, mar níl éinne anseo le mo chumha a roinnt leis, ná duine ar bith nach ruaigfeadh le huisce coisricthe mé dá dteannfainn leis agus mo chorp curtha acu i dtalamh nach talamh cille é. Fan agus éist, mar níl cara ag cumha ach cuimhne.” Shuigh mé. Cad eile a dhéanfainn?

“Bhí” a dúirt sí, “fear, Ciarraíoch, file, a raibh an tír siúlta aige, a tháinig oíche ag lorg cead isteach ón síon. Cé im aonar agus im bhaintreach gan mhuirear le cúig bliana mé, ghabh trua dó mé, a chuid éadaigh ina ngiobail agus a bhróga briste ar maos. Bhí guth milis fearga aige agus cuma ar a chuid chainte go raibh oiliúint de shaghas faighte aige lá den saol. Bhí cultacha mo chéile i dtaisce fós agam agus thugas dó iad fad a bhí a chuid féin á ní, á dtriomú agus á ndeisiú agam agus eisean ag alpadh siar an mhias anraith agus prátaí a leag mé os a chomhair. Tharla seo agus tharla siúd ach ba é deireadh an scéil gur chláraigh sé mé, is nílim á rá gurbh i gcoinne mo thola a tharla sin. Bhí an sú go láidir ionam riamh agus mé in éagmais fir le cúig bliana. Ba stail chruthanta é agus mise im láir the thoilteanach ar dáir agus b’in mar a bhí sé eadrainn ar feadh na hoíche. Níor thúisce babhta amháin críochnaithe againn ná go raibh ath-adharc air. Stail ghraíre, tá mé ag rá leat.

Bhí talamh na feirme ligthe ar cíos agam, ach bhí garraithe agam féin le hais an tí agus b’iontu a bhí prátaí agus glasraí ar fás agam agus sicíní, ar ndóigh, sa chlós. D’fhonn gan scaradh leis, d’iarras air fanacht go mbeadh na prátaí istigh againn agus thoiligh sé le sin. Bhí mo thighse bainte amach roinnt mhaith ó thithe eile an cheantair, é ar bharr an chnoic úd thall agus thairis sin, níor chleachtas bothántaíocht riamh. Mar sin féin is deacair scéal a cheilt ar chomharsana agus b’ábhar scannail dóibh fear a bheith faoi mo dhíon agam, ach faoin am a dtáinig an sagart ar chuairt bhí sean-bhothán ar chúl an tí feistithe againn amhail is gurbh ann a bhí leaba aige agus shásaigh sin an sagart ach é ag bagairt orm go gcaithfinn “naofacht mo bhaintreachais” a chosaint ar an spailpín, mar a thug sé air. Lean an saol mar sin ar feadh ráithe. Bhí na prátaí istigh cheana againn agus mé sona, sásta, cé stromptha ar uaire ón oiread sin leathair, agus thairis sin, ní raibh aon dealraimh imeachta ar mo leannán seachas é ag iarraidh orm, ó am go chéile, dul leis de shiúl chun Cairbreach, áit ab ionúin leis, dúirt sé, rud nach ndéanfainn, ar ndóigh, agus an tigh seascair sin agam. Tharla lá é ag dul go Lios Tuathail d’fhonn rámhainn nua a cheannach. Bhí an cíos faighte cheana agam uathu siúd a raibh an talamh ligthe agam leo agus cionn is go raibh iarracht de na daitheacha am ghoilleadh, thugas an t-airgead dó le cur sa bhanc. Agus b’in an uair dheireanach a chonac é. Ní hamháin gur chaith sé an t-airgead sa síbín ach thosaigh sé ag maíomh os comhair an tsaoil mhóir faoi a éasca a bhí sé mé a mhealladh agus a chlárú agus thairis sin gur bheag sásaimh a bhain sé as an gclárú céanna. Ní gá an chuid eile dem thrua-scéal a insint ach gur cáineadh ón altóir me, gur sheachain gach éinne mé agus, i ndeireadh na dála, le teann náire agus uaignis, gur chuireas lámh im bhás féin agus an tigh á chur trí thine agam. Muintir an cheantair, ghabh trua dom iad i ndiaidh mo bháis agus cumadh amhrán fúinn beirt, agus sin a bhíonn á chanadh agam agus mé ar fán thuas ansin mar a raibh mo thighse. Tá an t-amhrán cloiste agat, ar ndóigh. An Ciarraíoch Mallaithe a thugtar air.”

Thiontaigh sí ansin agus dhruid uaim i dtreo an chnoic gur slogadh sa cheo í, rann den amhrán ag teacht go fann chugam san oíche.

“Má leanaim go dian thú siar chun Cairbreach
Caillfead mo chiall mara dtriallfair abhaile liom......’’

Iontach le rá é ach ní fhan pioc den eagla orm agus í dulta as radharc sa cheo agus níorbh fhada gur thit néal orm. Sin ráite, áfach, bheadh breis is tríocha bliain ann sula dtabharfainn cuairt arís ar Chiarraí.

Saoire

Beidh mé ar saoire ar feadh coicíse agus gan teacht agam ar ríomhaire. Ionann sin agus fíorshaoire!!

Sunday, July 19, 2009

Ár bhFréamhacha

“I was born in 1883 in Dublin, the son of a Fenian.” Sin is tús d’fhianaise mo sheanathar, Joseph O’Connor, fianaise a thug sé sa bhliain 1950 do Bhiúró na Staire Míleata (1913-1921). Chríochnaigh sé leis an scoil in aois a 14, beagán den Ghréigis agus den Fhraincis foghlamtha aige cheana féin, ach gan a fhios aige fós gurbh ann don Ghaeilge.

Sa bhliain 1906 chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus le hÓglaigh na hÉireann sa bhliain 1913. Bhí sé mar fo-oifigeach ag Dev san Éirí Amach, iad i seilbh Boland’s Mills, agus cuireadh go Frongoch é i ndiaidh na géillte. Bhí páirt aige i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha, agus daoradh chun báis é dá bharr sin. An cillín a raibh sé mar chime ann, tá sé le feiceáil fós i bPríosún Chill Mhaighneann. Fuinneog bheag an chillín sin, tá sí dírithe ar an mbóthar leasmuigh agus is ansin a thógadh a chéile, Liz, na leanaí chun lámh a croitheadh lena n-athair. Ba de shíol Uí Bhroin Chill Mhantáin do Liz agus nuair a cheannaigh Joe teach i Ráth Fearnáin sna tríochaidí, bhaist sé Gleann Molúra air.

M’athair, John, bhí sé ar an dara leanbh ab aosta ag Joe agus Liz. Tógadh agus oileadh in Albain é i dteaghlach Jack agus Maggie Cox. Deirfiúr lem sheanathair ab ea Maggie agus ní raibh muirear dá gcuid féin orthu. Ba é a tharla gur iarr Maggie ar Joe agus Liz ligean do m’athair, a bhí in aois a ceathair an tráth sin, samhradh na bliana 1915 a chaitheamh leo thall. Bhí deacrachtaí taistil ann ag deireadh an tsamhraidh agus cinneadh go bhfanfadh sé in Albain go dtí deireadh an chogaidh. Ar ndóigh, faoin am sin bhí Cogadh na Saoirse ar siúl in Éirinn agus ba é críoch agus deireadh an scéil gur fhan m’athair in Albain go dtí gur chríochnaigh sé an mheánscoil. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile ó Iontaobhas Carnegie ach toisc go raibh a athair dú-liostaithe agus an chlann ar an ngannchuid, b’éigean dó filleadh ar Éirinn agus post a lorg chun cur le hioncam na clainne. Ní raibh focal Gaeilge aige, ach de réir miotas na clainne, d’fhoghlaim sé dóthain di laistigh de mhí go leith chun post a fháil i gCorparáid An Chairde Talmhaíochta mar ar chaith sé iomlán a shaol oibre. Fear darbh ainm Bulfin ó Mhaigh Eo a bhí mar mhúinteoir Gaeilge aige.

B’iontach an teangaire é m’athair. Sna tríochaidí tháinig buíon teifeach ó Iodáil Mussolini go hÉirinn. Thoiligh m’athair Béarla a mhúineadh dóibh ar choinníoll go múinfeadh siadsan Iodáilis dó. Rud a rinne sa chaoi go raibh scoth na Tuscáinise aige feadh a shaoil. Bhí Fraincis aige ón meánscoil, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige agus roimh bhás dó bhí an Ghearmáinis agus roinnt mhaith den Rúisis aige freisin.

Phós sé Maud Dennis sa bhliain 1939. Bhí ceathrar de mhuirear orthu. Rugadh mise, a gcéadghin, sa bhliain 1940. Maud Dennis, b’aisling í, rud is léir ó na seanphictiúir atá againn. Sasanach ab ea Henry Dennis, a hathair. Péintéir ab ea é. Agus a dhintiúir bainte amach aige thall, deirtear go raibh sé páirteach i mbruíon i bpub éigin i Learpholl agus go mb’fhéidir gur maraíodh fear dá bharr. Pé scéal é, d’éalaigh sé go hÉirinn agus ba ag órú síleáil séipéil phríobháidigh i gContae na Mí a bhí sé nuair a bhuail sé le Mary Griffin a bhí ag obair i gcistin an teaghlaigh ar leo an séipéal. Pósadh iad sa bhliain 1896, ise ar airde sé throigh, eisean gach ach orlach nó dhó de bhreis ar chúig throigh aige. Am éigin idir bliain a bpósta agus 1906 chuir Henry aithne ar Joe O’Connor agus ba de bharr an chairdis a d’eascair eatarthu a bhuail mo thuismitheoirí le chéile den chéad uair.

I rith Chogadh na Saoirse, bhí Joe in airde ar dhíon tí i Sráid Aungier, gránáid ina lámh aige agus é ag fanacht le teacht chairr armtha. Bhog sé beagán agus shleamhnaigh an ghránáid as a lámh gur thit go talamh. Tharla nár phléasc sí. Seachtain anonn agus Henry Dennis ag caint leis, arsa Henry, “You wouldn’t believe what happened to me last week. There I was in Aungier Street and a grenade fell right at my feet.”

Bhí cúigear clainne ag Harry agus Mary, ach cailleadh iníon leo in eipidéim na bliana 1918.

Friday, July 17, 2009

Oíche Chinn Bliana 1944

Oíche Chinn Bliana a bhí ann agus bhí an chlann go léir bailithe teach Joe agus Liz O’Connor, i Ráth Fearnáin. Bhí Joe Óg ann lena chéile Bridie agus m’athair is mo mháthair lena dtriúr leanaí, mise, mo dheartháir Denis agus an leanbh Rory. Bhí Kevin ann lena Evelyn agus Dermot lena Evelyn seisean. Chun idirdhealú idir an dá Evelyn thugtaí Evelyn Kelly agus Evelyn Hunter orthu ar uaire. Agus bhí Maureen ann agus Jack Smith á tionlacan. Bhí spraoi thar mar ba ghnáth san aer. Bhíothas ag súil le deireadh an chogaidh, deireadh na hÉigeandála agus deireadh leis na ganntanais.

Tharla, áfach, go raibh “connections” ag Joe agus an t-airgead aige chun leas a bhaint astu agus bhí “nua gacha bidh agus sean gacha dí” sa teach an oíche sin. Tar éis dinnéir osclaíodh na doirse idir an seomra bia agus an seomra suí, brúdh na troscáin agus an pianó ar leataobh, rothlaíodh na brait urláir, toghadh ceirníní agus tosaíodh ar dhamhsa. Faoin am sin, ar ndóigh, bhí mise im chodladh thuas staighre in aon leaba lem dheartháir.

Roimh bhreacadh an lae d’éirigh mé chun mo mhún a dhéanamh. Sin déanta, síos staighre liom ar mo bharraicíní. Cé nach raibh mé ach in aois a cheithre bliana, bhí a fhios agam cheana féin nár mhaith an rud é daoine fásta a mhúscailt i ndiaidh dóibh hooley a bheith acu. Bhí an áit thíos ina praiseach, gloiní agus buidéil ins chuile áit. Thugas faoi na buidéil is na gloiní a bhailiú le chéile ar bhord taobh balla. Bhí fuílleach i roinnt díobh.

Mhúscail mo mháthair agus chuaigh chun seiceáil orainn. Bhí an bheirt eile ina gcodladh, ach cá raibh mise? Isteach léi sa leithreas féachaint an raibh mé ann. Ní raibh. Síos staighre léi ach rian díom ní bhfuair sí. Suas staighre léi gur mhúscail sí m’athair.
“John, John,” ar sí, “n’fheadar cá bhfuil Seán.”
Chuardaigh siad na seomraí thíos staighre. Faic.
Mhúscail siad an comhluadar agus cuardaíodh na seomraí codlata go léir. Cuardaíodh an chéad urlár arís. Thosaigh mo mháthair ag dul sna crannaibh.
“Cá’l mo leanbh? Cá’l mo chéadghin?”
Chuaigh m’athair agus Joe Óg féachaint an raibh mé sa ghairdín ar chúl an tí.
Seoladh na mic amach féachaint an raibh mé ar an tsráid nó thíos fán abhainn nó, go sábhála Dia sinn, dulta fad leis an gcora mar a raibh nead ag cruidín, an t-éan ab ansa liom ag an am. Chuaigh Dermot go stáisiún an Gharda ag míniú an scéil dóibh. Gheall siad go mbeidís sa airdeall orm.

Bhailíodar go léir sa chistin mar a raibh tae agus ceapairí ullmhaithe ag na mná. Cad eile a d’fhéadfaí a dhéanamh? B’in an cheist. Chuaigh an bheirt Evelyn ag néatú iarsmaí an hooley. D’fhilleadar ar an gcistin agus iad ag gáire go ciúin.
“Maud,” ar siad, “tar go bhfeice tú.”
Chuaigh an bhean dheargshúileach leo agus b’in mé sa chúinne laistiar den phianó, ag srannadh go bog agus gloine leathlíonta lem ais.
“Fair play,” arsa Joe Óg. “Féach go raibh sé ag néatú in ár ndiaidh agus nach fiú an t-oibrí a tháille?”
Dóbair dom mháthair é a mharú, agus mise ina theannta, ar ndóigh.

Tuesday, July 14, 2009

Antibiotic Use to Spur Animal Growth

Bill Seeks to End Antibiotic Use to Spur Animal Growth.

Seo rud atá, dar liomsa, i bhfad níos tábhachtaí na ceist na mbarraí géinathraithe. Agus mé im thaighdeoir i saotharlanna Eli Lilly, bhí mé gafa ar feadh tamall de bhlianta ar iarraidh struchtúr comhdhúil nua a aimsiú. Aimín-carbaihiodráit, sé sin ‘siúcra + grúpaí NH2’ ab ea an chomhdhúil chasta seo agus gan taithí dá laghad agam ar an earnáil sin Ceimice. Faoi dheireadh, chríochnaigh mé an tasc agus chuir mé cúpla céad gram den chomhdhúil ar fáil d’ár gcomhleachaithe sna saotharlanna feirmeoireachta.

Is nós measartha forleathan é sna Stáit Aontaithe an lao a dheighilt óna mháthair laistigh de choicís ó bhreith dó. In ionad bainne na bó, beathaítear an lao le ‘milk replacement’ agus is rí-mhinic dá bharr sin go mbuaileann buinneach an lao. Nuair a cuireadh an chomhdhúil seo ‘gamsa le hábhar beathaithe an lao, bhí an-éifeacht léi. Éifeacht chomh mór sin go raibh cóisir ceiliúrtha againn ar an bhfeirm. I gcionn míosa, áfach, thit an lug ar an lag orainn, mar an baictéar a ba chúis leis an mbuinneach, E. coli sa chás seo, d’éirigh sé frithsheasmhach in aghaidh na comhdhúile. I gcionn seachtaine bhí a fhios againn go raibh an fhrithsheasmhacht seo inaistrithe go baictéir eile. Stopadh an taighde ar an toirt, cinneadh a bhí thar a bheith proifisiúnta ionraic.

Ní raibh riamh i gceist ag an gcomhlacht leas a bhaint as an gcomhdhúil chéanna i ndaoine. I láthair na huaire, áfach, baintear leas, ar fheirmeacha, as réimse mór antaibheathach atá tábhachtach mar íocshláinte i ndaoine agus úsáidtear iad, ní hamháin in ainmhithe óga, ach in ainmhithe go laethúil ar feadh a saol. Tá sé cruthaithe arís agus arís eile gur féidir an fhrithsheasmhacht a éiríonn i measc ainmhithe a aistriú go dtí baictéir a ionfhabhtaíonn daoine. Tá sé thar a bheith in am deireadh a chur leis an mí-úsáid seo.

Wednesday, July 8, 2009

Bradán Póitseáilte

Bradán Póitseáilte

Dhúisigh bean an tí.
Bhí duine éigin ag cnagadh ar an doras.
Cén t-am é?
Leath i ndiaidh a dó!
In ainm Dé! Cé a bheadh ag cnagadh ag a leithéid seo ama?
Chaith sí súil ar a céile. É ina shuan.
Ar chóir é a mhúscailt?
Má mhúsclaíonn, bí cinnte go mbeidh sé ag clamhsán go maidin agus chuile “Ní féidir liom dul ar ais a chodladh” uaidh.
Fág ina shuan é.
Síos staighre léi. Bhog sí cuirtín an tseomra suí beagán.
Bhí fear mór ard ina sheasamh os comhair an dorais.
Cad a dhéanfadh sí?
Thiontaigh sé béal ar aghaidh chuici. Deartháir léi a bhí ann.
Ach, féach, bhí duine eile ag druidim leis.
A comharsa bhéal dorais a bhí ann.
D’oscail sí an doras.
“Mhúscail an gleo mé,” arsa an chomharsa.
“In ainm Dé, lig isteach mé,” arsa an deartháir.
“Isteachaigí go ciúin,” arsa bean an tí.
Bhí an t-allas ag rith go tiubh leis an deartháir, a chuid éadaí fliuch agus a bhróga ar maos.
“Glan na nithe sin ón tábla,” arsa an deartháir, “agus leag sean-nuachtán air.”
Thosaigh sé ag tarraingt ar théad a shín ón a ghuaillí gona threabhsar.
Nocht iasc as an osán clé, iasc eile as an osán deas. Bradáin!
“Be the Lord Harry,” arsa an chomharsa.
“Holy God,” arsa bean an tí.
“Fuist,” arsa an deartháir, “nó músclóidh sibh an fear thuas staighre agus cá bhfios a dhéanfadh sé, a mhacánta is atá sé.”
“Suigh,” arsa bean an tí lena deartháir, “agus lig siar an braon seo fad a bheidh mé ag ullmhú cupán tae dúinn.”
“Bhí mé thuas ag Droichead na hInse ar mo rothar,” arsa an deartháir, “agus tharla go bhfaca mé na bradáin ina seanléim thar an gcora.”
“Agus chuaigh tú chun cabhrú leo,” arsa bean an tí, “agus léim péire díobh isteach id threabhsar, is dócha.”
“Lig dó,” arsa an chomharsa.
“Ní go díreach a léim siad chugam, ach ní raibh ar éirí leis an dís seo an chora a thrasnú agus ó tharla geaf im lámh agam, chuir mé stop leis an léim in aisce sin acu.”
“Bhí tú riamh carthanach,” arsa bean an tí agus í ag dáileadh an tae.
Thosaigh an bheirt bhan ar na bradáin a ghlanadh agus a ghearradh ina bpíosaí.
“Conas ar tharla duit éirí chomh fliuch sin?” arsa an chomharsa.
“Tharla Garda agus maor uisce ag teannadh liom agus b’éigean dom dul san abhainn chun éalú uathu. Bhí mála ar chúl an rothair agam ar sheans go mbeadh rath ar an oíche, ach bhí orm an rothar a fhágáil mar ar cheil mé é agus cionn is nár fhéad mé na héisc a iompar go hoscailte, chroch mé ar théad agus cheil mé im threabhsar iad agus as go brách liom.”
“Sár-jab,” arsa an chomharsa, “trí mhíle siúlta agat, an dá bhradán ag crochadh uait agus gan a dhath de dhíobháil orthu. Sár-jab ar fad.”
Filleadh na píosaí i nuachtán agus roinneadh eatarthu iad. Dhá bheart don deartháir, beart an duine don bheirt bhan.

“Cén boladh sin san aer?” arsa fear an tí ar fhilleadh dó ó obair an lae.
“Blúirín bradáin,” arsa bean an tí. “Blúirín bradáin phóitseáilte agam duit, go díreach mar is fearr leat é.”

Tuesday, July 7, 2009

An Pram Ualaithe

N’fheadar an bhfuil éinne agaibh ar chomhaois liomsa. Seo sceitse eile as cnuasach liom. Ar ndóigh, is Dub cruthanta mé.

Fómhar na bliana 1943 a bhí ann agus ganntanais na hÉigeandála ag brú go géar ar an tír. Bhí cónaí orainn faoin am sin i Rialto agus uair sa choicís théimis ar chuairt chuig tuistí mo mháthar a raibh cónaí orthu in aice le Kelly’s Corner ag barr Sráid Camden. Ba ghnáth dúinn dul ar an mbus, bus a 19, ach an lá áirithe sin ba de shiúl na gcos a rinneamar an turas, mo mháthair ag brú an phram a raibh mo dheartháir óg ann, agus mise ag siúl taobh léi. Síos go Carnán Cloch linn agus ar aghaidh, thart leis an Staid Dornálaíochta, thart le Beairic Uí Ghríofa agus síos an fána go dtí Leonard’s Corner. Fána suas ansin ar feadh scaithimh agus b’in ar chlé uainn an eaglais inar pósadh í díreach roimh tús an chogaidh.
“D’áitíomar ar an sagart aifreann an phósta a cheiliúradh ag a sé a chlog ar maidin” a dúirt sí, “mar bhí orainn a bheith ar an mbád ar ár slí go Páras san iarnóin.”
“Ar thaitin Páras leat?”
“Bhí Páras chomh hálainn sin nach bhfuil na focail agam le cur síos air.”

Bhí a tuistí anonn go maith sna blianta, a máthair dall ón diaibéiteas, a hathair, saor-phéintéir, lofa sa bholg ó luaidhe na péinte agus gan ar a chumas ach bia leamh a ithe, ar nós arán ar maos i mbainne nó iasc beirithe. Tar éis di siopadóireacht a dhéanamh dóibh siopa Miss Brady ar Shráid Charlemont agus an teachín a néatú beagán, d’ullmhaigh sí béile dúinn go léir agus ansin bhuaileamar amach ar ár slí abhaile.

Pram den seansórt a bhí againn, ceithre roth móra faoi agus bun cuasach leis. Níor ghnáth di é a úsáid agus í ag bualadh isteach ar a muintir mar bhí sé ró-mhór le dul ar an mbus agus b’in ba chúis dúinn a bheith ag siúl an lá sin. Mar a dúras cheana bhí fána síos ón mbeairic go dtí Leonard’s Corner agus, ar ndóigh, a mhalairt a bhí ann agus sinn ag filleadh.
“Cabhraigh liom, a mhic,” ar sí agus muid ag dul suas an fána i dtreo na beairice. “Brú ar an bpram nó tá mé traochta leis.”
Agus go deimhin bhí an t-allas ag rith léi. Bhrúigh, agus faoi dheireadh, bhaineamar amach an baile.

Seachtain anonn, ár gcomharsa béal dorais ag tabhairt aire dom dheartháir, bhíos léi agus í ag siopadóireacht sa chomharsanacht gur bhuail comharsa eile linn.
“That baby of yours must be a terrible weight,” ar sí. “Didn’t I see you from the bus and you struggling up the South Circular at the barracks. Looking like a flogged horse you were.”
Ní cuimhin liom cén freagra a thug mo mháthair uirthi ach bhí meangadh gáire ar a béal agus muid ag filleadh abhaile.
“John,” ar sí agus muid ag ithe dinnéir an lae. “Bhuail mé le Liz Kelly sa siopa inniu agus bhí sí ag rá go bhfaca sí an bheirt againn ar ár mbealach abhaile óm mhuintir Dé Máirt seo caite agus ba é a dúirt sí ná go gcaithfeadh go raibh an-toirt tagtha ar an leanbh cionn is go rabhamar ag streachailt suas an South Circular ar ár slí abhaile.”
Thosaigh m’athair ag gáire agus b’amhlaidh dom mháthair freisin.
“Tuige sibh ag gáire?” a deirimse.
“Tá, a mhic,” arsa mo mháthair, “gur cheannaigh do sheanathair cúig thonna guail roimh thús don chogadh, mar ba léir dó go mbeadh chuile shórt ganntanais ann lena linn. Sé a bhí i mbun an phram agam faoi thóin do dhearthár an lá sin ná ualach guail a thug sé dom agus cé gur strómhar an t-aistear a bhí againn agus sinn á thabhairt abhaile, is iontach teolaí é tine ghuail a bheith againn ag an deireadh seachtaine.”