Thursday, June 4, 2009











An Garraíodóir agus Cosantóir na mBilí.



(Ár gcoill bheag i bpictiúr a haon, an radharc ó dheas sa dara ceann. Ceapacha ardaithe i bhfad siar in uimhir a haon.)

Is ar chúl an tí atá formhór ár n-acra talún. Ag dearcadh dom ó thuaidh tá crainn mhóra thaobh teorann ár gcomharsan. Soir tá ár gcoill bheag, caoga bliain ar a laghad ag gach ceann díobh, agus ó dheas tá, arís, crainn arda ár gcomharsan eile. Sea, tá muid teanntaithe, iata isteach, ag crainn. Ag bun an ghairdín tá píosa beag talún sa chúinne thoir thuaidh a d’fhaigheadh dreas maith gréine i rith an lae agus b’ansin a chuir mé súnna craoibhe, asparagas, agus fraocháin ghorma ag fás. I gceapacha ardaithe sa láthair chéanna bain mé barraí maithe prátaí, oinniúin, cairéid agus a leithéid eile.

Fillimis anois ar na crainn. Fásann siad, téann siad in airde agus i leithne agus is ag leathnú a bhíonn a scáth ó bhliain go chéile. Deich mbliana ó shin bhain mé 30 kilo de shúnna craoibhe, ach anuraidh ní raibh agam ach deich kilo. Ceithre bliana ó shin bhí raidhse trátaí agam sa chaoi go raibh orm an farasbarr a bhronnadh ar na comharsana i ndiaidh dom caoga kilo a channú. Anuraidh ní raibh thar 5 kilo san iomlán agam. Níl trácht a thuilleadh ar chairéid nó ar oinniúin.
Anois, is ionúin liom crainn, go mór mór na cinn mhaorga, an dair agus an hicearaí, ach tá siad ar tí mé a dhíbirt ó mo ghairdíní glasraí a bhfuil a leath díobh faoi raithnigh éagsúla faoi láthair. Raithnigh? a deir tú. Sea, ach sin ábhar ailt eile. An fhuascailt? Cúpla crann a leagadh. An fhadhb? Cosantóir na mBilí, mo ghrá geal, mo chéile, an té is ionúine liom ná na crainn, ná na glasraí. I gcás mar seo is fiú ceann de mhanaí Talleyrand a thabhairt chun chuimhne: "Surtout, pas trop de zèle." Idirbheartaíocht atá ar siúl againn le dhá bhliain anuas a bheidh mar thoradh uirthi (más is gceart a dhéantar í) réiteach chomhshásúil: géillimse seo duitse agus géilleann tusa siúd domsa. Seo scenario amháin, ach cuimhnigh go bhfuil céad, míle, milliún díobh ann agus n’fheadar fós cén cruth a bheidh ar an réiteach, más ann dó.
“Dhá aiteal, dhá dhair agus dhá chonbhaiscne le leagadh.”
“Dhá aiteal.”
“Dhá aiteal, dhá dhair, conbhaiscne amháin agus ualach múirín.”
“Dhá aiteal, dair amháin agus ceapach ardaithe nua.”
“Dhá aiteal, dair amháin, an cheapach ardaithe agus ceathrúmhéadar ciúbach de mhúirín.”
“Aiteal amháin, dair amháin maille leis an gceapach nua agus leathmhéadar de mhúirín.”
Réiteach?

2 comments:

  1. Tuigim do chás. Bhíodh garraí deas glasraí agam ag an teach eile anseo i Seattle. Tá crainn mhóra ar fud na háite mar a bhfuil mé anois. Ní fhaigheann ach áit amháin solas na gréine ar feadh an lae: an deic mar a bhfuil an water feature clúiteach. ;-) Tá dhá phota in aice leis a bhfuil plandaí iontu le haghaigh na cistine: tím, peirsil, síobhas, dragan Meicsiceach, agus epazote. Agus sin an méid.

    ReplyDelete
  2. Ar ngoigh, rinne an coras feall orm i gcas na bpictiur. Athraigh uimhir a haon go huimhir a do. Me ro-leisciuil leis an ceartuchan seo a scriobh in Word agus a choipeail anseo.

    ReplyDelete