Friday, June 26, 2009

‘Féile na nEalaíon is na nIdéanna’


I rith mí Mheithimh le tamall de bhlianta anuas reáchtáiltear féile i ngar dúinn in New Haven, Connecticut, agus ní taise don bhliain seo. A bhuí d’Ollscoil Yale, bíonn coirmeacha ceoil saor in aisce agus drámaí saor go leor ar fáil i rith na scoilbhliana, ach is i rith na Féile a thagann drámaí as an ngnáth chugainn. Ní hé go bhfuil mé féin an-tugtha do dhrámaí agus a leithéid, ach ós pósta mé le spéirbhean ar ollamh emerita le Béarla í agus an-dúil aici i ngach gné den téatar, téim léi go seó na dhó le linn na Féile.



I mbliana tá dhá chompántas Éireannacha páirteach sna taispeántais, 'The Barabbas Theatre Company' agus 'Gare St. Lazare Players Ireland'. “First Love” le Sam Becket a bhí ag Gare St. Lazare, agus deir mo chéile, atá thar a bheith carthanach d’aisteoirí agus do gach a bhaineanna leo, go raibh sé dothuigthe, rud nár chuir ionadh ar bith ormsa, siúd is go bhfaca mé faoi dhó “Waiting of Godot (Go Deo?)” agus nár thuig mé ó thalamh an domhain cad a bhí ar siúl. Ní gá dom a rá nach raibh mise i láthair ag an seó sin.


Scéal eile ar fad ab ea “Circus” a chuir 'Barabbas' i láthair. Sna nótaí cláir tugtar le fios dúinn gur faoi anáil “La Strada” le Fellini a scríobhadh an drama seo. Sorcas beag a chuir Fossett Family Circus m’óige i gcuimhne dom atá i gceist. Triúr príomhaisteoir, beirt Éireannach agus Gearmánach mná. Is scéal grá, caillteanais agus báis é ina n-úsáidtear aclaíocht ar an maide luascáin agus ar rópa fada mar mheafar ar fhás an chumainn idir beirt den triúr. Bhí an lucht féachana gafa ar fad leis an taispeántas, muidne ina measc. Ní raibh oiread is lúb amháin ar lár sa dráma agus d’fhág muid an amharclann agus muid fós faoi iontas agus faoi chomhbhá leis na carachtair. Má bhíonn sé d’uain ag éinne agaibh an seó seo a fheiceáil, tapaidh an deis. Cultúr Éireann a thug maoiniú don dá chompántas bheith i láthair ag an bhFéile.



Anocht beidh muid ag freastal ar “Dido agus Aeneas”, cineál opera-dhamhsa dar leis an gclár, ceol le Henry Purcell (1689), Libretto le Nahum Tate agus The Mark Morris Dance Group á chur i láthair. N’fheadar cad is ‘opera-dhamhsa’ ann, ach feicfimid.

1 comment:

  1. Opera-Damhsa

    Rud glan as an ngnáth a bhí sa seó aréir. Ar an stáitse bhí The Morris Dance Group, iad uilig in éide shimplí dhubh agus gan oiread is focal astu feadh an dráma. Measaim gur Nua-Ballet a thabharfaí ar a raibh ar siúl acu, iad aclaí srianta ina ngluaiseachtaí, greannmhar ar uaire, dólásach ar uaire eile, an chóragrafaíocht ar fhoirfeacht seódhíorma Marines. Scéal na tragóide á ríomh acu agus iad ag cloí den chuid is mó leis an scéal mar a insítear ag Virgil é.

    “Agus an ceol?”, a deir sibh, “cad faoi cheol Purcell?”
    Well, níl ceol Purcell ar aon chéim le saothar Puccini nó Verdi. Ní bheadh fonn de chuid Purcell ar do bheola agat agus tú ar do shlí abhaile. Bhí lucht seinnte an cheoil, na príomh-amhránaithe, chuid de Chór Yale agus Camerata Yale i bhfolach thíos uainn sa log faoi leibhéal an stáitse, gan le feiceáil againn ach bata an stiúrthóra arbh é an córagrafaí é freisin. Ag fíorthús an taispeántais agus gan a fhios agam go raibh na hamhránaithe thíos uaim, bhuail iomrall mé toisc gur chuala mé guth Aeneas, baratón den scoth, ach a fhios agam nach raibh gíog as béal an damhsóra. An t-amú go foirfe acu. Rud glan as an ngnáth, mar a dúirt mé, ach seó fíorthaitneamhach mar sin féin. An t-aon rud a chuir as dom go raibh damhsóir fireann i bpáirt Dido. Fear ard, cúpla orlach aige ar Aeneas, agus cé go ndearna sé a dhícheall aithris a dhéanamh ar luail mná, níor éirigh leis mé a mhealladh.

    ReplyDelete