Tuesday, June 16, 2009

Cóiriú Coirp

(Seo sceite beag as cnuasach a bhfuil ‘Inné Agam Mar Chiste’ baiste agam air. Is faoi shaol mo mhuintire i mBÁC sna blianta idir 1940 agus 1965 a bhformhór. An scéal sa sceite thíos, tharla sé thart ar an mbliain 1951, ach ba sa bhliain 1962 a ríomh mo mháthair a t-iomlán dom.)

I ndiaidh dinnéir, bhuail Mrs. Kelly, comharsa linn, isteach chuici lá.
“Is dócha go bhfuil cloiste agat,” ar sí, “gur tháinig m’athair ar chuairt míosa chugainn le déanaí, ach gur bhuail taom croí é arú inné. Níltear ag súil go mairfidh sé an tseachtain.”
Ar ndóigh bhí an dochtúir agus an sagart aige cheana féin agus bhí an dochtúir le bualadh isteach air an mhaidin dár gcionn ach ba bheag a d’fhéad sé a dhéanamh seachas moladh dóibh é a choimeád ciúin compordach.
“Is iomaí dea-bhliain feicthe aige,” arsa an dochtúir léi, “agus thairis sin tá drochbhail ar a chroí agus brú fola thar na bearta aige.”
Bhí an scéal seolta chuig na gaolta i gcontae Loch Garman agus bheidís ar an traein aneas a luaithe a bhfaighidís an focal.

Ba é ba chúis di bualadh isteach ar mo mháthair ná cóiriú an choirp. Ní raibh aon taithí aici air sin. An dtiocfadh mo mháthair chun cabhrú léi tráth éagtha don seanfhear, mar bhí de cháil uirthi go ndearna sí cóiriú ar beagnach gach marbh a d’éag ar an tsráid seo ‘gainne.
Thiocfadh cinnte ach fios a chur uirthi. San idirlinn, mhol sí go mbeadh na héadaí adhlactha roghnaithe agus ar lámh aici.
D’fhill Mrs. Kelly abhaile agus chuaigh mo mháthair chun cainte lena comharsa bhéal dorais, Lil Collins, baintreach a raibh a céile, Jim, caillte le dhá bhliain.

“Cá bhfuil an seanfhear ina luí?” arsa Lil.
“Thuas staighre, is dócha,” arsa mo mháthair
“Mholfainn dóibh a leaba a chur sa seomra suí, an seanfhear a iompar síos agus é a chur ina luí inti. Is cuimhin leat cé chomh deacair a bhí sé an chónra, agus corp Jim inti, a iompar síos staighre. Tá na scríoba ar an mballa fós.”
Moladh sin do Mrs. Kelly agus rinneadh amhlaidh. M’athair agus Mr. Kelly a d’aistrigh síos an leaba agus an seanfhear.

D’éag an seanfhear an tráthnóna dár gcionn agus tar éis dinnéir chuaigh an bheirt bhan go teach an mhairbh.
“In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,” arsa Lil agus mo mháthair i dteannta le chéile agus uisce coisricthe á chroitheadh acu ar an gcorp agus ar a lámha féin.
“Rásúr, báisín uisce, tuáillí, cíor, na fiacla saorga agus an chulaith, led thoil,” arsa mo mháthair agus í ag leagadh dhá bhonn ar na súile iata agus ansin á gclúdach le ciarsúr.
“Cleas sin an chiarsúir,” arsa Lil, “sin cleas a d’fhoghlaim tú uaimse, Maud. I Maigh Eo agus mé ag éirí aníos, dhéantaí sin chun nach mbeadh náire ar an bhfear marbh agus mná seachas a chéile féin ag baint lena chorp nocht.”
“Maith an chomhairle í,” arsa mo mháthair.

Fad a bhí Mrs. Kelly ag bailiú a raibh de dhíth orthu chun an cóiriú a chur i gcrích, bhí an corp nochta ag an mbeirt. Dhírigh siad na géaga íochtaraigh mar bhí an corp craptha sa leaba agus iarracht de righneas ag teacht air cheana féin.
“Ba chóir dóibh sin a dhéanamh láithreach,” arsa mo mháthair, “sin, nó bíonn ort na géaga a bhriseadh chun iad a dhíriú. Fuath liom sin.”
Fear ard ab ea é, geall le sé throigh ar airde. Thug siad faoin aghaidh a mhúnlú chun suaimhnis, rud a dhéanfadh siad arís is arís eile i rith an chóirithe chéanna.
“Tomhaisimis é,” arsa Lil agus í ag baint miosúir as a póca. “Beidh an t-eolas sin de dhíth ar an adhlacóir le haghaidh na cónra.”

Nuair a d’fhill Mrs. Kelly lig sí scread aisti ar fheiceáil di corp nocht a hathar.
“Cad tá déanta agaibh?” ar sí, “nó cén fáth ar bhain sibh a léine de? Sé m’athair é agus ní fhaca riamh nocht é. Eisean náirithe agaibh agus mise freisin.”
“Fuist anois,” arsa mo mháthair. “Caitear an corp a ní. Tá sé fliuch le mún agus salaithe le cac. Sin mar a tharlaíonn i dtólamh tar éis báis do dhuine. Ní easpa urraime atá i gceist, ach a mhalairt ar fad.”
“Maith dom an racht,” arsa Mrs. Kelly. “Tuigim nach easpa urraime ba bhun leis. Ní raibh ann ach nach raibh aon súil agam leis. Ní fhaca riamh nocht é agus bhain sé geit asam.”
“Is mar sin an scéal i gcónaí,” arsa mo mháthair, “an chéad uair a fheiceann duine corp á chóiriú, go mór mór más tuismitheoir é. Ná bí ag caitheamh anuas ort féin.”

Nuair a bhí gabhal agus mása an choirp nite acu, leag siad tuáille anuas air óna imleacán gona ghlúine agus lean leis an obair.
“Anois,” arsa mo mháthair, “an rásúr.”
Bearradh aghaidh an fhir agus gearradh na h-ingne. Cuireadh na fiacla isteach sa bhéal agus múnlaíodh an aghaidh arís.
Sin déanta, níodh agus cíoradh folt bán an tseanfhir.
“Iontach chomh tiubh is atá an folt sin,” arsa Lil.
“B’in ba dhual d’fhir a mhuintire,” arsa Mrs. Kelly
“Anois,” arsa mo mháthair, “b’fhéidir gur fearr duit bualadh amach as an seomra anois.”
“Tuige?” arsa Mrs. Kelly
“Táimid chun corc a chur sa tóin air.”
Ba bheag nár thit Mrs. Kelly i bhfanntais.
Sula raibh d’uain aici focal a rá míníodh dí faoi na putóga a bheith fós ag oibriú agus ag silt leachta is gáis. Chuirfeadh an corc bac ar sin.
“Fágfaidh mé fúibh é mar sin,” ar sí ag tabhairt an doras amach uirthi féin.

D’fhill sí i gcionn tamaillín agus í beagán liath san aghaidh fós. Bhí an beart déanta agus chromadar triúr ar an gcorpán a ghléasadh.
“Iontach maith an chulaith seo,” arsa Lil. “Trua í ag dul faoin bhfód leis.”
“Sé an ceann is fearr aige í,” arsa Mrs. Kelly.
“Faigh na cinn eile,” arsa Lil.
Dhá chulaith eile a bhí ag an bhfear. Iad araon gan smál.
“Bhí sé riamh bródúil as a chuid éadaí,” arsa a iníon. “Ceann aige le haghaidh Aifreann an Domhnaigh, ceann eile le haghaidh bainise agus an tríú ceann, an ceann is duibhe, le haghaidh tórramh agus adhlacadh.”
“Cad faoi éadaí an Domhnaigh a chur air,” arsa mo mháthair, “óir cé go bhfuil siad beagán níos caite ná na cinn eile, tá an-bhail orthu fós.”
“Agus na cinn eile?”, arsa Mrs. Kelly.
“Sé is nós dúinne,” arsa mo mháthair, “iad a bhronnadh ar dhaoine a mbeadh siad de dhíth orthu.”
“Rith sé liom iad a thabhairt don Naomh Uinseann,” arsa Mrs. Kelly.
“Dóibh siúd is neasa duit is fearr,” arsa Lil. “Nach bhfuil seaicéad Jim á chaitheamh fós ag mac Maud.”
Agus b’fhíor di agus ba ghalánta an seaicéad é.
“Chuala mé le déanaí,” arsa mo mháthair, “go bhfuil Bill Murphy briste as a phost agus é anois ag lorg oibre de ló is d’oíche, ach gan le caitheamh aige ag agallamh ach a ghnáth-éadaí seanchaite. Ba mhór aige culaith mar seo agus é ar chomhairde, measaim le d’athair freisin.”
“Tuigim,” arsa Mrs. Kelly. “An ligfidh tú an focal lena bhean?”
“Ligfidh cinnte,” arsa mo mháthair. “An mbeadh bróga agat le dul léi?”
“Cad faoi do chéile féin?” arsa Lil.
“Níl sé ar chóimhéid ná ar chomhairde lem athair. Chaithfí an chulaith a athrú agus níl an scil sin agamsa,” arsa Mrs. Kelly.
“Fadhb ar bith,” arsa Lil. “Faigh tusa tomhais do chéile agus déanfaimid triúr an jab in éineacht. Ní bheidh ann ach obair lae amháin.”

Agus leanadar mar sin, an corp á chóiriú acu agus éadaí an mhairbh á roinnt acu orthu féin agus ar a lucht aitheantais a raibh gá acu leo. Múnlú deiridh ar an aghaidh, píosaí olla cadáis sáite isteach idir fiacla agus leicinn agus bhí an jab déanta.
“Cupán tae?” arsa Mrs. Kelly.
“Ba bhreá liom sin,” arsa mo mháthair.
“An mbeadh braonín níos láidre ná sin agat?” arsa Lil. “Obair ghoilliúnach go leor déanta againn anocht agus tart dá réir orm.”

7 comments:

  1. Go raibh maith agat as an scéal seo a roinnt linn, a Sheáin. Scéal iontach suimiúil. Meas tú an bhfuil an nós seo fós ag dul ar aghaidh in áiteanna in Éirinn?

    ReplyDelete
  2. N’fheadar, Áine. Ba é ba chúis liom an sceite a chur ar mo bhlag ná gur mheas mé go raibh an cleachtas sin dulta go mór in éag. Cuimhnigh gur anseo sna Stáit Aontaithe mé le breis agus tríocha bliain, ach ar m’iliomad cuairt ar Éirinn ó shin i leithe tá braite agam go bhfuil athrú tagtha ar shochaí na tíre, go bhfuil na daoine scoite amach óna chéile, nach bhfuil siad ag maireachtáil i scáth a chéile mar ba dhual dóibh agus mise ag fás aníos. Measaim gur lú an comhdhlúthas sóisialta anois agus ba ghné den comhdhlúthas sin an cóiriú coirp. Seans go maireann an cleachtas leasmuigh de na cathracha agus na bailte móra. Cad é do bharúil féin?

    ReplyDelete
  3. Tá a fhios agam go raibh sé ag tarlú anseo i nDún na nGall fiche bliain ó shin mar go bhfuil cuimhne agam gur tharla a leithéid de chóiriú ar chomharsa liom anseo.

    Chomh fada agus is eol dom, mura ndéantar balsamú ar chorp, agus mura bhfuil ceist faoin mbás, déantar fós é in áiteanna, ar oileáin éagsúla amach ón gcósta ar aon nós.

    Cuirfidh mé ceist nó dhó, ó tharla é faoi chaibidil againn, agus tiocfaidh mé ar ais chugat air.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom chomh nádúrtha is atá an comhrá.

    ReplyDelete
  5. A Sheáin, a chara,

    Chuir mé ceist ar an oileánach ag http://oileanach.blogspot.com maidir leis an ábhar seo agus tá a fhreagra le fáil inniu ar a bhlag faoi 'Comhrá na hOíche Aréir', más mian leat é a léamh.

    Is cosúil go bhfuil an 'cóiríú coirp' ar dul ar aghaidh fós!

    Go raibh maith agat, arís, as an scéal seo a thabhairt chun solais. Maith thú!

    ReplyDelete