Wednesday, June 3, 2009

An Cheimic............


Mar atá ráite agam ar mo bhlag, ba cheimiceoir mé agus chaith mé breis is tríocha bliain mar cheimiceoir orgánach, mar cheann feadhna/foirne agus mar leasuachtarán taighde i gcomhlachtaí cógaiseolaíochta éagsúla anseo sna Stáit Aontaithe. Ó scoir mé den cheird sin tá méadaithe ar mo shuim sa scríbhneoireacht, sa gharraíodóireacht agus ó am go chéile i litríocht na Gaeilge, sa MheánGhaeilge agus sa tSeanGhaeilge, ach seachas mo shuim sa Dán Díreach, a bhuí sin do Damian McManus, is beag m’eolas fós ar na gnéithe sin den teanga. Foilsíodh an píosa thíos in Comhar, Deireadh Fómhair, 2005, tráth nach raibh na polaiteoirí agus a lucht tacaíochta ar cur isteach ar eagarthóireacht na hirise.

An Cheimic, An Dán Díreach agus An Chócaireacht

Le Seán O’Connor

Bliain nó dhó ó shin bhíos ag caint le cara liom a dúirt go raibh mac leis chun tabhairt faoin Eolaíocht san ollscoil, faoin gCeimic ach go háirithe. N’fheadar cad a spreag ag an am mé, ach d’fhiafraigh mé de conas a d’éirigh leis an mac sna teangacha san Ardteist.
“Go measartha maith,” ar sé, “ach tuige tú ag díriú ar na teangacha agus an Cheimic faoi chaibidil againn?”
“Níl mé cinnte cad a spreag mé,” mar fhreagra agam air, “ach tá nóisean éigin ag borradh im cheann istigh, ach ní léir dom fós cad é.”

Well, d’fhill mé ó am go ham ar an ábhar smaointe sin ach, arís, níor ghlan na scamaill dem intinn. Ansin, leathbhliain ó shin, dhúisigh mé i lár na hoíche agus fuascailt na faidhbe agam. Is teanga í an Cheimic, a bhfuil gramadach, comhréir, infhilleadh, litríocht, filíocht agus áilleacht dá cuid féin ag baint léi. Agus an codladh am scuabadh chun siúil, bhuail smaoineamh eile mé. Más teanga í an Cheimic, sé atá sa tsintéis orgánach ná an Dán Díreach.

Sular scoir mé den obair blianta beaga ó shin bhí breis is tríocha bliain caite agam mar cheimiceoir taighde i dtionscal na cógaiseolaíochta. Níor shaoi den chéad ghrád sa Cheimic mé. Siad seo na teidil a thagann anuas dúinn ó ré an Dáin Dhírigh: Ollamh, Ánruth, Clí, Cano, Dos, Macfhuirmid agus Fochloc. Cinnte, níorbh Ollamh mé, ach cén teideal a d’fheilfeadh domsa? Déarfainn gur Chlí den chuid is mó mé ach gurbh Ánruth mé uair nó dhó le linn mo shaol taighde. Cuma, mar bhí aithne mhaith agam ar cheimiceoirí arbh Ollamh cruthanta sintéise gach duine díobh, agus mé i gcónaí faoi dhraíocht agus iad ag cur síos ar shlite nua a bhí ceapaithe acu chun comhdhúil a chur le chéile.

I ngach comhdhúil cheimiceach tá feidhmghrúpaí, na grúpaí ar féidir athrú ceimice a chur i bhfeidhm orthu. Go fiú i gcomhdhúil bheag d’fhéadfadh deich ngrúpa éagsúla a bheith inti agus saintréithe agus imoibríocht dá chuid féin ag gach grúpa. Sé a bhíonn le déanamh ag an gceimiceoir ná athrú a dhéanamh ar ghrúpa amháin gan na grúpaí eile a chur as a sainriocht.

Dar le daoine áirithe, is geall le cluiche fichille a leithéid de shaothar, mar i gcónaí sé a bhíonn ag déanamh scime don cheimiceoir ná “Má dhéanaim seo, cad tharlóidh dó siúd, nó an féidir é a chosaint?” Tharlódh gur féidir agus sin an chéad chéim i sraith céimeanna a d’fhéadfadh fiche céim a bheith inti. I gcónaí agus duine ag meá imoibrithe cheimicigh, caitear a thionchar a mheas ar gach grúpa eile sa chomhdhúil. Agus b’in a chuir ag smaoineamh ar an Dán Díreach mé.

Sa Dán Díreach, má athraíonn an file go fiú siolla, ní áirím focal, i líne ar bith, seans maith ann go gcuirfear an mheadaracht as riocht. Líon na siollaí, rialacha na meadarachta atá idir lámha aige, uaim, comhardadh (briste agus slán), rinn agus airdrinn, amas, uaithne agus bá, gan trácht ar an dúnadh. Tá an file teanntaithe ag na riachtanais seo agus a chomhfhilí le bheith sa mhullach air má sháraítear ceann ar bith díobh.

Sea, ar mé liom féin, an codladh am sciobadh ar siúl, sin iad na leaideanna a bheadh uainn agus muid ag iarraidh teacht ar scéim nua shintéise. Chonacthas dom iad, gach neach díobh ina luí siar ina oifig féin sa tsaotharlann, an solas múchta, na súile druidte, iad ag cumadh is ag athrú, ag meá is ag scriosadh go dtí go nochtann duine díobh agus go ndruideann leis an gclár dubh chun a scéim shintéise a bhreacadh síos, féachaint an bhfuil locht ag éinne uirthi.

Claonann a chomhshaoithe i dtreo an chláir dhuibh, a monabhar siosarnach mar thionlacan cúlrach do scríobadh na cailce: struchtúr i ndiaidh struchtúir, imoibriú i ndiaidh imoibrithe, líne ar líne, ina ranna. Agus aghaidh an chláir dhuibh líonta aige, tiontaítear droim ar aghaidh é agus leantar leis an scéim.

“Bhur léirmheas?” arsa an t-údar, smear d’allas le feiceáil ar a éadan. Tost ar feadh scaithimh. Ansin,
“Mínigh.”
“Deacair.”
“Costasach?”
“Neamhthriallta.”
“Suimiúil.”
“Úrnua.”
“Ceannródaíoch.”
“Seoigh.”
“Samhailteach.”
“Taibhseach.”
“Thar a bhfaca mé riamh.”
Agus ar dheireadh thiar, táthar ar aon intinn.
“Álainn.”
Agus cad a bheidh aige mar aitheantas ar an éacht chruthaitheach seo? Bó, a deir tú? Avae leat!

An Duais Nobel d’Eochaidh Ó hEódhasa as Gabolga-taicsin (aka Tetrodotoxin) a shintéisiú.
“Is geall le filíocht den scoth an tslí a leanann na céimeanna áille samlaitheacha sintéise ar shála a chéile go dtí go sroichtear an sprioc,” dar leis an gCoiste Nobel.

Agus cad fúinne, muidne nach bhfuil ar ár gcumas na hadaimh a chur ag rince go foirfe? Cleachtaimid an t-óglachas, ar ndóigh, muid ag iarraidh, lá i ndiaidh lae, aithris a dhéanamh ar na déithe. Lag-iarracht, cinnte, ach iarracht mar sin féin. OK, a deir sibh, ach tuige gur luaigh tú an chócaireacht?

Agus mé éirithe le tamall as an obair, fuaireas cuireadh chun cóisire agus bhí buíon dem iar-chomhleacaithe i láthair, ceimiceoirí iad uilig. Cuid acu scortha cheana féin, cuid ag obair fós. Arsa duine díobh siúd liom agus é ag síneadh beorach chugam:
“Cad a bhíonn agat mar chaitheamh aimsire anois?”
“Ó,” a deirimse, “tá go leor idir lámha agam idir ghiotaí scríbhneoireachta, bheagán múinteoireachta, na garraithe agus an chócaireacht.”
Níor thúisce an focal cócaireacht luaite agam nó gur bhailigh triúr nó ceathrar eile thart orainn.
“Sea, an chócaireacht,” a deirimse. “Tá mé ag ceapadh go dtaitníonn an chócaireacht liom mar tá inti macalla, mar a déarfá, dem thaighde saotharlainne. Leanaim oideas, blaisim, rithim an turgnamh an athuair le mion-athruithe, blaisim arís. Athrú beag eile, agus ar dheireadh thiar thall, déanaim mo chuid féin de.”
“Mó dhála féin,” arsa beirt den chomhluadar d’aon ghuth.
“An bhfuil moladh ag éinne agaibh,” arsa duine díobh, “faoin tslí is fearr chun rís basmati a réiteach agus cad iad na foinsí is fearr spíosraí?”

Mé ag feadaíl liom ar mo shlí abhaile ón gcóisir, mar chonacthas dom gurbh eiseamláir é seo den rud ar a dtugtar ‘rotha mór an tsaoil’: mé im óige sa chistin, ag foghlaim óm mháthair conas oideas a leanúint, mé ag dul leis an gCeimic; mé á cleachtadh, mé fillte anois ar an gcistin, garmhac liom ag foghlaim uaim conas arán caiscín a dhéanamh.
“Cad faoi glac rísíní a chur leis an tráth seo,” ar sé, “féachaint an gcuireann siad leis an mblas?”
“Rithimis an turgnamh,” a deirimse, “féachaint cad is toradh dó.”

3 comments:

  1. An-aiste! Léigh mé colún ar an NYTimes díreach tar éis dom é seo a léamh. Abairt amháin as:

    "In this sense the Phillips machine foreshadowed one of the most central challenges in science today: the quest to decipher and control the complex, interconnected systems that pervade our lives."

    B'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh air:

    http://judson.blogs.nytimes.com/2009/06/02/guest-column-like-water-for-money/?ref=opinion

    ReplyDelete
  2. Fáilte romhat, a chara! Deas glór eile a chloisteáil ar an mblock/mblag.

    Is maith liom an méid a scríobh tú, go háirithe faoin Dán Díreach. Scríobh mé dán beag maidir leis uair. Más mian leat é a léamh, tá sé le fáil ag http://miseaine.blogspot.com/2009/04/feallaire.html

    Go n-éirí go geal, agus go minic, le do bhlag!

    ReplyDelete