Sunday, June 28, 2009

Bláthanna

Bláthanna

Is breá liom bláthanna. Is breá liom iad a fhás. Is breá liom iad a bhronnadh agus iad a bheith bronnta orm. Lá breithe, gan ócáid ar bith, laethanta cinn bliana ár bpósadh. (Sea, laethanta a deirim, mar pósadh faoi thrí sinn, ach sin scéal lae eile.) I rith an gheimhridh ní leasc liom bláthanna ón tSile a cheannach, ach siad céadbhláthanna an earraigh na cinn is ansa liom. Téim á gcuardach agus an sneachta fós ar an talamh: an plúirín sneachta, an cróch agus an dáthabha geimhridh (winter aconite). Ar a bhfeiceáil dom den chéad uair glanann gruaim an gheimhridh dem chroí agus tuigim d’Ó Reachtabhra

Ó fágaim le uacht é go n-éiríonn mo chroíse, mar éiríos an ghaoth nó mar scaipeas an ceo.

Is faoin ngrian a fhásann an cróch, ach is im scáthghairdín mar a bhfuil formhór mo bhailiúchán raithneach, a fheicim an dá chineál eile, iad ag fógairt gur ann fós don bheatha, don dóchas, don athnuachan. Agus iad siúd fós faoi bhláth seo chugam na cromchinn, raidhse díobh idir luath agus mheánséasúr agus, faoi dheireadh, ag tús mí Mheithimh, bláthaíonn na cinn is bige, a meastar fúthu gurb iad an bunstoc iad agus gurbh ó Anatolia iad ó dhúchas. Iad beag íseal, ar éigean orlach leithid sna bláthanna íonbhuí agus gan thar sé orlach sa ghas. Na cromchinn uilig ag fás inár ngairdín taobh-bhóthair, pléascadh dathanna againn ar feadh míosa, ach is sna cinn beaga is mó spéis na ndaoine agus iad ag spaisteoireacht thart ar a ‘gconstituitional’. An cheist cheanna acu i gcónaí. Cá bhfuair mé iad. Tá siad agam leis na blianta agus ó thalamh an domhain ní cuimhin liom cérbh as dóibh.

Ar ndóigh, le fada an lá, tá brí ar leith le bláthanna, ar a mbronnadh ach go háirithe. Tharla lá go raibh mé sa líne san ollmhargadh agus triopall bláthanna im lámh agam. Arsa fear meánaosta liom “You must have been a really bad boy to go to so much trouble,” agus ar feadh nóiméid níor thuig cad chuige a bhí sé. “Not at all,” a deirimse. “An anniversary, then?” ar sé. Ach sé an chuimhne is daingne atá agam ar a leithéid sin tarlaithe ná lá eile agus triopall rós im lámh agam. Bean ar chomhaois liom le m’ais sa líne. “They’re lovely. For your wife?” ar sí. “Yes,” a deirimse. “Here I am married forty years and not a single flower did he ever bring me.” Dhíol mé as na bláthanna agus bhronn mé uirthi iad. Shil deor léi agus d’fhaisc sí lena huacht iad. D’éalaigh mé as an margadh. N’fheadar ar rug sí abhaile léi iad. N’fheadar cad dúirt a céile. N’fheadar ar éirigh eatarthu.

Tá ár róis faoi bhláth anois, buí agus dearg agus bándearg. Cuimhním ar an mbean úd.

4 comments:

  1. Bhuel, is léir nach bhfuil galar sinsear na gcrom cinn ort!

    (Narcissus)

    Is annamh a cheannaím bláthanna abhus, tá costas uafásach orthu. Ach bhíodh an nós agam sa Ghearmáin - nós forleathan atá ann ansin bláthanna a thabhairt agus tú ag dul ar chuairt.

    Is fearr liom iad a fhágaint ag fás abhus

    ReplyDelete
  2. Is fearr liomsa buidéal fíona ó na cairde a thagann ar cuairt. :-) Tá a fhios agam cén áit a dtéann an fíon, ach níl mé cinnte i gcónaí céard ba cheart dom a dhéanamh leis na bláthanna... cén bláthchuach agus ansin cén áit.

    Smaoineamh ar fad eile: an abairt "in xóchitl in cuicatl" a chiallaíonn "filíocht" sa teanga Nahuatl, ach focal ar fhocal, "an bláth, an t-amhrán".

    ReplyDelete
  3. Dennis agus Aonghus:

    Pé uair a tharlaíonn daoibh, nó do neach eile a bhfuil thar cúpla focal Gaeilge aige, bheith sa chomharsanacht seo ‘gainne, beidh fáilte roimh bhláthanna nó buidéal nó dhó fíona. Ó earrach go fómhar is leor ár ngairdíní féin mar fhoinse bláthanna, ach mar a dúrt, ní leasc liom cinn a cheannach nuair nach bhfuil fáil againn féin orthu. Seans nach léir ón méid a scríobh mé an t-iliomad díobh atá ag fás sa ghairdín taobh bóthair, sna ceapacha ardaithe agus cois claí. D’fhéadfaimis vása díobh a bheith i ngach seomra sa teach agus ní bhraithfí aon laghdú ar a líon lasmuigh.

    Mé gafa le nithe eile faoi láthair, ach amach anseo beidh mé ag cur síos ar plandaí eile a bhfuil spéis ar leith agam iontu: na raithnigh agus na trillia (Trillium).

    ReplyDelete
  4. Nár laga Cibé Cé do chineáltas, a SheáinÓ! Is cuma ar thug sí léi abhaile iad nó nár thug, thug sí do chineáltas abhaile léi ina croí, gan dabht.

    Is minic, agus mé ag breathnú ar mo Gharraíodóir féin, go dtagann mná mar sin isteach i mo smaointe. Agus is maith atá a fhios agam go bhfuil an t-ádh liom gur éirigh liom féin garraíodóir den scoth a fháil freisin.

    Maith thú, a chara, agus go raibh maith agat as na radhairc áille a chuir tú os comhair súile m’aigne ar maidin.

    Anois, má bhím riamh sa taobh sin tíre, tiocfaidh mise le fíon AGUS bláthanna...:-)

    ReplyDelete