Sunday, June 14, 2009

Barra Géinathraithe.

Tá an t-agallamh idir John Allen agus Sean Mc Donagh léite agam agus, ar an drochuair, agallamh aontaobhach (?) claonta a bhí ann: bogcheisteanna ar thaobh amháin agus freagraí fuinniúla gan imir de dhabht ag baint leo ar an taobh eile. Ní hé sin le rá nach raibh cuid den fhírinne ina raibh san agallamh. Sul a dtéim níos faide leis an ‘comment’ seo, ba chóir dom a rá gur chaith mé tamall de bhlianta mar thaighdeoir le comhlacht Eli Lilly agus baint imeallach agam leis an móriarracht a bhí acu i dtaighde talmhaíochta, fiailnimheanna agus feithidicídí roghnaíocha san áireamh.

OK, sin ráite agam, is fiú súil a chaitheamh siar ar conas a thángthas ar an rud ar a dtugtar ‘RoundUp Ready©’. Go fiú sna seascaidí seo caite, bhí fadhb na bhfiailí ar an bhfadhb ba mhó ag feirmeoirí arbhair i gcroílár Mheiriceá, an Midwest mar a thugtar air. Comhoibrí liom ag Eli Lilly, tháinig sé ar chomhdhúil, Treflan©, a chuir an ruaig ar na faillí leathandhuille gan dochar a dhéanamh don arbhar. Measaim go bhfuil an chomhdhúil céanna ar fáil fós ainneoin go bhfuil an phaitinn as feidhm le fada an lá. Bhí Treflan roghnaitheach, rud nach fíor do RoundUp, a mharaíonn gach planda, nó sin a mhaitear. Ach an fíor sin?

Ní fíor. Tá glac bheag de phlandaí ann atá frithsheasmhach i gcoinne RoundUp, agus, go teoiriciúil, d’fhéadfaí an ghéin a bhí freagrach san fhrithsheasmhacht a fháil ó cheann ar bith den ghlac sin, ach b’as Agrobacterium tumefaciens a bhfuarthas an ghéin a úsáideadh chun barraí RoundUp Ready a chur ar fáil. Ach ní sin iomlán an scéil. B’éigean leas a bhaint as géineacha eile chun suiteacht géin na frithsheasmhachta a dheimhniú agus a bhuanú agus ós rud é gur dóichí ná a mhalairt go gcódaíonn géin do phróitéin, próitéin nach raibh sa bhunphlanda, sin rud a chuireann as go mór do roinnt daoine. Soighe ab ea an chéad bharr a cuireadh ar fáil a raibh an tréith sin ann. Tá léite agam go bhfuil suas le 85% den soighe a chuirtear sna Stáit Aontaithe RoundUp Ready.

Scéilín beag barrúil agam faoin tionchar a bhí ag RoundUp ar thaighde Eli Lilly. Bhí feirm taighde ag an gcomhlacht fiche míle siar ó chathair Indianapolis, cathair mar a raibh na príomhshaotharlanna a raibh mise ag obair iontu. Pé ar bith é, agus mise ar tí aistriú go comhlacht eile, cuireadh gach uile thréithchineál den arbhar Indiach a raibh fáil ag Eli Lilly air ag fás i ngort mór san fheirm taighde. Fanadh go raibh na plandaí in airde dhá throigh. Ansin, spraeáladh le RoundUp iad. Planda amháin a tháinig slán agus b’ait an feic é ina sheasamh go lom díreach glas i measc a chomhphlandaí feoite, ach n’fheadar féin cén toradh praiticiúil a bhí ar an turgnamh sin. Seans maith ann gur chumasc de ghéineacha ba chúis le frithsheasmhacht an phlanda sin, toradh a chuirfeadh go mór le deacracht an taighde.

Fillimis anois ar na slite atá ann chun teacht ar thréithchineál nua de phlanda. Tá ar a laghad trí
shlí ann: trí thimpiste, trí chrosphórú agus trí bhitheolaíocht mhóilíneach.

Trí thimpiste:
Na hathruithe is tábhachtaí i gceansú arbhair, tharla siad trí thimpiste. Sa nádúr, a luaithe a aibíonn an dias ar phlanda féarach (Gramineae) scaiptear an síol, rud nach n-oireann do bhailiú an tsíl mar bhia. Tharla ar uaire, go bhfuarthas dias nár scaip an síol láithreach. Níorbh chun leasa an phlanda an t-athrú sin, ach ba do leas an chine dhaonna é agus, diaidh ar ndiaidh, bailíodh an síol óna leithéid sin d’arbhar go dtí go raibh idirdhealú suntasach idir na plandaí fiáine agus na cinn ceansaithe. Is ar an gcuma sin a ceansaíodh cruithneacht, eorna, seagal, coirce, arbhar Indiach agus rís. Timpiste a thug mé ar ar tharla, ach d’fhéadfaí tuaiplis nó tuisle a thabhairt air freisin, mar ba de thoradh míléamh ar DNA an phlanda a fágadh an dias i staid neamhscaipeach (non-shattering).

Trí chrosphórú:
Agus mé im óige, níorbh annamh do stoirm báistí barr arbhair a leagadh, é sleabhctha (lodged). Tháinig feabhas mór ar an scéal nuair a crosphóraíodh arbhar gearrshifín (short stemmed) leis an gcineál fadsifín a bhítí ag fás ag an am. Ar an gcaoi chéanna thángthas ar thréithchineálacha nua de chruithneacht a bhí frithsheasmhach i gcoinne na smoirte dhuibhe, (Puccinia graminis tritici) (black stem rust). Faoi láthair na huaire, áfach, tá cineál smoirte ar a dtugtar Ug99 ag déanamh slad ar chruithneacht sa Afraic agus sa Mheánoirthear agus, go bhfios dom, níl leigheas ar an ngalar seo fionnta fós. N’fheadar faoi láthair an trí chrosphórú nó trí bhitheolaíocht mhóilíneach a thiocfar ar an leigheas sin.

Trí bhitheolaíocht mhóilíneach:
Leis an dul chun cinn suntasach atá déanta ar mhodhanna chun géanóm iomlán a sheicheamhú (sequencing an entire genome), is féidir teacht ar ghéineacha a bhronnann tréithe ar leith ar phlandaí: iad a bheith ábalta fás ar bheagán uisce, mar shampla. Sampla eile is ea tréithchineál ríse a bhfuil vitimín D sa síol. Pé rud faoin gcéad sampla a luaigh mé thuas, ní dóigh liom gurbh fhéidir an dara ceann a thabhairt chun críche in éagmais na bitheolaíochta móilíní.

Só, a chairde, cad é an tátal a bhainfidh sibh as a bhfuil scríofa agam thuas? An gcreidfidh sibh fós gur rud le seachaint iad bianna géinathraithe, nó an nglacfaidh sibh leis an tuairim gur bealach é an géinathrú a oireann ar uaire d’fhuascailt faidhbe nach bhfuil bealach ar bith eile ann chun tabhairt fúthu? Is léir mo thuairim féin, ach ní lia duine ná tuairim.

3 comments:

  1. Is dóigh liom nach é an athrú géin per sé a chuireann imní ar dhaoine, ach an modh a théann an mórchomhlachtaí i ngleic leis an cheist. Tá amhras cothaithe faoin gcur chuige - an géin a dhéanann na síolta seasc tar éis glúin amháin, ag cuir iallach ar fheirmeoirí filleadh ar na gcomhlachtaí bliain i ndiaidh bliana. Ní chun leasa na hOkies a chuaigh iompar mar sin san stair!

    Ceist eile an bhfuil muinín againn as na mórchomhlachtaí chun taighde ionraic ar na baoil a d'fhéadfadh bheith leis na hearraí a dhéanamh. Go lom, níl iontaoibh agamsa as taighde a bheadh go hiomlán maoinithe acu siúd a bhfuil brabach mór le gnóthú acu as toradh airithe a bheith le píosa taighde. Agus is dóigh liom go dtugann iompar na comhlachtaí tobac - mar shampla - ábhar don imní sin agam.

    Maidir leis an agallamh a bheith aontaobhach, ba chuid de sraith é, agus is mar píosa tuairimíochta seachas agallamh a léigh mise é. (Bhí nascanna agam le codanna eile den sraith) Rinne John Allen féin tagairt spéisiúil don chaoi ina bhfuil an díospóireacht seo thar a bheith dubh agus bán, an dá taobh ag cuir droch chroí i léith a chéile!

    ReplyDelete
  2. Níl mé in aghaidh GMO ar phrionsabal, ach mar a dúirt Aonghus thuas, níl muinín ró-mhór agam as na mórchomhlachtaí atá á fhorbairt. Ceannaím bia organach den chuid is mó.

    ReplyDelete
  3. Fair play daoibh, Dennis agus Aonghus. Tuigim daoibh agus bhur n-easpa muiníne as comhlachtaí de leithéid Monsanto. Ba d’aonghnó nach ndearna mé tagairt do mhí-úsáid na bitheolaíochta móilíní agus mé ag scríobh faoi bharra géinathraithe i mo bhlag. Tá bunús áirithe leis an imní atá ag daoine roimh bharr ar nós arbhar Indiach RoundUp Ready, mar tá próitéiní eisghineacha (exogenous) i síol an arbhair sin agus seans beag bídeach ann go mbeadh an corrdhuine ailléirgeach dá leithéid. Ar an lámh eile de, ní féidir diúltú don fhíric go bhfuil seans ann go dtarlódh an rud céanna de bharr crosphórú, mar is meascán nua géineacha is toradh don turgnamh sin agus mura ndéantar an fiosrú céanna orthu siúd is atá á éileamh i gcás na mbarra géinathraithe is mí-ionrach mar chur chuige é.
    Maidir leis an iarracht atá déanta ag comhlachtaí áirithe nach mbeadh ach síolta aimride mar thoradh ar fhás bairr ghéinathraithe, diúltaím don iarracht sin, ach tá mé i bhfabhar ríchíos (patent royalty) a bheith dlite don duine nó don chomhlacht a chuireann rud nua fíor-úsáideach ar fáil.
    Tá fianaise ann anois go n-éiríonn plandaí féaracha, plandaí fiáine de ghnáth, go n-éiríonn siad frithsheasmhach i gcoinne RoundUp de bharr crosphailniú le barra frithsheasmhach agus cé gur rud annamh é, is rud baolach mar sin féin é.
    Só, a chairde, nílimse dall ar na fadhbanna a bhaineann le géinathrú. Fadhb choitianta é i measc lucht na bitheolaíochta móilíní go ndéanfar rud más féidir é a dhéanamh. Táimse den tuairim gur mímhorálta mar chur chuige an dearcadh sin, cuma más barr nó cill ainmhí nó dhaonna atá i gceist. Níl in ‘Total Research Freedom’ ach diúltú don fhreagracht agus don mhortabháil gur dual do chuile eolaí agus taighdeoir glacadh leo. So, there!!! A chríoch seo.

    ReplyDelete