Sunday, June 28, 2009

Bláthanna

Bláthanna

Is breá liom bláthanna. Is breá liom iad a fhás. Is breá liom iad a bhronnadh agus iad a bheith bronnta orm. Lá breithe, gan ócáid ar bith, laethanta cinn bliana ár bpósadh. (Sea, laethanta a deirim, mar pósadh faoi thrí sinn, ach sin scéal lae eile.) I rith an gheimhridh ní leasc liom bláthanna ón tSile a cheannach, ach siad céadbhláthanna an earraigh na cinn is ansa liom. Téim á gcuardach agus an sneachta fós ar an talamh: an plúirín sneachta, an cróch agus an dáthabha geimhridh (winter aconite). Ar a bhfeiceáil dom den chéad uair glanann gruaim an gheimhridh dem chroí agus tuigim d’Ó Reachtabhra

Ó fágaim le uacht é go n-éiríonn mo chroíse, mar éiríos an ghaoth nó mar scaipeas an ceo.

Is faoin ngrian a fhásann an cróch, ach is im scáthghairdín mar a bhfuil formhór mo bhailiúchán raithneach, a fheicim an dá chineál eile, iad ag fógairt gur ann fós don bheatha, don dóchas, don athnuachan. Agus iad siúd fós faoi bhláth seo chugam na cromchinn, raidhse díobh idir luath agus mheánséasúr agus, faoi dheireadh, ag tús mí Mheithimh, bláthaíonn na cinn is bige, a meastar fúthu gurb iad an bunstoc iad agus gurbh ó Anatolia iad ó dhúchas. Iad beag íseal, ar éigean orlach leithid sna bláthanna íonbhuí agus gan thar sé orlach sa ghas. Na cromchinn uilig ag fás inár ngairdín taobh-bhóthair, pléascadh dathanna againn ar feadh míosa, ach is sna cinn beaga is mó spéis na ndaoine agus iad ag spaisteoireacht thart ar a ‘gconstituitional’. An cheist cheanna acu i gcónaí. Cá bhfuair mé iad. Tá siad agam leis na blianta agus ó thalamh an domhain ní cuimhin liom cérbh as dóibh.

Ar ndóigh, le fada an lá, tá brí ar leith le bláthanna, ar a mbronnadh ach go háirithe. Tharla lá go raibh mé sa líne san ollmhargadh agus triopall bláthanna im lámh agam. Arsa fear meánaosta liom “You must have been a really bad boy to go to so much trouble,” agus ar feadh nóiméid níor thuig cad chuige a bhí sé. “Not at all,” a deirimse. “An anniversary, then?” ar sé. Ach sé an chuimhne is daingne atá agam ar a leithéid sin tarlaithe ná lá eile agus triopall rós im lámh agam. Bean ar chomhaois liom le m’ais sa líne. “They’re lovely. For your wife?” ar sí. “Yes,” a deirimse. “Here I am married forty years and not a single flower did he ever bring me.” Dhíol mé as na bláthanna agus bhronn mé uirthi iad. Shil deor léi agus d’fhaisc sí lena huacht iad. D’éalaigh mé as an margadh. N’fheadar ar rug sí abhaile léi iad. N’fheadar cad dúirt a céile. N’fheadar ar éirigh eatarthu.

Tá ár róis faoi bhláth anois, buí agus dearg agus bándearg. Cuimhním ar an mbean úd.

Friday, June 26, 2009

‘Féile na nEalaíon is na nIdéanna’


I rith mí Mheithimh le tamall de bhlianta anuas reáchtáiltear féile i ngar dúinn in New Haven, Connecticut, agus ní taise don bhliain seo. A bhuí d’Ollscoil Yale, bíonn coirmeacha ceoil saor in aisce agus drámaí saor go leor ar fáil i rith na scoilbhliana, ach is i rith na Féile a thagann drámaí as an ngnáth chugainn. Ní hé go bhfuil mé féin an-tugtha do dhrámaí agus a leithéid, ach ós pósta mé le spéirbhean ar ollamh emerita le Béarla í agus an-dúil aici i ngach gné den téatar, téim léi go seó na dhó le linn na Féile.



I mbliana tá dhá chompántas Éireannacha páirteach sna taispeántais, 'The Barabbas Theatre Company' agus 'Gare St. Lazare Players Ireland'. “First Love” le Sam Becket a bhí ag Gare St. Lazare, agus deir mo chéile, atá thar a bheith carthanach d’aisteoirí agus do gach a bhaineanna leo, go raibh sé dothuigthe, rud nár chuir ionadh ar bith ormsa, siúd is go bhfaca mé faoi dhó “Waiting of Godot (Go Deo?)” agus nár thuig mé ó thalamh an domhain cad a bhí ar siúl. Ní gá dom a rá nach raibh mise i láthair ag an seó sin.


Scéal eile ar fad ab ea “Circus” a chuir 'Barabbas' i láthair. Sna nótaí cláir tugtar le fios dúinn gur faoi anáil “La Strada” le Fellini a scríobhadh an drama seo. Sorcas beag a chuir Fossett Family Circus m’óige i gcuimhne dom atá i gceist. Triúr príomhaisteoir, beirt Éireannach agus Gearmánach mná. Is scéal grá, caillteanais agus báis é ina n-úsáidtear aclaíocht ar an maide luascáin agus ar rópa fada mar mheafar ar fhás an chumainn idir beirt den triúr. Bhí an lucht féachana gafa ar fad leis an taispeántas, muidne ina measc. Ní raibh oiread is lúb amháin ar lár sa dráma agus d’fhág muid an amharclann agus muid fós faoi iontas agus faoi chomhbhá leis na carachtair. Má bhíonn sé d’uain ag éinne agaibh an seó seo a fheiceáil, tapaidh an deis. Cultúr Éireann a thug maoiniú don dá chompántas bheith i láthair ag an bhFéile.



Anocht beidh muid ag freastal ar “Dido agus Aeneas”, cineál opera-dhamhsa dar leis an gclár, ceol le Henry Purcell (1689), Libretto le Nahum Tate agus The Mark Morris Dance Group á chur i láthair. N’fheadar cad is ‘opera-dhamhsa’ ann, ach feicfimid.

Sunday, June 21, 2009




Aguisín

A bPort Seinnte

Le seachtain anuas, níl oiread is beach amháin feicthe agam ag triall ar an mbeachtheach, go fiú le linn eatraimh ón bháisteach atá ár gciapadh le breis is seachtain. Bhí sé de nós agam suí ar chathaoir i ngar don bheachtheach agus mé ag glacadh scíth ón ngarraíodóireacht. Ní bheidh aon ionadh ar Denis a léamh gur thosaigh mé ag amú aistear na mbeach. Beagán faoi dhá nóiméad a thóg sé ón am a d’fhág beach an teach go dtí gur fhill sí. OK, sin tomhaiste agam, b’éigean dom a gceann scríbe a fhionnadh. Ceann scríbe amháin, a mheas mé a bheith i gceist, mar gurbh ionann do thimthriall gach aon bheach. Mo chomharsa béal dorais, Maureen, tá lear mór ródaideandrón aici agus bhí siad uilig faoi bhláth tráth a raibh mé ag faire ar na beacha. B’in ceann scríbe dóibh. Má fhéachann tú go grinn ar an dá phictiúr atá ag dul leis an aguisín seo, feicfidh sibh líon na dtollán líonta séalaithe agus feicfidh tú freisin go bhfuil cúpla beach le feiceáil ag béal tolláin. Tá siad marbh, a ndualgas comhlíonta acu, “worked themselves to death”, measaim. N’fheadar cá bhfuil na beacha eile ach is dóichí ná a mhalairt go bhfuilid básaithe freisin. Cronóidh mé iad. Súil agam go mbeidh rath ar an saothar agus go mbainfear leas as an mbeachtheach an bhliain seo chugainn.

Tuesday, June 16, 2009

Cóiriú Coirp

(Seo sceite beag as cnuasach a bhfuil ‘Inné Agam Mar Chiste’ baiste agam air. Is faoi shaol mo mhuintire i mBÁC sna blianta idir 1940 agus 1965 a bhformhór. An scéal sa sceite thíos, tharla sé thart ar an mbliain 1951, ach ba sa bhliain 1962 a ríomh mo mháthair a t-iomlán dom.)

I ndiaidh dinnéir, bhuail Mrs. Kelly, comharsa linn, isteach chuici lá.
“Is dócha go bhfuil cloiste agat,” ar sí, “gur tháinig m’athair ar chuairt míosa chugainn le déanaí, ach gur bhuail taom croí é arú inné. Níltear ag súil go mairfidh sé an tseachtain.”
Ar ndóigh bhí an dochtúir agus an sagart aige cheana féin agus bhí an dochtúir le bualadh isteach air an mhaidin dár gcionn ach ba bheag a d’fhéad sé a dhéanamh seachas moladh dóibh é a choimeád ciúin compordach.
“Is iomaí dea-bhliain feicthe aige,” arsa an dochtúir léi, “agus thairis sin tá drochbhail ar a chroí agus brú fola thar na bearta aige.”
Bhí an scéal seolta chuig na gaolta i gcontae Loch Garman agus bheidís ar an traein aneas a luaithe a bhfaighidís an focal.

Ba é ba chúis di bualadh isteach ar mo mháthair ná cóiriú an choirp. Ní raibh aon taithí aici air sin. An dtiocfadh mo mháthair chun cabhrú léi tráth éagtha don seanfhear, mar bhí de cháil uirthi go ndearna sí cóiriú ar beagnach gach marbh a d’éag ar an tsráid seo ‘gainne.
Thiocfadh cinnte ach fios a chur uirthi. San idirlinn, mhol sí go mbeadh na héadaí adhlactha roghnaithe agus ar lámh aici.
D’fhill Mrs. Kelly abhaile agus chuaigh mo mháthair chun cainte lena comharsa bhéal dorais, Lil Collins, baintreach a raibh a céile, Jim, caillte le dhá bhliain.

“Cá bhfuil an seanfhear ina luí?” arsa Lil.
“Thuas staighre, is dócha,” arsa mo mháthair
“Mholfainn dóibh a leaba a chur sa seomra suí, an seanfhear a iompar síos agus é a chur ina luí inti. Is cuimhin leat cé chomh deacair a bhí sé an chónra, agus corp Jim inti, a iompar síos staighre. Tá na scríoba ar an mballa fós.”
Moladh sin do Mrs. Kelly agus rinneadh amhlaidh. M’athair agus Mr. Kelly a d’aistrigh síos an leaba agus an seanfhear.

D’éag an seanfhear an tráthnóna dár gcionn agus tar éis dinnéir chuaigh an bheirt bhan go teach an mhairbh.
“In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,” arsa Lil agus mo mháthair i dteannta le chéile agus uisce coisricthe á chroitheadh acu ar an gcorp agus ar a lámha féin.
“Rásúr, báisín uisce, tuáillí, cíor, na fiacla saorga agus an chulaith, led thoil,” arsa mo mháthair agus í ag leagadh dhá bhonn ar na súile iata agus ansin á gclúdach le ciarsúr.
“Cleas sin an chiarsúir,” arsa Lil, “sin cleas a d’fhoghlaim tú uaimse, Maud. I Maigh Eo agus mé ag éirí aníos, dhéantaí sin chun nach mbeadh náire ar an bhfear marbh agus mná seachas a chéile féin ag baint lena chorp nocht.”
“Maith an chomhairle í,” arsa mo mháthair.

Fad a bhí Mrs. Kelly ag bailiú a raibh de dhíth orthu chun an cóiriú a chur i gcrích, bhí an corp nochta ag an mbeirt. Dhírigh siad na géaga íochtaraigh mar bhí an corp craptha sa leaba agus iarracht de righneas ag teacht air cheana féin.
“Ba chóir dóibh sin a dhéanamh láithreach,” arsa mo mháthair, “sin, nó bíonn ort na géaga a bhriseadh chun iad a dhíriú. Fuath liom sin.”
Fear ard ab ea é, geall le sé throigh ar airde. Thug siad faoin aghaidh a mhúnlú chun suaimhnis, rud a dhéanfadh siad arís is arís eile i rith an chóirithe chéanna.
“Tomhaisimis é,” arsa Lil agus í ag baint miosúir as a póca. “Beidh an t-eolas sin de dhíth ar an adhlacóir le haghaidh na cónra.”

Nuair a d’fhill Mrs. Kelly lig sí scread aisti ar fheiceáil di corp nocht a hathar.
“Cad tá déanta agaibh?” ar sí, “nó cén fáth ar bhain sibh a léine de? Sé m’athair é agus ní fhaca riamh nocht é. Eisean náirithe agaibh agus mise freisin.”
“Fuist anois,” arsa mo mháthair. “Caitear an corp a ní. Tá sé fliuch le mún agus salaithe le cac. Sin mar a tharlaíonn i dtólamh tar éis báis do dhuine. Ní easpa urraime atá i gceist, ach a mhalairt ar fad.”
“Maith dom an racht,” arsa Mrs. Kelly. “Tuigim nach easpa urraime ba bhun leis. Ní raibh ann ach nach raibh aon súil agam leis. Ní fhaca riamh nocht é agus bhain sé geit asam.”
“Is mar sin an scéal i gcónaí,” arsa mo mháthair, “an chéad uair a fheiceann duine corp á chóiriú, go mór mór más tuismitheoir é. Ná bí ag caitheamh anuas ort féin.”

Nuair a bhí gabhal agus mása an choirp nite acu, leag siad tuáille anuas air óna imleacán gona ghlúine agus lean leis an obair.
“Anois,” arsa mo mháthair, “an rásúr.”
Bearradh aghaidh an fhir agus gearradh na h-ingne. Cuireadh na fiacla isteach sa bhéal agus múnlaíodh an aghaidh arís.
Sin déanta, níodh agus cíoradh folt bán an tseanfhir.
“Iontach chomh tiubh is atá an folt sin,” arsa Lil.
“B’in ba dhual d’fhir a mhuintire,” arsa Mrs. Kelly
“Anois,” arsa mo mháthair, “b’fhéidir gur fearr duit bualadh amach as an seomra anois.”
“Tuige?” arsa Mrs. Kelly
“Táimid chun corc a chur sa tóin air.”
Ba bheag nár thit Mrs. Kelly i bhfanntais.
Sula raibh d’uain aici focal a rá míníodh dí faoi na putóga a bheith fós ag oibriú agus ag silt leachta is gáis. Chuirfeadh an corc bac ar sin.
“Fágfaidh mé fúibh é mar sin,” ar sí ag tabhairt an doras amach uirthi féin.

D’fhill sí i gcionn tamaillín agus í beagán liath san aghaidh fós. Bhí an beart déanta agus chromadar triúr ar an gcorpán a ghléasadh.
“Iontach maith an chulaith seo,” arsa Lil. “Trua í ag dul faoin bhfód leis.”
“Sé an ceann is fearr aige í,” arsa Mrs. Kelly.
“Faigh na cinn eile,” arsa Lil.
Dhá chulaith eile a bhí ag an bhfear. Iad araon gan smál.
“Bhí sé riamh bródúil as a chuid éadaí,” arsa a iníon. “Ceann aige le haghaidh Aifreann an Domhnaigh, ceann eile le haghaidh bainise agus an tríú ceann, an ceann is duibhe, le haghaidh tórramh agus adhlacadh.”
“Cad faoi éadaí an Domhnaigh a chur air,” arsa mo mháthair, “óir cé go bhfuil siad beagán níos caite ná na cinn eile, tá an-bhail orthu fós.”
“Agus na cinn eile?”, arsa Mrs. Kelly.
“Sé is nós dúinne,” arsa mo mháthair, “iad a bhronnadh ar dhaoine a mbeadh siad de dhíth orthu.”
“Rith sé liom iad a thabhairt don Naomh Uinseann,” arsa Mrs. Kelly.
“Dóibh siúd is neasa duit is fearr,” arsa Lil. “Nach bhfuil seaicéad Jim á chaitheamh fós ag mac Maud.”
Agus b’fhíor di agus ba ghalánta an seaicéad é.
“Chuala mé le déanaí,” arsa mo mháthair, “go bhfuil Bill Murphy briste as a phost agus é anois ag lorg oibre de ló is d’oíche, ach gan le caitheamh aige ag agallamh ach a ghnáth-éadaí seanchaite. Ba mhór aige culaith mar seo agus é ar chomhairde, measaim le d’athair freisin.”
“Tuigim,” arsa Mrs. Kelly. “An ligfidh tú an focal lena bhean?”
“Ligfidh cinnte,” arsa mo mháthair. “An mbeadh bróga agat le dul léi?”
“Cad faoi do chéile féin?” arsa Lil.
“Níl sé ar chóimhéid ná ar chomhairde lem athair. Chaithfí an chulaith a athrú agus níl an scil sin agamsa,” arsa Mrs. Kelly.
“Fadhb ar bith,” arsa Lil. “Faigh tusa tomhais do chéile agus déanfaimid triúr an jab in éineacht. Ní bheidh ann ach obair lae amháin.”

Agus leanadar mar sin, an corp á chóiriú acu agus éadaí an mhairbh á roinnt acu orthu féin agus ar a lucht aitheantais a raibh gá acu leo. Múnlú deiridh ar an aghaidh, píosaí olla cadáis sáite isteach idir fiacla agus leicinn agus bhí an jab déanta.
“Cupán tae?” arsa Mrs. Kelly.
“Ba bhreá liom sin,” arsa mo mháthair.
“An mbeadh braonín níos láidre ná sin agat?” arsa Lil. “Obair ghoilliúnach go leor déanta againn anocht agus tart dá réir orm.”

Sunday, June 14, 2009

Barra Géinathraithe.

Tá an t-agallamh idir John Allen agus Sean Mc Donagh léite agam agus, ar an drochuair, agallamh aontaobhach (?) claonta a bhí ann: bogcheisteanna ar thaobh amháin agus freagraí fuinniúla gan imir de dhabht ag baint leo ar an taobh eile. Ní hé sin le rá nach raibh cuid den fhírinne ina raibh san agallamh. Sul a dtéim níos faide leis an ‘comment’ seo, ba chóir dom a rá gur chaith mé tamall de bhlianta mar thaighdeoir le comhlacht Eli Lilly agus baint imeallach agam leis an móriarracht a bhí acu i dtaighde talmhaíochta, fiailnimheanna agus feithidicídí roghnaíocha san áireamh.

OK, sin ráite agam, is fiú súil a chaitheamh siar ar conas a thángthas ar an rud ar a dtugtar ‘RoundUp Ready©’. Go fiú sna seascaidí seo caite, bhí fadhb na bhfiailí ar an bhfadhb ba mhó ag feirmeoirí arbhair i gcroílár Mheiriceá, an Midwest mar a thugtar air. Comhoibrí liom ag Eli Lilly, tháinig sé ar chomhdhúil, Treflan©, a chuir an ruaig ar na faillí leathandhuille gan dochar a dhéanamh don arbhar. Measaim go bhfuil an chomhdhúil céanna ar fáil fós ainneoin go bhfuil an phaitinn as feidhm le fada an lá. Bhí Treflan roghnaitheach, rud nach fíor do RoundUp, a mharaíonn gach planda, nó sin a mhaitear. Ach an fíor sin?

Ní fíor. Tá glac bheag de phlandaí ann atá frithsheasmhach i gcoinne RoundUp, agus, go teoiriciúil, d’fhéadfaí an ghéin a bhí freagrach san fhrithsheasmhacht a fháil ó cheann ar bith den ghlac sin, ach b’as Agrobacterium tumefaciens a bhfuarthas an ghéin a úsáideadh chun barraí RoundUp Ready a chur ar fáil. Ach ní sin iomlán an scéil. B’éigean leas a bhaint as géineacha eile chun suiteacht géin na frithsheasmhachta a dheimhniú agus a bhuanú agus ós rud é gur dóichí ná a mhalairt go gcódaíonn géin do phróitéin, próitéin nach raibh sa bhunphlanda, sin rud a chuireann as go mór do roinnt daoine. Soighe ab ea an chéad bharr a cuireadh ar fáil a raibh an tréith sin ann. Tá léite agam go bhfuil suas le 85% den soighe a chuirtear sna Stáit Aontaithe RoundUp Ready.

Scéilín beag barrúil agam faoin tionchar a bhí ag RoundUp ar thaighde Eli Lilly. Bhí feirm taighde ag an gcomhlacht fiche míle siar ó chathair Indianapolis, cathair mar a raibh na príomhshaotharlanna a raibh mise ag obair iontu. Pé ar bith é, agus mise ar tí aistriú go comhlacht eile, cuireadh gach uile thréithchineál den arbhar Indiach a raibh fáil ag Eli Lilly air ag fás i ngort mór san fheirm taighde. Fanadh go raibh na plandaí in airde dhá throigh. Ansin, spraeáladh le RoundUp iad. Planda amháin a tháinig slán agus b’ait an feic é ina sheasamh go lom díreach glas i measc a chomhphlandaí feoite, ach n’fheadar féin cén toradh praiticiúil a bhí ar an turgnamh sin. Seans maith ann gur chumasc de ghéineacha ba chúis le frithsheasmhacht an phlanda sin, toradh a chuirfeadh go mór le deacracht an taighde.

Fillimis anois ar na slite atá ann chun teacht ar thréithchineál nua de phlanda. Tá ar a laghad trí
shlí ann: trí thimpiste, trí chrosphórú agus trí bhitheolaíocht mhóilíneach.

Trí thimpiste:
Na hathruithe is tábhachtaí i gceansú arbhair, tharla siad trí thimpiste. Sa nádúr, a luaithe a aibíonn an dias ar phlanda féarach (Gramineae) scaiptear an síol, rud nach n-oireann do bhailiú an tsíl mar bhia. Tharla ar uaire, go bhfuarthas dias nár scaip an síol láithreach. Níorbh chun leasa an phlanda an t-athrú sin, ach ba do leas an chine dhaonna é agus, diaidh ar ndiaidh, bailíodh an síol óna leithéid sin d’arbhar go dtí go raibh idirdhealú suntasach idir na plandaí fiáine agus na cinn ceansaithe. Is ar an gcuma sin a ceansaíodh cruithneacht, eorna, seagal, coirce, arbhar Indiach agus rís. Timpiste a thug mé ar ar tharla, ach d’fhéadfaí tuaiplis nó tuisle a thabhairt air freisin, mar ba de thoradh míléamh ar DNA an phlanda a fágadh an dias i staid neamhscaipeach (non-shattering).

Trí chrosphórú:
Agus mé im óige, níorbh annamh do stoirm báistí barr arbhair a leagadh, é sleabhctha (lodged). Tháinig feabhas mór ar an scéal nuair a crosphóraíodh arbhar gearrshifín (short stemmed) leis an gcineál fadsifín a bhítí ag fás ag an am. Ar an gcaoi chéanna thángthas ar thréithchineálacha nua de chruithneacht a bhí frithsheasmhach i gcoinne na smoirte dhuibhe, (Puccinia graminis tritici) (black stem rust). Faoi láthair na huaire, áfach, tá cineál smoirte ar a dtugtar Ug99 ag déanamh slad ar chruithneacht sa Afraic agus sa Mheánoirthear agus, go bhfios dom, níl leigheas ar an ngalar seo fionnta fós. N’fheadar faoi láthair an trí chrosphórú nó trí bhitheolaíocht mhóilíneach a thiocfar ar an leigheas sin.

Trí bhitheolaíocht mhóilíneach:
Leis an dul chun cinn suntasach atá déanta ar mhodhanna chun géanóm iomlán a sheicheamhú (sequencing an entire genome), is féidir teacht ar ghéineacha a bhronnann tréithe ar leith ar phlandaí: iad a bheith ábalta fás ar bheagán uisce, mar shampla. Sampla eile is ea tréithchineál ríse a bhfuil vitimín D sa síol. Pé rud faoin gcéad sampla a luaigh mé thuas, ní dóigh liom gurbh fhéidir an dara ceann a thabhairt chun críche in éagmais na bitheolaíochta móilíní.

Só, a chairde, cad é an tátal a bhainfidh sibh as a bhfuil scríofa agam thuas? An gcreidfidh sibh fós gur rud le seachaint iad bianna géinathraithe, nó an nglacfaidh sibh leis an tuairim gur bealach é an géinathrú a oireann ar uaire d’fhuascailt faidhbe nach bhfuil bealach ar bith eile ann chun tabhairt fúthu? Is léir mo thuairim féin, ach ní lia duine ná tuairim.

Thursday, June 4, 2009











An Garraíodóir agus Cosantóir na mBilí.



(Ár gcoill bheag i bpictiúr a haon, an radharc ó dheas sa dara ceann. Ceapacha ardaithe i bhfad siar in uimhir a haon.)

Is ar chúl an tí atá formhór ár n-acra talún. Ag dearcadh dom ó thuaidh tá crainn mhóra thaobh teorann ár gcomharsan. Soir tá ár gcoill bheag, caoga bliain ar a laghad ag gach ceann díobh, agus ó dheas tá, arís, crainn arda ár gcomharsan eile. Sea, tá muid teanntaithe, iata isteach, ag crainn. Ag bun an ghairdín tá píosa beag talún sa chúinne thoir thuaidh a d’fhaigheadh dreas maith gréine i rith an lae agus b’ansin a chuir mé súnna craoibhe, asparagas, agus fraocháin ghorma ag fás. I gceapacha ardaithe sa láthair chéanna bain mé barraí maithe prátaí, oinniúin, cairéid agus a leithéid eile.

Fillimis anois ar na crainn. Fásann siad, téann siad in airde agus i leithne agus is ag leathnú a bhíonn a scáth ó bhliain go chéile. Deich mbliana ó shin bhain mé 30 kilo de shúnna craoibhe, ach anuraidh ní raibh agam ach deich kilo. Ceithre bliana ó shin bhí raidhse trátaí agam sa chaoi go raibh orm an farasbarr a bhronnadh ar na comharsana i ndiaidh dom caoga kilo a channú. Anuraidh ní raibh thar 5 kilo san iomlán agam. Níl trácht a thuilleadh ar chairéid nó ar oinniúin.
Anois, is ionúin liom crainn, go mór mór na cinn mhaorga, an dair agus an hicearaí, ach tá siad ar tí mé a dhíbirt ó mo ghairdíní glasraí a bhfuil a leath díobh faoi raithnigh éagsúla faoi láthair. Raithnigh? a deir tú. Sea, ach sin ábhar ailt eile. An fhuascailt? Cúpla crann a leagadh. An fhadhb? Cosantóir na mBilí, mo ghrá geal, mo chéile, an té is ionúine liom ná na crainn, ná na glasraí. I gcás mar seo is fiú ceann de mhanaí Talleyrand a thabhairt chun chuimhne: "Surtout, pas trop de zèle." Idirbheartaíocht atá ar siúl againn le dhá bhliain anuas a bheidh mar thoradh uirthi (más is gceart a dhéantar í) réiteach chomhshásúil: géillimse seo duitse agus géilleann tusa siúd domsa. Seo scenario amháin, ach cuimhnigh go bhfuil céad, míle, milliún díobh ann agus n’fheadar fós cén cruth a bheidh ar an réiteach, más ann dó.
“Dhá aiteal, dhá dhair agus dhá chonbhaiscne le leagadh.”
“Dhá aiteal.”
“Dhá aiteal, dhá dhair, conbhaiscne amháin agus ualach múirín.”
“Dhá aiteal, dair amháin agus ceapach ardaithe nua.”
“Dhá aiteal, dair amháin, an cheapach ardaithe agus ceathrúmhéadar ciúbach de mhúirín.”
“Aiteal amháin, dair amháin maille leis an gceapach nua agus leathmhéadar de mhúirín.”
Réiteach?

Wednesday, June 3, 2009

An Cheimic............


Mar atá ráite agam ar mo bhlag, ba cheimiceoir mé agus chaith mé breis is tríocha bliain mar cheimiceoir orgánach, mar cheann feadhna/foirne agus mar leasuachtarán taighde i gcomhlachtaí cógaiseolaíochta éagsúla anseo sna Stáit Aontaithe. Ó scoir mé den cheird sin tá méadaithe ar mo shuim sa scríbhneoireacht, sa gharraíodóireacht agus ó am go chéile i litríocht na Gaeilge, sa MheánGhaeilge agus sa tSeanGhaeilge, ach seachas mo shuim sa Dán Díreach, a bhuí sin do Damian McManus, is beag m’eolas fós ar na gnéithe sin den teanga. Foilsíodh an píosa thíos in Comhar, Deireadh Fómhair, 2005, tráth nach raibh na polaiteoirí agus a lucht tacaíochta ar cur isteach ar eagarthóireacht na hirise.

An Cheimic, An Dán Díreach agus An Chócaireacht

Le Seán O’Connor

Bliain nó dhó ó shin bhíos ag caint le cara liom a dúirt go raibh mac leis chun tabhairt faoin Eolaíocht san ollscoil, faoin gCeimic ach go háirithe. N’fheadar cad a spreag ag an am mé, ach d’fhiafraigh mé de conas a d’éirigh leis an mac sna teangacha san Ardteist.
“Go measartha maith,” ar sé, “ach tuige tú ag díriú ar na teangacha agus an Cheimic faoi chaibidil againn?”
“Níl mé cinnte cad a spreag mé,” mar fhreagra agam air, “ach tá nóisean éigin ag borradh im cheann istigh, ach ní léir dom fós cad é.”

Well, d’fhill mé ó am go ham ar an ábhar smaointe sin ach, arís, níor ghlan na scamaill dem intinn. Ansin, leathbhliain ó shin, dhúisigh mé i lár na hoíche agus fuascailt na faidhbe agam. Is teanga í an Cheimic, a bhfuil gramadach, comhréir, infhilleadh, litríocht, filíocht agus áilleacht dá cuid féin ag baint léi. Agus an codladh am scuabadh chun siúil, bhuail smaoineamh eile mé. Más teanga í an Cheimic, sé atá sa tsintéis orgánach ná an Dán Díreach.

Sular scoir mé den obair blianta beaga ó shin bhí breis is tríocha bliain caite agam mar cheimiceoir taighde i dtionscal na cógaiseolaíochta. Níor shaoi den chéad ghrád sa Cheimic mé. Siad seo na teidil a thagann anuas dúinn ó ré an Dáin Dhírigh: Ollamh, Ánruth, Clí, Cano, Dos, Macfhuirmid agus Fochloc. Cinnte, níorbh Ollamh mé, ach cén teideal a d’fheilfeadh domsa? Déarfainn gur Chlí den chuid is mó mé ach gurbh Ánruth mé uair nó dhó le linn mo shaol taighde. Cuma, mar bhí aithne mhaith agam ar cheimiceoirí arbh Ollamh cruthanta sintéise gach duine díobh, agus mé i gcónaí faoi dhraíocht agus iad ag cur síos ar shlite nua a bhí ceapaithe acu chun comhdhúil a chur le chéile.

I ngach comhdhúil cheimiceach tá feidhmghrúpaí, na grúpaí ar féidir athrú ceimice a chur i bhfeidhm orthu. Go fiú i gcomhdhúil bheag d’fhéadfadh deich ngrúpa éagsúla a bheith inti agus saintréithe agus imoibríocht dá chuid féin ag gach grúpa. Sé a bhíonn le déanamh ag an gceimiceoir ná athrú a dhéanamh ar ghrúpa amháin gan na grúpaí eile a chur as a sainriocht.

Dar le daoine áirithe, is geall le cluiche fichille a leithéid de shaothar, mar i gcónaí sé a bhíonn ag déanamh scime don cheimiceoir ná “Má dhéanaim seo, cad tharlóidh dó siúd, nó an féidir é a chosaint?” Tharlódh gur féidir agus sin an chéad chéim i sraith céimeanna a d’fhéadfadh fiche céim a bheith inti. I gcónaí agus duine ag meá imoibrithe cheimicigh, caitear a thionchar a mheas ar gach grúpa eile sa chomhdhúil. Agus b’in a chuir ag smaoineamh ar an Dán Díreach mé.

Sa Dán Díreach, má athraíonn an file go fiú siolla, ní áirím focal, i líne ar bith, seans maith ann go gcuirfear an mheadaracht as riocht. Líon na siollaí, rialacha na meadarachta atá idir lámha aige, uaim, comhardadh (briste agus slán), rinn agus airdrinn, amas, uaithne agus bá, gan trácht ar an dúnadh. Tá an file teanntaithe ag na riachtanais seo agus a chomhfhilí le bheith sa mhullach air má sháraítear ceann ar bith díobh.

Sea, ar mé liom féin, an codladh am sciobadh ar siúl, sin iad na leaideanna a bheadh uainn agus muid ag iarraidh teacht ar scéim nua shintéise. Chonacthas dom iad, gach neach díobh ina luí siar ina oifig féin sa tsaotharlann, an solas múchta, na súile druidte, iad ag cumadh is ag athrú, ag meá is ag scriosadh go dtí go nochtann duine díobh agus go ndruideann leis an gclár dubh chun a scéim shintéise a bhreacadh síos, féachaint an bhfuil locht ag éinne uirthi.

Claonann a chomhshaoithe i dtreo an chláir dhuibh, a monabhar siosarnach mar thionlacan cúlrach do scríobadh na cailce: struchtúr i ndiaidh struchtúir, imoibriú i ndiaidh imoibrithe, líne ar líne, ina ranna. Agus aghaidh an chláir dhuibh líonta aige, tiontaítear droim ar aghaidh é agus leantar leis an scéim.

“Bhur léirmheas?” arsa an t-údar, smear d’allas le feiceáil ar a éadan. Tost ar feadh scaithimh. Ansin,
“Mínigh.”
“Deacair.”
“Costasach?”
“Neamhthriallta.”
“Suimiúil.”
“Úrnua.”
“Ceannródaíoch.”
“Seoigh.”
“Samhailteach.”
“Taibhseach.”
“Thar a bhfaca mé riamh.”
Agus ar dheireadh thiar, táthar ar aon intinn.
“Álainn.”
Agus cad a bheidh aige mar aitheantas ar an éacht chruthaitheach seo? Bó, a deir tú? Avae leat!

An Duais Nobel d’Eochaidh Ó hEódhasa as Gabolga-taicsin (aka Tetrodotoxin) a shintéisiú.
“Is geall le filíocht den scoth an tslí a leanann na céimeanna áille samlaitheacha sintéise ar shála a chéile go dtí go sroichtear an sprioc,” dar leis an gCoiste Nobel.

Agus cad fúinne, muidne nach bhfuil ar ár gcumas na hadaimh a chur ag rince go foirfe? Cleachtaimid an t-óglachas, ar ndóigh, muid ag iarraidh, lá i ndiaidh lae, aithris a dhéanamh ar na déithe. Lag-iarracht, cinnte, ach iarracht mar sin féin. OK, a deir sibh, ach tuige gur luaigh tú an chócaireacht?

Agus mé éirithe le tamall as an obair, fuaireas cuireadh chun cóisire agus bhí buíon dem iar-chomhleacaithe i láthair, ceimiceoirí iad uilig. Cuid acu scortha cheana féin, cuid ag obair fós. Arsa duine díobh siúd liom agus é ag síneadh beorach chugam:
“Cad a bhíonn agat mar chaitheamh aimsire anois?”
“Ó,” a deirimse, “tá go leor idir lámha agam idir ghiotaí scríbhneoireachta, bheagán múinteoireachta, na garraithe agus an chócaireacht.”
Níor thúisce an focal cócaireacht luaite agam nó gur bhailigh triúr nó ceathrar eile thart orainn.
“Sea, an chócaireacht,” a deirimse. “Tá mé ag ceapadh go dtaitníonn an chócaireacht liom mar tá inti macalla, mar a déarfá, dem thaighde saotharlainne. Leanaim oideas, blaisim, rithim an turgnamh an athuair le mion-athruithe, blaisim arís. Athrú beag eile, agus ar dheireadh thiar thall, déanaim mo chuid féin de.”
“Mó dhála féin,” arsa beirt den chomhluadar d’aon ghuth.
“An bhfuil moladh ag éinne agaibh,” arsa duine díobh, “faoin tslí is fearr chun rís basmati a réiteach agus cad iad na foinsí is fearr spíosraí?”

Mé ag feadaíl liom ar mo shlí abhaile ón gcóisir, mar chonacthas dom gurbh eiseamláir é seo den rud ar a dtugtar ‘rotha mór an tsaoil’: mé im óige sa chistin, ag foghlaim óm mháthair conas oideas a leanúint, mé ag dul leis an gCeimic; mé á cleachtadh, mé fillte anois ar an gcistin, garmhac liom ag foghlaim uaim conas arán caiscín a dhéanamh.
“Cad faoi glac rísíní a chur leis an tráth seo,” ar sé, “féachaint an gcuireann siad leis an mblas?”
“Rithimis an turgnamh,” a deirimse, “féachaint cad is toradh dó.”