Sunday, May 31, 2009

An Garraíodóir agus na Beacha Fiáine



Ar an taobh ó dheas den teach, i gcoinne balla an gharáiste, tá trí chrann thorthaí agam, iad á dtraenáil agam i bhfoirm espalier, sé sin le rá fás déthoiseach orthu seachas tríthoiseach mar is nádúr dóibh (pictiúr a haon). An crann is sine orthu, is crann piorra áiseach é (Pyrus pyrifolia). Na cinn eile is crainn silíní iad a deirtear fúthu go bhfuil siad féinphailnithe. Ní hamhlaidh don chrann piorra. Le blianta beaga anuas, tá líon na bpiorraí dulta i laghad agus níl de mhíniú agam air sin ach go bhfuil easpa pailniú ar na bláthanna. An Nollaig seo caite bronnadh ‘teach beach’ orm. É le feiceáil crochta ar an mballa sa phictiúr. Ní ann le fírinne ach cnuasach de giotaí bambú sáite isteach i bhfráma. Agus na crainn ar tí bláthú, chrochas an teach féachaint cad a tharlódh. Láithreach thosaigh na beacha fiáine (Osmia lignaria) ag taithí an tí. Lá gréine is iontach le feiceáil iad ag teacht is ag imeacht, gach beach dírithe ar a tollán féin, seachas beach amháin nach cuimhin léi cad is tollán di. Dealraíonn gur baineannach iad na hoibrithe go léir. Níl de chúram saoil ag na beacha fírinneacha ach bheith ag ithe, ag ól agus ag bualadh leathair. Iompraíonn an bheach pailin agus neachtar isteach go cúl an tolláin agus nuair a bhíonn a dóthain suite aici, leagann sí dhá ubh agus séalaíonn sí an t-iomlán le pluga láibe. Is gnáth gur baineannach iad na beacha a thiocfaidh as an gcuid sin den tollán. Leantar leis and obair: bia, uibheacha, pluga, go dtí go mbíonn an spás go léir líonta aici. (pictiúr a dó) Na huibheacha deireanacha, is astu siúd a thiocfaidh na beacha fireannacha le go mbeidh scata díobh ann le fáilte a chur roimh na beacha baineannacha nuair a thiocfaidh siad amach an bhliain seo chugainn. Faoi theacht an fhómhair beidh beach nó dhó i ngach earnáil den tollán, iad faoi gheimhriú go dtaga deireadh mí Aibreáin. OK, is leor sin d’eolaíocht. Sí an cheist atá agaibh ná an raibh aon fheabhas ar an ‘fruit set’? Ó, by Dad, bhí, agus a thrí oiread de mhionphiorraí agam i mbliana ná mar a bhí agam anuraidh.

7 comments:

  1. Is álainn an teach beiche sin. Tá cinn eile feicthe agam atá cosúil bord "cribbage", ach na toill a bheith níos mó. Ní raibh a fhios agam an raibh aon mhaith iontu. Is léir go bhfuil. Bail ó dhia ar na piorraí!

    ReplyDelete
  2. Dennis, Bord Cribbage, a deir tú. Well, chonac féin alt faoin a leithéid agus rinne iarracht tamall de bhlianta ó shin a mhacasamhail a dhéanamh. Ar an drochuair chrochas in áit mhí-oiriúnach é agus níor tháinig ach beach nó dhó chuige agus mar bharr oilc ar an scéal, níor mhair ceann ar bith dá raibh de bheacha nua ann. Thugas suas de mar sheift. Is gá don ‘beachtheach’ bheith dírithe ó dheas le go bhfaighidh sé cibé teas a thagann ón ngrian le linn an gheimhridh. Ina éagmais sin, éagann na beacha a bhíonn faoi gheimhriú ann.

    ReplyDelete
  3. Chuala mé dord faoin mblag nua seo...

    Maith thú.

    ReplyDelete
  4. An daonlathas atá ag na beacha seo? Seachas banríon, dordanna agus oibrithe?

    ReplyDelete
  5. recté: ladrainn seachas dordanna

    spéisiúl go bhfuil an chiall gadaí leis an bhfocal seo freisin

    ReplyDelete
  6. Ní cnuasbheacha iad. Tá siad go huile agus go hiomlán aonaránach. Mar a dúrt sa bhlag, na beacha fireannacha ‘ag ithe, ag ól agus ag bualadh leathair’, na beacha baineannacha ag saothrú ar a ndícheall go dtí go n-éagann siad, fadsaol míosa acu de ghnáth.

    ReplyDelete